nuacht

Ollscoil Luimnigh - Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

An Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile

An Dioplóma Gairmiúil i gCeannaireacht Scoile
Sraith Ghaeilge

Céard é an Professional Diploma in School Leadership?

Dioplóma iarchéime i gceannaireacht scoile atá forbartha ag Ollscoil Luimnigh (OL),
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (OÉG) agus an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
(COBÁC). Tá tacaíocht ag an gClár ón Lárionad Ceannaireachta Scoile (CSL).

Níos mó eolais ar fáil anseo.

 

Creidim Ionat

Is feachtas é Creidim Ionat faoi stiúir meantóirí a bheidh á chur i láthair ag láithreoirí Beo ar Éigean ó RTÉ – Áine Ní Bhreisleáin, Sinéad Ní Uallacháin agus Siún Ní Dhuinn. Beidh gach duine acu ag déanamh meantóireachta ar thriúr pearsaí cáiliúla, Michael Fry (fuirseoir), Marty Morrissey (láithreoir agus tráchtaire de chuid RTÉ) agus Marissa Carter (bunaitheoir agus príomhfheidhmeannach Carter Beauty), chun sprioc theanga phearsanta a bhaint amach. Leanfaidh an pobal a n-aistear ar feadh cheithre seachtaine an fheachtais, agus Beo ar Éigean ag cothú muinín ina meantaithe gur féidir leosan freisin roinnt Gaeilge a labhairt.

Ach is féidir leatsa páirt a ghlacadh freisin! Más mian leat a bheith i do chainteoir Gaeilge, seo í do dheis! Aimsigh cainteoir Gaeilge ar na meáin shóisialta nó i do shaol féin a thabharfaidh misneach agus tacaíocht duit mar mheantóir. Mínigh cad é gur mhaith leat a bhaint amach agus aontaigh ar sprioc a bheidh bainte amach roimh dheireadh an fheachtais ar an 11 Samhain 2022.

Níos mó eolais anseo.

Folláine san Oideachas

An próiseas FMS a úsáid chun timthriall athbhreithnithe agus forbartha um chur chun cinn folláine a thionscnamh.

Níos mó eolais anseo.

Eipic! Tairiscint Speicialta

Eipic!

Irisleabhar Gaeilge do Dhaltaí.

Oiriúnach d’ardranganna bunscoile agus do ranganna iar-bhunscoile (an chéad agus an dara bliain)

Cuir ordú isteach anois agus gheobhaidh tú an chéad mhí saor in aisce.

Chun Eipic! a ordú seol r-phost chuig Pádraig ag [email protected] nó cuir glao ar 087 657 9415.

IRISEOIRÍ AN LAE AMÁRACH


Sábháiligí na dátaí!

IRISEOIRÍ AN LAE AMÁRACH

Ar ais don tríú bliain as a chéile!

Ar an ardán Zoom idir 7 – 9 Márta 2023

Cúrsa in iriseoireacht do scoláirí idirbhliana.

Dírithe ar scoláirí in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre.

Chláraigh os cionn 1,600 scoláire don chúrsa anuraidh.

Tuilleadh eolais ag teacht.

Leabhrán Téarmaí – Ar fáil ar líne

Leabhrán téarmaí do scoláirí na chéad bhliana i nGaelcholáistí, in iar-bhunscoileanna Gaeltachta nó in Aonaid lánGhaeilge.

Ar fáil anseo.

Tá an acmhainn seo dírithe ar scoláirí agus ar mhúinteoirí araon le cabhrú leo agus le tacaíocht a thabhairt dóibh leis na dúshláin seo thíós agus scoláirí agus múinteoirí ag tosú ag obair le chéile sa chéad bhliain.

Do na scoláirí:

– Sealbhú na n-eocharfhocal / na téarmaíochta nua trasna an churaclaim sna hábhair iar-bhunoideachais ar fad / léaráidí simplí chun focail dheacra a léiriú

– Cabhair maidir le cuid den téarmaíócht a bhaineann le suíomh na scoile nua a thuiscint agus a shealbhú

– Tuiscint a fháil ar úsáid téarmaí gramadaí agus tuiscint agus feasacht a fháil ar cén fáth a n-athraíonn focail sa Ghaeilge ag brath ar an gcomhthéacs

– Simpliú ar mhúineadh agus ar shealbhú na gramadaí ón gcéad bhliain ar aghaidh

– Téarmaí teicneolaíochta agus acmhainní ar líne a bheith ar fáil in aon áit amháin

– Tuiscint a fháil ar úsáid na mbriathra gnímh

Do na múinteoirí:

