Ráiteas Príobháideachais agus Téarmaí & Coinníollacha

Rialachas Corparáideach | Tuarascálacha Bliantúla agus Ráitis | Saoráil Faisnéise | Polasaithe | Aighneachtaí | Cosaint Sonraí | Nochtadh Cosanta | Treoirlínte Lógó COGG |

Cosaint Sonraí

Teagmháil :  rgcs@cogg.ie
Oifigeach Cosanta Sonraí – Tara Carton: dpo@education.gov.ie

Téarmaí agus coinníollacha maidir le rochtain agus le húsáid an tsuímh gréasáin tá rochtain agus úsáid an tsuímh gréasáin seo faoi réir ag na téarmaí agus na coinníollacha seo a leanas. Léigh agus scrúdaigh go cúramach iad, le do thoil. Nuair a ghabhann tú thar an leathanach baile tá tú ag comhaontú cloí leo.

Dlínsí Toirmiscthe

D’fhéadfadh go mbeadh cosc ar rochtain, amharc ar, nó faisnéis a fháil ón suíomh gréasáin seo, i ndlínsí áirithe. Cuirtear an suíomh gréasáin seo ar fáil ar mhaithe le faisnéis a sholáthar do bhrabhsálaithe, agus ar mhaithe leis sin amháin, SEACHAS brabhsálaithe ar a gcuirtear cosc é sin a dhéanamh de bharr a saoránachta, a n-áit chónaithe nó ar chúiseanna eile. Más rud é go bhfuil cosc ort an suíomh a úsáid, ar na fáthanna thuasluaite, scoir ón suíomh anois, le do thoil. Más rud é nach bhfuil duine, atá ag baint úsáide as an suíomh seo, cinnte faoina gcearta maidir le húsáid an tsuímh, ba chóir don duine sin scoir ón suíomh láithreach.

Dlíthe na hÉireann i bhfeidhm

Cuirtear an suíomh gréasáin seo ar fáil de réir Dhlíthe na hÉireann agus is de réir na dlíthe sin a rialaítear an suíomh. Nuair a thagann tú ar fhaisnéis ar an suíomh, nó má amharcann tú air, tá tú ag comhaontú go bhfuil an suíomh faoi réir ag Dlíthe na hÉireann agus gur ag Cúirteanna na hÉireann atá an t-údarás i ndáil le haon chaingean a d’fhéadfadh a eascairt as aon ní ag baint leis an suíomh gréasáin agus lena ábhar. Mura bhfuil tú sásta go bhfuil Dlíthe na hÉireann i bhfeidhm agus gur ag cúirteanna na hÉireann atá an t-údarás maidir leis an suíomh, scoir ón suíomh anois, le do thoil.

Feidhm Faisnéise Amháin

Cuirtear an suíomh gréasáin seo ar fáil ar mhaithe le faisnéis a sholáthar, agus ar mhaithe leis sin amháin. Cuirtear an fhaisnéis ar leathanaigh an tsuímh seo ar fáil mar eolas agus níl sé i gceist, ná ní cóir é a bheith le tuiscint, go bhfuil ofráil, cuireadh, ionadaíocht nó baránta á dhéanamh nó á thabhairt ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, nó thar ceann an Údaráis, nó ag aon pháirtí eile, aon táirge nó aon seirbhís a sholáthar.

Brabhsáil ar do Phriacal féin

Ba mhaith linn a mheabhrú duit gurb ar do phriacal féin a bhaineann tú úsáid as an suíomh gréasáin seo. Ní ghlacann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus an suíomh gréasáin www.cogg.ie, nó aon pháirtí eile, dliteanas d’aon chaillteanas nó damáiste d’aon saghas, ina mbeadh san áireamh, ach gan a bheith teoranta, caillteanais nó damáistí indíreacha, teagmhasacha, speisialta, pionósacha nó iarmhartacha, nó d’aon chostais ag eascairt as, nó ag baint le húsáid nó le héagumas úsáide an tsuímh gréasáin seo, nó maidir le haon earráid, easnamh, locht, víreas ríomhaire nó teip córais, nó aon chaillteanas nó brabach, aon ghnó, conradh, ioncam, sábháil airgid réamh-mheasta, cáilmheas nó creidiúint is clú, ag eascairt as nó ag baint le teacht ar, le húsáid, le feidhmiú an tsuímh nó le brabhsáil ar an suíomh gréasáin seo nó le naisc le suíomhanna gréasáin eile ón suíomh seo.

Comhairlítear do bhrabhsálaithe go bhfuil an fhaisnéis faoi réir ag athruithe agus go ndéanfar nuashonrú air ó am go ham, gan fógra a thabhairt do na húsáideoirí. Ba mhaith linn a mheabhrú do bhrabhsálaithe go bhféadfadh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta an suíomh a dhúnadh síos ag aon am gan fógra a thabhairt do bhrabhsálaithe. Is féidir suíomh gréasáin a chur as a riocht ón taobh amuigh, agus dá bhrí sin ba chóir do bhrabhsálaithe an fhaisnéis a sholáthraítear a léamh mar threoir amháin, a chaithfí a chinntiú leis an bhfoireann.

