
nuacht


Cúrsa Samhraidh do Mhúinteoirí – Baile Bhuirne
Eolas anseo faoin Cúrsa EPV atá á reáchtáil ag COGG i mBaile Bhuirne, 3 – 7 Iúil. Is féidir clárú anseo.

Dianchúrsa COGG 2023
Beidh Dianchúrsa COGG 2023, Féasta Foghlama an tSamhraidh, ar siúl i mbliana, 14 – 18 Lúnasa. Dianchúrsa Gaeilge do mhúinteoirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.
Tuilleadh eolais ar fáil sa phóstaer thíos.
Nasc clárúcháin ar fáil anseo.

Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta
“Léarscáil scéala” de chuid ArcGIS atá le fáil anseo a thabharfaidh comhthéacs don úsáideoir agus iad ag baint leasa as an léarscáil idirghníomhach atá le fáil ANSEO. Tá feidhmiúlacht níos fearr don léarscáil ar ríomhairí ná mar atá ar ghutháin.
Tá 53 agallamh béil le fáil sa léarscáil idirghníomhach chomh maith trí chliceáil ar na pointí daite de na scoileanna atá beagáinín níos mó agus ansin ar “Eolas”. Tá dhá agallamh ann do roinnt de na scoileanna. Sna cásanna sin beidh an dara hagallamh le fáil sa chur síos faoi bhun an fhíseáin.
Is féidir teacht ar na hagallaimh uilig a mbaineann le Gaelscoileanna/Gaeloideachas trí chliceáil ar an bpointe ina bhfuil an oifig lonnaithe i Marino i mBaile Átha Cliath.
Nó, mar rogha eile, is féidir teacht ar an iomlán ar YouTube ANSEO

Físeán – Comhdháil Ceannaireachta i bpáirt le Gaeloideachas
Ár mbuíochas le gach duine, go háirithe lenár gcomhpháirtithe, a bhí i láthair ag an gComhdháil Cheannaireachta sa Mhuileann gCearr. Lá den chéad scoth.
Tá físeán gairid faoin lá ar fáil anseo.

Aistear Ama – Acmhainn Staire Nua don Chéad Bhliain
Acmhainn staire don chéad bhliain scríofa ag Edel Ní Loingsigh.
Tá 9 gcaibidil ar fáil agus tá tagairt do ‘Príomhthoradh Foghlama’ agus ‘Torthaí Foghlama Ábhartha Eile’ i ngach caibidil.
Ar fáil ar an Tairseach. Cliceáil anseo.

M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Coláiste na Tríonóide
Is do mhúinteoirí agus do cheannairí i suíomhanna scoile lán-Ghaeilge agus Gaeltachta an cúrsa seo, bídís ina múinteoirí nó ina gceannairí bunscoile nó iar-bhunscoile. Tugann an cúrsa an deis do rannpháirtithe ardchaighdeán feabhais a bhaint amach ina gcleachtais oideachais agus ina n-inniúlacht teanga.
Dáta tosaithe an chúrsa
Tosóidh an cúrsa seo i mí Mheán Fómhair 2023. Osclófar an córas iarratais go luath.

Comórtas Náisiúnta SCILEANNA GAIRME 2023 ó SaolOibre agus AIB
Comórtas Náisiúnta SCILEANNA GAIRME 2023 ó SaolOibre agus AIB le tacaíocht ó COGG
An bhfuil tú ag déanamh na hldirbhliana nó na hArdteiste?
1ú duais – MacBook Air & €1,000 don scoil.
Glacaimid le hiontrálacha vlog anois freisin.
Spriocdháta: 20ú Aibreán 2023
Le cur isteach air, déan teagmhail le do Chomhordaitheoir san Idirbhliain, san Ardteist Fheidhmeach nó i nGairmchlár na hArdteiste nó le do Threoirchomhairleoir nó tabhair cuairt anseo lé tuilleadh sonraí a fháil.

Comhdháil 2023 – Ceannaireacht, Comhoibriú agus Cumarsáid
Comhdháil do Phríomhoidí, do Phríomhoidí Tánaisteacha agus do Mhúinteoirí i bhfeighil ar Aonaid a fheidhmíonn in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí in Óstán na Páirce, Muileann gCearr, Déardaoin, an 20 Aibreán 2023.
“Ceannaireacht, comhoibriú agus cumarsáid”
Tá an chomhdháil seo á heagrú ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar leis na seirbhísí taca oideachais thuasluaite. Is ré chinniúnach é seo do na hiar-bhunscoileanna T1 agus ba chóir an deis a thapú anois tacú lena chéile mar earnáil chun dea-chleachtais a roinnt agus deiseanna líonraithe a fhorbairt.
Mar threoir, tá sé i gceist i measc ábhair eile scagadh a dhéanamh ar na topaicí seo a leanas:
1. Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta: Moltaí chun tacú le hIar-bhunscoileanna T1
2. Polasaí Gaeilge don Oideachas Lán-Ghaeilge
3. Gaeilge labhartha na scoláirí: dea-chleachtais & dúshláin
4. Cur chuige an tumoideachais i scoileanna T1
Is féidir clárú anseo.
Beidh an lóistín agus an bia maoinithe ag COGG.
Seol ríomhphost chuig [email protected] má tá aon cheist agat.
Táimid ag súil go mór le bheith ag obair libh ar an lá.
Is féidir clár na comhdhála a fháil anseo.

Scéimeanna Maoinithe
Scéim Acmhainní Teagaisc agus Foghlama 2023
Scéim Sparánachtaí Taighde 2023
Cliceáil anseo chun níos mó eolais a fháil.