– Cabhair agus tacaíocht maidir le múineadh na téarmaíochta sna hábhair go léir

– Treoir phraiticiúil don mhúinteoir ábharbhunaithe i suíomh tumoideachais

– Acmhainn soléite agus inúsáidte don mhúinteoir céad bhliana

– Simpliú ar ghramadach na Gaeilge dóibh siúd nach bhfuil aon staidéar déanta acu uirthi

– Cabhair agus tacaíocht maidir le múineadh na gramadaí i gcomhthéacs

– Cabhair agus tacaíocht maidir le haidhmeanna na scoile i leith litearthacht na Gaeilge a chur i bhfeidhm sa scoil agus spléachadh ar litearthacht sna teangacha go léir

– Tacaíocht do phróiseas feabhsúcháin na scoile mar chuid den fhéinmheastóireacht scoile ar bhonn scoile uile

An Tairseach agus Mol Mata – Ceardlanna

Is cúis áthais do COGG go bhfuil An Tairseach, suíomh le haghaidh acmhainní teagaisc do mhúinteoirí bunscoile, agus Mol Mata, suíomh le réimse uirlisí agus láimhseoga ar líne, cluichí agus gníomhaíochtaí ceannoscailte, ar fáil do mhúinteoirí bunscoile anois.

Beidh roinnt Ceardlanna Bunscoile aghaidh ar aghaidh ar siúl i mhí Mheán Fómhair agus i mhí Dheireadh Fómhair.

Sna ceardlanna seo beidh deis ag múinteoirí foghlaim conas na huirlisí idirghníomhacha agus láimhseoga atá mar chuid de Mhol Mata a úsáid go héifeachtach.

Beidh deis ag múinteoirí foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí trí mheán na Gaeilge atá ar fáil ar an Tairseach freisin.

Cliceáil ar na naisc thíos chun níos mó eolais a fháil.

· An Clár – 15/9/2022 – 4:00 go dtí 6:00

· Iarthar Átha Cliath  – 20/9/2022 – 4:00 go dtí 6:00

· Trá Lí  – 21/9/2022 – 4:00 go dtí 6:00

· Dún na nGall  – 29/9/2022  – 5:00 go dtí 7:00

· Áth Luain  – 17/10/2022  – 4:00 go dtí 6:00

Cúrsaí Gaeilge 10 Seachtaine

Ag tógáil ar dhianchúrsa Gaeilge COGG i mí Lúnasa na bliana seo agus ar mhaithe le cabhrú le hiar-bhunscoileanna T1 tacú le múinteoirí ábhar nua agus reatha,  tá COGG ag tairiscint áiteanna ar chúrsaí Gaeilge 10 seachtaine, a bheidh á reáchtáil ag Gaelchultúr ar ár son.  Díreoidh na cúrsaí ar mhúinteoirí nach bhfuil go huile is go hiomlán ar a gcompord leis an nGaeilge nó leis an teagasc trí mheán na Gaeilge, agus ar mhúinteoirí ar mian leo barr feabhais a chur ar a leibhéal reatha.

 

Eolas faoi na ranganna:

 Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag ar ardchaighdeán. 

 Bíonn na cúrsaí ar fad a mhúineann Gaelchultúr foghlaimeoirlárnach agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach agus tugtar tús áite do chleachtaí múscailte comhfheasa. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir an chaint go léir a dhéanamh. Tabharfar teastas tinrimh do na rannpháirtithe

 

Costas na ranganna:

Beidh costas €100 ar an gcúrsa in ionad an €240 a ghearrann Gaelchultúr go hiondúil ar a gcuid rangannaGheobhaidh na rannpháirtithe a fhreastalaíonn ar íosmhéid de 8 rang as an 10 rang €50 ar ais ag deireadh an chúrsa.

 

Sceideal na ranganna:

1. Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 19 Meán Fómhair 2022.

2. Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.

3. Beidh sos lár-téarma ann (31/10/22 go 4/11/22).

4. Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 5 Nollaig 2022.

5. Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.

 

Beidh na cúrsaí ar fáil ar líne ag na leibhéal seo a leanas:

 Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

Is féidir clárú do na cúrsaí go díreach le Gaelchultúr ag an nasc seo :

https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg

 Tá ceithre leibhéal luaite ann – A2 go C1 (bunrang 2 go ardrang 1)

 Tuigtear do COGG go bhfuil géarchéim ann maidir le hearcú múinteoirí iar-bhunscoile agus go bhfuil an fhadhb níos géire fós san earnáil T1. Tá súil againn go mbeidh na cúrsaí seo ina dtacaíocht áirithe do phríomhoidí, múinteoirí agus pobal na scoileanna.

1 2 3 4 5 13