Na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003
- Tháinig an tAcht um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ar an 21 Aibreán 1998 agus tugadh isteach cearta dlí do dhaoine lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid oifigiúla atá i seilbh Ranna Rialtais agus comhlachtaí poiblí liostaithe eile,
- chun faisnéis phearsanta atá i seilbh fúthu a cheartú nó a thabhairt cothrom le dáta i gcás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach, agus
- chun na cúiseanna a bhaineann le breitheanna a thugann comhlachtaí poiblí, breitheanna a théann i gcion orthu, a fháil.
Tugtar ceart don phobal, chomh fada agus is féidir, de réir an Achta, teacht ar fhaisnéis nuair a thagann sin le leas an phobail agus le ceart príobháideachais an duine faoi réir díolúintí áirithe.
Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltacht & Gaelscolaíochta faoin Acht ón 31 Bealtaine 2006.
Tá faisnéis i dtaobh fheidhmeanna agus thaifid COGG le fáil i Leabhar TagarthaAlt 15 de chuid COGG atá le foilsiú de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise. Tá faisnéis i dtaobhtreoirlínte agus chleachtaisCOGG le fáil freisini Leabhar Tagartha Alt 16 maidir le Rialacha agus Cleachtais Alt 16 atá le foilsiú de réir an Achta um Shaoráil Faisnéise.