Cé Muid

Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha Alt 31 den Acht Oideachais 1998 tar éis feachtais a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gaelscoileanna, agus Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ar bun le go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith.

Baineann ról na Comhairle leis an mbunoideachas agus leis an iar-bhunoideachas agus tá trí mhór-réimse oibre ann:

  • Soláthar acmhainní teagaisc
  • Seirbhísí taca
  • Taighde

Ceapadh comhaltaí Comhairle den chéad uair – tuismitheoirí, oidí agus saineolaithe eile- i mí Márta 2002. Ceapadh Muireann Ní Mhóráin ina Príomhfheidhmeannach i 2002 agus ceapadh Jacqueline Ní Fhearghusa ina Príomhfheidhmeannach i 2022.

Cathnia Ó Muircheartaigh – Cathaoirleach
Jacqueline Ní Fhearghusa – Príomhfheidhmeannach

Ráiteas Misin

Cúraimí na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta a chomhlíonadh go héifeachtach, go gairmiúil agus ar ardchaighdeán ar mhaithe le forás na hearnála Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus ar mhaithe le múineadh na Gaeilge i scoileanna uile na tíre.

An Fhoireann

Feidhmeannas

Jacqueline Ní Fhearghusa
Ceapadh Jacqueline Ní Fhearghusa ina Príomhfheidhmeannach i Márta 2022. D’oibrigh Jacqueline mar chigire Gaeilge ag an iar-bhunleibhéal ar feadh beagnach fiche bliain agus bhí sí ar an bhfoireann chigirí atá ag obair leis an Aonad um Oideachas Gaeltachta ó bunaíodh é in 2017. Tá taithí cigireachta aici sna réimsí eile seo: Oideachas Sóisialta Pearsanta agus Sláinte, DEIS, an Idirbhliain, Cosaint Leanaí agus Youthreach. Roimh di dul isteach sa Chigireacht d’oibrigh Jacqueline mar Stiúrthóir ar an eagraíocht Ghaelscoileanna (athraíodh an t-ainm go Gaeloideachas i 2016). Chaith Jacqueline tamall de bhlianta ag obair freisin leis an eagraíocht Ghlór na nGael agus cur amach aici ar phobail teanga ar fud oileáin na hÉireann, dá bharr. Tá cáilíochtaí bainte amach aici sa Ghaeilge, Fraincis, Oideachas, Gnó, Aistriúchán, Réiteach Coimhlinte agus Rialachas Corporáideach.

Pádraig Ó Beaglaoich
Ceapadh Pádraig Ó Beaglaoich ina Leas-Phríomhfheidhmeannach in mí Dheireadh Fómhair 2022. Roimhe sin, ceapadh ina Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile é le COGG in 2016. I ndiaidh dó Ard-Dioplóma san Oideachas a bhaint amach sa bhliain 2011, chaith sé 5 bliana ag saothrú mar mhúinteoir iar-bhunscoile. Chaith sé seal roimhe sin ag obair mar shaoraistritheoir Gaeilge. Is díol mór spéise dó forbairtí sa teicneolaíocht agus an tslí ar féidir iad a chur i bhfeidhm sa Ghaeilge . In 2016 bhain sé amach Dioplóma Gairmiúil sa Mhargaíocht agus Straitéis Dhigiteach. Bronnadh MSc sa Bhainistíocht Oideachais agus Oiliúna air sa bhliain 2020.

Taighde

Pól Ó Cainín
Ceapadh Pól Ó Cainín ina Chúntóir Taighde agus Foilseacháin le COGG in 2005 tar éis 6 bliana a chaitheamh mar chúntóir taighde le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann. I ndiaidh dó céim dochtúireachta a bhaint amach in Ollscoil Uladh i 1994, bhí sé ina bhall de fhoireann Fhoclóir Gaeilge Béarla Collins Gem ar feadh sé mhí.

Oifigigh Feidhmiúcháin

Aisling Nic Craith (sos gairme faoi láthair)
Ceapadh Aisling Nic Craith ina Ard Oifigeach Feidhmiúcháin i Mí Eanáir 2018. Chaith sí os cionn cúig bliana ag obair sa Rannóg Airgeadais i Stiúrthóireacht Seirbhísí Corporáideacha Fhoras na Gaeilge. Roimhe sin bhí sí ag obair mar Oifigeach Feidhmiúcháin le COGG ó 2003 go dtí 2012.  Ghnóthaigh sí céim MSc i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliaith. Chaith sí ocht mbliana ag obair san earnáil turasóireachta tar éis blianta a chaitheamh thar lear.