Ba chóir do bhrabhsálaithe súil siar a chaitheamh ar théarmaí agus coinníollacha an tsuímh seo, ó am go ham, chun a bheith ar an eolas faoi na hathruithe.

Ní ghlacann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta le haon ghealltanas, ionadaíocht nó baránta i ndáil le hiomláine, le cinnteacht cruinnis nó le tráthúlacht faisnéise a sholáthraítear ar na leathanaigh seo, agus dá bhrí sin ní cóir brath ar an bhfaisnéis a chuirtear ar fáil ar an suíomh gréasáin, ar aon chúinse.  Is féidir le tríú páirtithe cur isteach agus mionscrúdú a dhéanamh ar ríomhphoist agus ar mhodhanna eile faisnéise a tharchur ar an idirlíon agus dá bhrí sin ba chóir go ndéanfaí fíorú ar an bhfaisnéis go neamhspleách. Ní féidir le An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta slándáil agus príobháideacht mheáin chumarsáide dá leithéid a fhorchinntiú agus déanann an páirtí sin faisnéis dá leithéid a tharchur go hiomlán ar a phriacal / a priacal féin. Baineann úsáideoir úsáid as an suíomh gréasáin seo go hiomlán ar a phriacal / a priacal féin agus is ar an úsáideoir féin atá an fhreagracht agus an priacal iomlán maidir le caillteanas, ag eascairt as úsáid nó teacht ar an suíomh gréasáin nó ar a ábhar.

Nuair a úsáideann tú an suíomh gréasáin seo tá tú ag comhaontú gan aon ábhar pornagrafach, gáirsiúil, maslach nó ionsaitheach a dháileadh, a uaslódáil nó a tharchur agus gan aon bhogearra píoróideach a uaslódáil nó a tharchur, gan cead a fháil roimh ré ón té ag a bhfuil an cóipcheart, gan cearta maoin intleachtacha aon tríú páirtí a shárú, gan dáileadh nó soláthar a dhéanamh ar aon víreas bogearra nó ar aon phéist, gan dáileadh nó soláthar a dhéanamh ar shonraí, ábhar nó faisnéis atá clúmhillteach, bréagach nó a sháródh cearta dílseánaigh aon tríú páirtí agus gan aon ní a dhéanamh i ndáil leis an suíomh gréasáin, a bheadh ina ghníomh coiriúil.

Naisc chuig Suíomh Gréasáin an Tríú Páirtí

Tá naisc chuig suíomh gréasáin an tríú páirtí ar an suíomh gréasáin seo. Níl smacht ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ar na suíomhanna nasctha seo agus níl An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta freagrach as nó freagrach in ábhar a bheadh sna suíomhanna nasctha sin, nó suíomhanna a beadh nasctha leis na suíomhanna nasctha sin, nó aon athrú nó nuashonrú a dhéanfaí ar na suíomhanna nasctha sin, agus mar sin de. Níl An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta freagrach as aon sórt tarchuir faisnéise ó aon cheann de na suíomhanna nasctha agus níl An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta freagrach as, más rud é nach bhfuil an suíomh nasctha ag obair i gceart. Níl i gceist ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus ag www.cogg.ie ach na naisc sin a chur ar fáil mar áis.

Cóipcheart

Tá an suíomh gréasáin seo agus an t-ábhar ann faoi chosaint ag cóipcheart agus faoi chosaint ag dlí maoine bunachar sonraí agus intleachtach eile. Forchoimheádann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta gach ceart, teideal agus leas a bhainfeadh le maoin intleachtacha, le sonraí, le téacs, le híomhánna, le bogearraí agus le gnéithe eile a bheadh á léiriú ar an suíomh nó a dháilfí ón suíomh, mura sonraítear a mhalairt.

Ní ceadmhach aon ábhar ó na leathanaigh seo a atáirgeadh, i gcuid nó ina n-iomláine, gan cead a fháil roimh ré ó An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Tá cosc iomlán ar fhaisnéis ón suíomh gréasáin seo a scaipeadh. Séanann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta aon dliteanas, d’aon sórt caillteanais nó d’aon sórt damáiste a tharlódh do dhuine de bharr úsáid a bhaint as an suíomh gréasáin seo agus de bharr ábhar ón suíomh a scaipeadh.

D’fhéadfadh go mbeadh srianta cóipchirt ag baint le hábhar sna suíomhanna nasctha lasmuigh den suíomh gréasáin seo agus ba chóir iad seo a cheadú má tá sé i gceist agat an t-ábhar iontu a úsáid ar aon bhealach.

