
AN CHEATHRÚ GHAELTACHTA AG HIGHER OPTIONS
COGG @ AN CHEATHRÚ GHAELTACHTA, HIGHER OPTIONS
SEACHTAIN MHÓR GHAIRMEACHA DO COGG
Den chéad uair, beidh seastán ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag an Aonach Gairmeacha, Higher Options atá á reáchtáil ag an Irish Times san RDS ón gCéadaoin go dtí an Aoine an tseachtain seo (20-22 Meán Fómhair). Is ag an gCeathrú Ghaeltachta a bheidh an seastán – rannóg úrnua atá á cur ar siúl ag lucht eagraithe Higher Options chun eolas a scaipeadh ar scoláirí agus ar mhúinteoirí faoi na deiseanna ar fad atá ann do ghairmeacha beatha le Gaeilge. Roinnfidh COGG seastán le Saoloibre.ie, agus idir an dá sheastán, is féidir eolas a fháil faoi chosáin ghairmeacha éagsúla mar aon le féiríní deasa – acmhainn nua COGG san áireamh – An Pacáiste eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge.
Beidh an Cheathrú Ghaeltachta, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, lonnaithe i Halla na dTionscal san RDS agus beidh eagraíochtaí Gaeilge eile i láthair – An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Conradh na Gaeilge, mar shampla – agus institiúidí tríú leibhéal a chuireann cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge. Beidh seans ag scoláirí agus múinteoirí freastal ar chainteanna atá dírithe ar ghairmeacha le Gaeilge ó leithéidí Údarás na Gaeltachta, TG4, Oifig an Choimisinéara Teanga nó beidh seans acu cupa tae nó caife a ól sa chaife Gaelach a bheidh oscailte san RDS do na 3 lá! Tá a thuilleadh eolais faoin gCeathrú Ghaeltachta anseo.
Bígí linn, a scoláirí agus a mhúinteoirí, “ Do ghairm, do theanga, do thodhchaí”