
Scagadh agus Iniúchadh ar thaighde ar an tumoideachas ag an mbunleibhéal
Tá taighdeoir(í) á lorg ag COGG chun iniúchadh agus scagadh a dhéanamh ar na príomhthorthaí agus ar na príomhthátail ar thaighde a bhaineann leis an tumoideachas ag an mbunleibhéal in Éirinn.
Is i bhfoirm leabhrán soléite sothuigthe a fhoilseofar na príomhthorthaí agus na príomhtháthail ionas go mbeidh príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí in earnáil T1 in ann tarraingt air nuair a thagann ceisteanna aníos faoi na buntáistí a bhaineann le tumoideachas ar ardchaighdeán.
Beidh feidhm ag an leabhrán seo freisin do chleachtóirí oideachais eile a bhíonn ag cur seirbhíse de chineálacha éagsúla ar fáil nó ag tabhairt comhairle do bhunscoileanna arb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide, teagaisc agus bhainistíochta iontu agus do lucht léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal.
Is uasmhéid de €40,000 a bheidh ar fáil don togra agus déanfaidh painéal neamhspleách cinneadh maidir le roghnú an iarrthóra/ na n-iarrthóirí rathúla.
An dáta deiridh a ghlacfar le tairiscint: 5.00 i.n. Dé hAoine an 24 Samhain, 2023.
Ní ghlacfar le hiarratais ar thairiscintí tar éis an spriocdháta, 5.00 i.n. Dé hAoine 24 Samhain 2023
Tá an leabhrán eolais ar fáil anseo.
Scagadh agus Iniúchadh ar thaighde ar an tumoideachas ag an Iar-bhunleibhéal
Tá taighdeoir(í) á lorg ag COGG chun iniúchadh agus scagadh a dhéanamh ar na príomhthorthaí agus ar na príomhthátail ar thaighde a bhaineann leis an tumoideachas ag an iar-bhunleibhéal in Éirinn.
Is i bhfoirm leabhrán soléite sothuigthe a fhoilseofar na príomhthorthaí agus na príomhthátail ionas go mbeidh príomhoidí, múinteoirí agus tuismitheoirí in earnáil T1 in ann tarraingt air nuair a thagann ceisteanna aníos faoi na buntáistí a bhaineann le tumoideachas ar ardchaighdeán.
Beidh feidhm ag an leabhrán seo freisin do chleachtóirí oideachais eile a bhíonn ag cur seirbhíse de chineálacha éagsúla ar fáil nó ag tabhairt comhairle d’iar-bhunscoileanna arb í an Ghaeilge an teanga chumarsáide, teagaisc agus bhainistíochta iontu agus do lucht léinn sna hinstitiúidí tríú leibhéal.
Is uasmhéid de €30,000 a bheidh ar fáil don togra seo agus déanfaidh painéal neamhspleách cinneadh maidir le roghnú an iarrthóra/ na n-iarrthóirí rathúla.
An dáta deiridh a ghlacfar le tairiscint: 5.00 i.n. Dé hAoine an 24 Samhain, 2023.
Ní ghlacfar le hiarratais ar thairiscintí tar éis an spriocdháta, 5.00 i.n. Dé hAoine 24 Samhain 2023
Tá an leabhrán eolais ar fáil anseo.
Faisnéis phraiticiúil (Feic thíos) atá á lorg ag COGG, faisnéis a chuirfidh ar chumas COGG léargas cuimsitheach a fháil ar chúrsaí a bhaineann le RSO in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, gaelcholáistí agus Aonaid lánGhaeilge faoi láthair, sainriachtanais na scoileanna sin a aithint maidir le freastal ar scolaírí a bhfuil RSO acu, agus moltaí agus cinntí a dhéanamh maidir leis an tacaíocht is oiriúnaí agus is féidir a chur ar fáil do na hiar-bhunscoileanna T1 agus an obair sin ar siúl acu.
• Cad iad na cineálacha RSO a thagann chun cinn in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lánGhaeilge?
• Conas a aithnítear na riachtanais speisialta oideachais sna scoileanna sin?
• Cad iad na dúshláin is mó a gcaitear dul i ngleic leo maidir le freastal ar na riachtanais sin sna scoileanna?
• Cad iad na tacaíochtaí is mó atá ag teastáil ó na scoileanna sin ionas gur féidir leo freastal ar riachtanais na scoláirí a bhfuil RSO acu?
Is uasmhéid de €36,000 a bheidh ar fáil don togra seo chomh maith le maoiniú €6,000 do chostais eagraithe fócasghrúpaí le múinteoirí tacaíochta agus príomhoidí. Beidh an cinneadh maidir le roghnú an iarrthóra/ na n-iarrthóirí rathúla faoi réir ag painéal neamhspleách.
An dáta deiridh a ghlacfar le tairiscint: 5.00 i.n. Dé hAoine 22 Nollaig, 2023.
Ní ghlacfar le hiarratais ar thairiscintí tar éis an spriocdháta, 5.00 i.n. Dé hAoine 22 Nollaig 2023
Tá an leabhrán eolais ar fáil anseo.