Faisnéis faoin gComhshaol

Faisnéis faoin gComhshaol

 

Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

De bhun Threoir 2003/4/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol), Rialacháin 2007 go 2014 (I.R. 133 de 2007, I.R. 662 de 2011, agus I.R. 615 de 2014), agus faoi réir eisceachtaí áirithe, tá tú i dteideal iarratas a dhéanamh ar fhaisnéis (eolas) faoin gcomhshaol atá i seilbh COGG.

Iarratas ar Fhaisnéis faoin gComhshaol

Chun iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin seo, iarrtar ort iarratas i scríbhinn a sheoladh chugainn, ag leagan amach cén fhaisnéis atá uait:

An tOifigeach Faisnéise

COGG23 Plás WindsorBaile Átha Cliath

D02 RD80

Nó is féidir iarratas a sheoladh ar rphost chuig: foi@cogg.ie

Nóta: Bí cinnte a rá sa litir go bhfuil an fhaisnéis atá uait á hiarraidh agat faoi ‘Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014’. Cuir na sonraí seo a leanas i d’iarratas le do thoil:

 D’ainm agus do shloinne, agus do sheoladh (agus uimhir fóin más féidir),

An fhaisnéis nó na cáipéisí atá á lorg agat, agus,

Más mian leat an fhaisnéis a fháil i bhfoirm áirithe (mar shampla cóip chrua, r-phost agus araile) é sin a lua.

Bí chomh soiléir agus chomh sonrach is atá tú in ann a bheith agus tú ag déanamh iarratais agus cuir a mhéid eolais is féidir leat ar fáil chun cur ar chumas na heagraíochta na taifid atá uait a aimsiú. Déanfaimid teagmháil leat más gá chun a chinntiú go dtuigimid an t-iarratas i gceart. Cuirfimid freagra chugat tráth nach déanaí ná mí ón dáta a fuarthas an t-iarratas.

 

Táillí

De réir Rialacháin AIE, níl aon táille tosaigh de dhíth nuair atá iarratas á dhéanamh ar fhaisnéis faoi Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol chuig an eagraíocht seo. Is féidir le heagraíocht phoiblí táille réasúnta a ghearradh afách nuair a chuireann said faisnéis maidir leis an gcomhshaoil ar fáil faoi réir na Rialacháin.

 Gearrann an eagraíocht seo táillí mar seo a leanas:

 Má tá cóipeanna crua ag teastáil ón iarratasóir, d’fhéadfaí táille €0.04c a ghearradh ar bhileog, ag brath ar an méid eolais atá san iarratas.

Baineann táille de €10 do sholáthar eolais ar CD-ROM.

Cuirfear eolas faoi na táillí, más ann dóibh, in iúl duit sa litir chinneadh chríochnaitheach ón eagraíocht.

 

Ceart Achomhairc

Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ar do litir is féidir leat athbhreithniú inmheánach a iarraidh ó Fheidhmeannach níos sinsearaí i COGG. Chun athbhreithniú inmheánach a iarraidh, is ceart scríobh chuig an seoladh céanna thuasluaite.

 Mura mbíonn tú sásta leis an bhfreagra ón bhFeidhmeannach sin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh ansin le hOifig an Choimisinéara Faisnéise le hachomharc a dhéanamh. Baineann táille leis an achomharc seo. Tá nasc anseo thíos chuig suíomh idirlín Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil | OCFC (ocei.ie)