Steph Uí Choinne
Ceapadh Steph Uí Choinne ina hOifigeach Feidhmiúcháin le COGG i mí Aibreáin 2019.  Bhain sí céim sa Ghaeilge amach in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin agus chaith sí roinnt blianta ag obair mar aistritheoir Gaeilge.  Chaith sí bliain ag obair leis an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mBéal Feirste agus chaith sí beagnach aon bhliain déag ag obair le Foras na Gaeilge in oifig an Phríomhfheidhmeannaigh.
Brigid de Búrca
Ceapadh Brigid de Búrca ina hOifigeach Feidhmiúcháin le COGG i Meitheamh 2023. Tá sí ar iasacht ón Roinn Coimirce Sóisialaí inar oibrigh sí ó Mheán Fómhair 2016 ar aghaidh. D’oibrigh sí mar chúntóir aistritheora in Aonad na Gaeilge in Ardrúnaíocht Chomhairle an Aontais Eorpaigh ó Iúil 2010 go Meán Fómhair 2016. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis ó Choláiste Phádraig, Droim Conrach, i 2008 (cuid de OCBÁC anois).

Oifigeach Oideachais (Digiteach)

Frank Ó Tormaigh
Ceapadh Frank Ó Tormaigh ina Oifigeach Oideachais (Digiteach) le COGG i Márta 2020. I ndiaidh dó Ard-Dioplóma san Oideachas Bunscoile a bhaint amach i 2008, chaith sé 12 bliana ag saothrú mar múinteoir bunscoile. Chaith sé 2 bhlian do tréimhse sin mar Príomhoide Cúnta 1 i nGaelscoil Eiscir Riada, Leamhcán. In 2017 bhain sé amach Máistreacht sa bhFoghlaim Digiteach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, áit inar chaith sé 2 bhlian ag obair mar léachtóir leis an bhfoireann SEIG. Chaith sé tréimhse ag obair mar léachtóir ar an B. oid. i Marino. Tá Dioplóma Ghairmiúil aige san Meáin Shóisialta don Sheirbhís Phioblí agus Dioplóma Ghairmiúil sa Nuálaíocht don Sheibhís Phoiblí. Chaith sé 2 bhlian ag stiúradh cnuasach digiteach mar pháirt den Chiste Barr Feabhais Scoile.

Oifigigh Oideachais

Polasaí don Oideachas Gaeltachta

Micheál S. MacDonnacha
Ceapadh Micheál S. MacDonnacha ina Oifigeach don Pholasaí um Oideachas Gaeltachta le COGG in 2017. Is múinteoir bunscoile é atá ar iasacht ó Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. D’oibrigh sé mar Chomhairleoir Gaeilge agus DEIS leis an gClár Tacaíochta don Churaclam Bunscoile agus an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Bhunscoileanna ó 2006-2010 agus leis an tSFMG ó 2011-2014. Tá sé ina bhall de roinnt mhaith boird bainistíochta ar fud na Gaeltachta agus tá sé tofa ar bhord stiúrtha Gaeloideachas. Tá sé ag feidhmiú mar chathaoirleach ar Chomhairle Raidió na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, tá sé ina bhall de choiste seasta an CMÉ.

Toirdealbhach Ó Lionáird
Ceapadh Toirdealbhach Ó Lionáird ina hOifigeach Iar-bhunscoile don Pholasaí um Oideachas Gaeltacht in Eanáir 2023. Tá Toirdealbhach ar iasacht ó Choláiste Ghobnatan, Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí, áit a d’fheidhmigh sé mar mhúinteoir Fraincise agus Béarla, mar Phríomhoide ó 2017-2022 agus Leas-Phríomhoide ó 2012-2017. Tá obair déanta aige mar stiúrthóir i bhfeighil ar mhic léinn bunchéime agus iarchéime ag an tríú leibhéal. Tá Dioplómaí Iarchéime bainte amach aige i bPleanáil Scoile agus i gCeannaireacht Scoile. Bhain sé amach an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál i 2020. Faoi láthair tá dochtúireacht idir lámha aige atá ag fiosrú: Tionchar an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta ar eispéireas, féiniúlacht agus ról an phríomhoide iar-bhunscoile Gaeltachta.