Polasaí Príobháideachta an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus Cosaint Sonraí

Tá sé mar sprioc ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta do phríobháideacht a chosaint. Déanfaidh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta iarracht, i gcónaí, a chuid dualgais a chomhlíonadh mar atá sonraithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.

Clárú

Is féidir teacht ar nach mór gach cuid de shuíomh gréasáin An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta www.cogg.ie gan sonraí pearsanta a sholáthar. Tá cúpla réimse, áfach, ina gcaithfear do sheoladh ríomhphoist a chur isteach, m.sh. Nuashonrú nó Clárú don Nuachtlitir.

Cén t-Eolas Eile a Bhailímid?

Bailíonn An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta agus a chonraitheoirí, sonraí faoi chuairteoirí chuig an suíomh. Déantar é seo trí thaifead a choimeád de sheoltaí IP a úsáidtear chun teacht ar na suíomh againn. Ní bhaintear úsáid as an eolas seo ach ar bhonn cnuasaigh agus chun líon na gcuairteoirí chuig an suíomh a mheas agus chun meas a dhéanamh ar na háiteanna ar an suíomh is mó a thugtar cuairt orthu. Ní bhailímid ná ní dhéanaimid meastóireacht ar an eolas seo thar ceann éinne eile.

Úsáid a bhaint as Fianáin

Baineann codanna áirithe de shuíomh gréasáin An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta www.cogg.ie úsáid as fianáin. Is é atá i gceist le “fianán” ná comhad a sheolann freastalaí An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta chuig do bhrabhsálaí, a chuireann ar chumas do ríomhaire teacht ar fhaisnéis ar shuíomh gréasáin An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta i mbealach níos tapúla agus níos éifeachtaí. Ní bhainimid úsáid as fianáin chun faisnéis phearsanta a stóráil. Is féidir leat do ríomhaire a shocrú chun go ndiúltóidh sé do gach fianán. Ba chóir duit a mheabhrú, áfach, má bhaintear fianáin tá seans ann nach n-oibreoidh cuid den suíomh go héifeachtach nó go mbeidh íoslódáil níos moille.

Ríomhphost

Seolann úsáideoirí ríomhphoist chugainn, agus tugaimid freagra orthu, ar bhonn rialta. Mar thaifead, coimeádaimid cóipeanna de gach ríomhphost a thagann isteach agus a sheoltar amach. Ní dhéanfar nochtadh, d’aon tríú páirtí, ar aon fhaisnéis ó na ríomhphoist a fhaighimid nó a sheolaimid, gan cead a fháil roimh ré ón té a sheol é.

Naisc Sheachtracha

Is féidir go gcuirfeadh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta naisc ar fáil chuig suíomhanna gréasáin seachtracha. Níl aon smacht ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ar pholasaithe príobháideachta na suíomhanna sin agus ba mhaith linn comhairle a chur ort discréid a úsáid nuair atáthar ag soláthar faisnéise ar shuíomhanna dá leithéid. Is féidir go gcuirfimis athruithe i bhfeidhm ar an bPolasaí Príobháideachta seo ó am go ham. Léireofar leagain nuashonraithe anseo. Rinneadh nuashonrú ar an leagan seo i Mí Iúil 2003.

Cosaint Sonraí

Chun a dhualgais a chomhlíonadh maidir le cosaint sonraí, mar atá sonraithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí 1998 agus 2003, dearbhaíonn An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta gur rialtóir sonraí é i ndáil le faisnéis phearsanta a choimeádtar fút. Seo a leanas na cuspóirí a bheadh ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta faisnéis fút a choimeád, a chuireann tú ar fáil trí mheán an tsuímh seo agus a fheictear do An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta go ndéanfaidh siad próiseáil air:

  1. (nuachtlitreacha éagsúla agus fógraí faisnéise a sholáthar a dháilfidh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ó am go ham; agus
  2. do shonraí pearsanta a chur ar fáil do chonraitheoirí tríú páirtí a dhéanann próiseáil ar na sonraí dúinn leis an gcuspóir nuachtlitreacha agus fógraí faisnéise eile a dháileadh ort, agus ar mhaithe leis sin amháin;
  3. chun gur féidir linn agus leis na conraitheoirí tríú páirtí a dhéanann próiseáil ar shonraí dúinn, nuashonraí a chur ar fáil duit maidir le tionscnaimh, le fógraíocht, le comórtais agus le feachtais eile a reáchtálfaimis sa todhchaí;

Mura dteastaíonn uait go seolfaí chugat aon nuachtlitir nó aon ábhar bolscaireachta eile ó An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta, ná toiligh, le do thoil, ábhar dá leithéid a fháil nuair a úsáideann tú suíomh gréasáin An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta. Má thoilíonn tú faisnéis dá leithéid a fháil agus má athraíonn tú d’aigne ina dhiaidh sin, scríobh chugainn, le do thoil, chun é seo a chur in iúl dúinn.