Rialachas Corparáideach

Rialachas Corparáideach | Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis | Saoráil Faisnéise | Polasaithe | Aighneachtaí | Cosaint Sonraí | Nochtadh Cosanta | Treoirlínte Lógó COGG |

Córas Iniúchóireachta Inmheánach

Tá sé de bheartas ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) córas iniúchóireachta inmheánach ar ardchaighdeán a bheith i bhfeidhm aici a thagann leis na cleachtais is fearr atá aitheanta chuige sin go reachtúil sa statchóras agus de réir treoracha na Roinne Airgeadais.

Cuirtear seirbhís iniúchóra inmheánach ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ag cuntasóir cáilithe.

Is iad seo a leanas dualgais an iniúchóra inmheánaigh:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar bhonn rialta ar chuntais agus ar chleachtais agus ar chórais smachtaithe inmheánacha airgeadais COGG agus moltaí a chur ar fáil maidir lena leasú nó a fheabhsú nuair is gá.
  • Freastal ar an dá chruinniú in aghaidh na bliana den Choiste Iniúchóireachta COGG, tuairisc a chur faoi bhráid an Choiste agus ceisteanna ón gCoiste a fhreagairt maidir le cuntais agus cleachtais airgeadais COGG.

Sa chás go ndéanann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta Ordú Ceannaigh de bhreis ar €20,000, foilseofar an t-eolas ar an suíomh seo

Tá naisc chuig Téarmaí Tagartha agus Polasaí Coimhlint Leasa COGG ar fáil thíos.

Téarmaí Tagartha

Polasaí Coimhlint Leasa COGG