Oifigigh Oideachais Iar-bhunscoile

Aoife Ní Shéaghdha
Ceapadh Aoife Ní Shéaghdha ina hOifigeach Oideachais Iar-bhunscoile le COGG i mí Eanáir 2023. Tá os cionn 20 bliain de thaithí aici ag saothrú i ngort an oideachais tríú leibhéal i mbun theagasc na Gaeilge (OÉG, COC) agus ag gabháil do thaighde i réimse na pleanála teanga agus an oideachais lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (m.sh Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004 agus Dea-Chleachtais san Oideachas Lán-Ghaeilge, 2017). Roimhe sin, chaith sí tréimhse cúig bliana in Albain ag obair mar thaighdeoir/iriseoir le BBC Alba. Bhí sí ar dhuine de thaighdeoirí an mhórstaidéir Ghaeltachta don Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe is Gaeltachta (2007) – An Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Chaith sí cúig bliana ag obair mar bhainisteoir/teagascóir na Gaeilge i nDún Chíomháin, Ionad Gaeltachta COC, atá lonnaithe i mBaile an Fheirtéaraigh, i nGaeltacht Chorca Dhubhne.
An Dr. Róisín Ní Mhulláin
Ceapadh Róisín Ní Mhulláin ina hOifigeach Iar-bhunscoile in Eanáir 2023. Chaith sí cúig bliana déag i gColáiste San Aingeal, Sligeach, mar léachtóir ag plé le hábhair oidí agus le mic léinn iar-chéime agus tá taithí aici mar stiúrthóir ar thráchtais agus ar thaighde agus mar theagascóir ar shocrúcháin scoile. Roimhe sin, chaith sí tréimhse ag obair mar mhúinteoir bunscoile i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc, Ceatharlach agus tá tréimhsí éagsúla caite aici mar mhúinteoir Gaeilge ag plé le glantosaitheoirí, foghlaimeoirí bunscoile agus méanscoile, agus foghlaimeoirí fásta. Tá cáilíochtaí éagsúla bainte amach sa teagasc agus san aistriúchán. Tá MA sa Nua-Ghaeilge aici agus tá PhD aici ar litríocht Ghaeilge na nÓg.

Oifigigh Oideachais Bunscoile

Tríona Nic Fhinn
Ceapadh Tríona Nic Fhinn ina hOifigeach Oideachais (ETIM) le COGG i Lúnasa 2023. Bhain sí Baitsiléir Ealaíon amach i 2002 agus Teastas Iarchéime san Oideachas ó Choláiste Naomh Muire, Béal Feirste, i 2003. Chaith sí 11 bhliain ag obair mar mhúinteoir ansin. I rith an ama seo, bhain sí Máistreacht san Eolaíocht (Ceannaireacht agus Bainistíocht) amach ó Ollscoil Leeds Beckett. D’oibrigh sí leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí, ar an bhfoireann bunscoile do ETIM ag dearadh agus éascú forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí bunscoile i Matamaitic, Eolaíocht agus ETIM. Chaith sí seal ag obair mar Theagascóir Socrúcháin Scoile d’Institiúid Oideachais Marino freisin. I láthair na huaire, tá Máistreacht i Staidéar Oideachais Matamaitice Bunscoile idir lámha aici.

Bríd Ní Dhonnchadha
Ceapadh Bríd Ní Dhonnchadha ina hOifigeach Oideachais Bunscoile le COGG i mí Lúnasa 2023. Is múinteoir bunscoile í atá ar iasacht ó Ghaelscoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Bhain sí a céim B.Oid. amach i gColáiste Phádraig agus tá taithí aici mar mhúinteoir bunscoile i gcomhthéacsanna éagsúla sa chóras oideachais. Tar éis di Ard-Dioplóma sa Staidéar Gnó a bhaint amach, chaith sí tréimhse ag obair in earnáil na teilifíse. D’oibrigh Bríd leis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (SFGM) mar Chomhairleoir Litearthachta. Tá blianta fada caite aici ag obair i bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí le béim ar leith ar thacaíocht a chur ar fáil do mhúinteoirí agus ceannairí scoile i réimsí na teanga agus na litearthachta. Is iartheagascóir Gaeilge í le Coláiste Hibernia. Tá suim aici i ngach gné de theagasc na Gaeilge agus teagasc trí Ghaeilge.

 

Comhaltaí na Comhairle

Ceapadh comhaltaí reatha nua na Comhairle – tuistí, oidí agus oideachasóirí eile, i gcomhair téarma oifige nua i Márta 2022. Is é ról na Comhairle ná forálacha Alt 31 den Acht Oideachais (1998) a fheidhmiú.

Ainm Sonraí
Cathnia Ó Muircheartaigh Ainmní an Aire agus Cathaoirleach
Fiona Ní Mheachair An Chigireacht
Aodh MacCraith Gaeloideachas
Nóra Ní Loingsigh Gaeloideachas
Pádraig Mac Grianna Údarás na Gaeltachta
Éanna Ó Cróinín Údarás na Gaeltachta
Elaine Ní Neachtain CNCM
Niamh Nic Cana Foras na Gaeilge
Máirín Ní Chéileachair CMÉ
Lorraine Finn CMMÉ
Gilbert de Búrca AMÉ
Eibhlín Nic Gearailt Comhairle Churaclaim Scrúduithe agus Measúnaithe Thuaisceart Éireann

Miontuairiscí na gCruinnithe

Miontuairiscí COGG – 16 Iúil 2015
Miontuairiscí COGG – 6 Deireadh Fómhair 2015
Miontuairiscí COGG – 10 Samhain 2015
Miontuiariscí COGG – 19 Eanáir 2016
Miontuairiscí COGG – 19 Aibreán 2016
Miontuairiscí COGG – 14 Meitheamh 2016
Miontuairiscí COGG – 29 Meán Fómhair 2016
Miontuairiscí COGG – 17 Samhain 2016
Miontuairiscí COGG – 7 Feabhra 2017
Miontuairiscí COGG – 21 Márta 2017
Miontuairiscí COGG – 12 Nollaig 2017
Miontuairiscí COGG 2018
Miontuairiscí COGG 2019
Miontuairiscí COGG 2020
Miontuairiscí COGG 2021
Miontuairiscí COGG 2022

 

 


 

Córas Iniúchóireachta Inmheánach

Tá sé de bheartas ag An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) córas iniúchóireachta inmheánach ar ardchaighdeán a bheith i bhfeidhm aici a thagann leis na cleachtais is fearr atá aitheanta chuige sin go reachtúil sa statchóras agus de réir treoracha na Roinne Airgeadais.

Cuirtear seirbhís iniúchóra inmheánach ar fáil don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta ag cuntasóir cáilithe.

Is iad seo a leanas dualgais an iniúchóra inmheánaigh:

  • Iniúchadh a dhéanamh ar bhonn rialta ar chuntais agus ar chleachtais agus ar chórais smachtaithe inmheánacha airgeadais COGG agus moltaí a chur ar fáil maidir lena leasú nó a fheabhsú nuair is gá.
  • Freastal ar an dá chruinniú in aghaidh na bliana den Choiste Iniúchóireachta COGG, tuairisc a chur faoi bhráid an Choiste agus ceisteanna ón gCoiste a fhreagairt maidir le cuntais agus cleachtais airgeadais COGG.

Sa chás go ndéanann An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta Ordú Ceannaigh de bhreis ar €20,000, foilseofar an t-eolas ar an suíomh seo

Tá naisc chuig Téarmaí Tagartha agus Polasaí Coimhlint Leasa COGG ar fáil thíos.

Téarmaí Tagartha

Polasaí Coimhlint Leasa COGG

Aighneachtaí

Stráitéis Litearthachta agus Uimhearthachta 2015 (PDF)
Aighneacht maidir leis an Stráitéis Náisiúnta Scileanna (PDF)
Athbhreithniú ar an Straitéis Litearthachta agus Uimhearthachta (PDF)
Aighneacht maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Pdf)
Aighneacht maidir le Plean Stráitéiseach na Comhairle Múinteoireachta (PDF)
Creat le haghaidh Comhairliúcháin ar Stráitéis um Theangacha (PDF)
Aighneacht ar Churaclam Teanga na Bunscoile (PDF)
Aighneacht COGG maidir le Dréachtscéim Ghinearálta do Bhille Oideachais (Iontráil ar Scoil) 
Aighneacht an Chomhairle Mhúinteoireachta (PDF)
SESS (PDF)
Aighneacht le cur faoi bhráidan Roinn maidir le Litearthacht & Uimhearthacht (PDF)
Polasaithe Rollúcháin Scoileanna (PDF)
National Strategy for Higher Education (PDF)
Submission from COGG to NCCA on the Politics & Society (PDF)
Aighneacht maidir le Scéime faoi Fhorálacha Acht na dTeangacha Oifigúla (PDF)
Freagra ón Irish Times (PDF)
Udarás Ard-Oideachas (PDF)
Chomhairliúchán na Comhairle Múinteoireachta ar an Ráiteas Straitéiseach (PDF)
Aighneacht le cur faoi bhráid An Post (2001) (PDF)
Aighneacht ó COGG i dtaca le dréachtsiollabas don chlár ‘An Pholaitíocht agus an tSochaí’ (PDF)

 

An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)
Téigh chuig an leathanach ar Ráiteas Phríobháideachais & Téarmaí agus Coinníollacha chun polasaí príobháideachais COGG a léamh
Teagmháil :  rgcs@cogg.ie
Oifigeach Cosanta Sonraí – Tara Carton: dpo@education.gov.ie

 

Saoráil Faisnéise
Saoráil Faisnéise
Faisnéis faoin gComhshaol

Oifigeach Rochtana
Jacqueline Ní Fhearghusa
jacquelinenifhearghusa@cogg.ie
087 9677282