nuacht

Bleaist Eolaíochta 2024

Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta

Dáta druidte – 15 Nollaig. Cláraigh anseo.

Is clár oideachais neamhiomaíocht do bhunscoileanna é Bleaist Eolaíochta ESB ina bhfiosraíonn an rang iomlán an eolaíocht a bhaineann le ceist shimplí. Cuirtear an obair ranga i láthair ag an ócáid.

Beidh COGG agus An Foras Pátrúnachta, i gcomhpháirt leis an RDS, ag eagrú ‘Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta’ mar chuid den Bhleaist Eolaíochta arís in 2024. Bhí an-rath ar an ócáid sin cheana agus beidh sé ar siúl arís ar an 7 Márta 2024 san RDS. Is deis iontach í seo do pháistí teacht le chéile agus dea-obair s’acu a cheiliúradh le chéile chomh maith le spraoi a bheith acu trí Ghaeilge!

Ní obair bhreise atá i gceist leis an ócáid seo ach gnáthobair ranga a chur i láthair. Bíonn tacaíocht ar fáil ó fhoireann an RDS i rith an ama agus bronnfar gradam ar gach rang a ghlacann páirt ann.

Táimid lán-sásta tacaíocht a thabhairt don ócáid agus don lá speisialta seo, lá gur féidir le scoileanna lán-Ghaeilge teacht le chéile agus molaimid do gach scoil páirt a ghlacadh ann. Beidh ceardlanna agus siamsaíochtaí éagsúla ar siúl ar an lá. Is cinnte go mbainfidh na páistí agus na múinteoirí an-tairbhe as.

Chun cabhrú le costais taistil a íoc, beidh deontas de €100 ar fáil ón RDS agus €100 eile ó COGG / An Foras Pátrúnachta do gach gaelscoil agus scoil ghaeltachta a bheidh i láthair (€200 san iomlán).

Má bhíonn aon cheist agat faoin ócáid seo, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil le foireann an RDS trí na sonraí teagmhála seo – scienceblast@rds.ie. Beidh siad breá sásta cabhrú leat.

 

Tarrac

Tá TARRAC ar fáil sna pictiúrlanna do ghrúpaí OIar-bhunscoile,Ollscoile agus clubanna.

Déan teagmháil le  Claire@eclipsepictures.ie chun níos mó eolais a fháil.

Cuireann PARKLAND ENTERTAINMENT & ECLIPSE PICTURES an scannán Gaeilge TARRACi láthair.

Faoi stiúir Declan Recks. Scríofa ag Eugene O’Brien. Léirithe ag Clíona Ní Bhuachalla.
I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo TARRAC a bhfuil duaiseanna buaite aige agus is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.

Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair ‘The Bear’ Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí. I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair. Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.

Fad: 94 nóiméad / Deimhniú IFCO: 15a / Deimhniú BBFC: 15

TG4, Fís Éireann agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh Tarrac
mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil.

Tairiscintí á lorg

Taighde ar Riachtanais Speisialta Oideachais in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge (iar-bhunscoileanna T1)

Taighde a dhéanamh, mar atá déanta ag an mbunleibhéal T1, ar na riachtanais speisialta oideachais (RSO), in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla.

Níos mó eolais ar fáil anseo.

Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin: Ceardlann i mBosca

Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha – An tSraith Shóisearach

Acmhainní chun tacú le múinteoirí agus iad ag tabhairt faoin gearrchúrsa Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. Cruthaithe ag an Dr. Ricardo Castellini da Silva ó EDMO i gcomhpháirt le COGG.

Ar fáil anseo.

Tá seimineáir gréasáin ar siúl ar an 23 agus 28 Samhain. Níos mó eolais anseo.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Dr. da Silva ag ricardo.castellinidasilva@dcu.ie má tá aon cheist agat.

Tá TG4 ag lorg bhur gcúnamh!

A mhúinteoirí! Tá TG4 ag lorg bhur gcúnamh!  Tá TG4 ag déanamh taighde le cuidiú leo freastal níos fearr a dhéanamh ar scoileanna agus ábhar tacaíochta oideachais a fhorbairt.
Beidh na freagraí úsáideach do TG4 agus iad ag iarraidh áiseanna agus cláracha oideachais a chruthú atá óiriúnach i scoileanna na tíre.
Meastar go dtógfaidh sé 10-12 nóiméad an suirbhé a líonadh.
Bheadh TG4 buíoch as tuairimí s’agaibh féin a roinnt leo.
Is féidir teacht ar an suirbhé scoile ag an nasc seo;

Seachtain na Matamaitice 2023

Tascanna Nua do Mhol Mata
Tá tascanna nua cruthaithe chun tacú le húsáid Mhol Mata insan seomra ranga. Is féidir leat iad a aimsiú anseo.
Tráth na gCeist ar Líne do Rang 5 agus 6
Chun céiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Mata tá COGG tar éis Tráth na gCeist ar Líne a eagrú do Rang 5 agus 6. Beidh sé ar siúl ar an gCéadaoin 18 Deireadh Fómhair ag 11 r.n.
Fág na leabhair ar lár agus oibrigh le do chairde chun ceisteanna spraíúla Mata a fhreagairt!

Comórtas Náisiúnta SCILEANNA GAIRME 2023 ó SaolOibre agus AIB

Comórtas Náisiúnta SCILEANNA GAIRME 2023 ó SaolOibre agus AIB le tacaíocht ó COGG

An bhfuil tú ag déanamh na hldirbhliana nó na hArdteiste?

Inis duinn faoi na scileanna Gairme a d’aimsigh tú i rith do chuid taithí oibre agus féadfaidh tú duaiseanna iontacha a bhuachan, ina measc ríomhairí gluine MacBook Air, Camera GoPro agus 1,000 do do scoil.
Baineann an comórtas iontach seo le do chuid taithí Oibre agus tugann sé luach saothair do thaighde ghairme. Tabharfaidh sé deis duit macnamh a dhéanamh ar na scileanna gairme a d’fhorbair tú agus a thaispeáint conas a d’fhéadhfadh na scileanna seo dul chun tairbhe duit i do ghairm amach anseo.

1ú duais – MacBook Air & €1,000 don scoil.

Glacaimid le hiontrálacha vlog anois freisin.

Spriocdháta: 20ú Aibreán 2023

Le cur isteach air, déan teagmhail le do Chomhordaitheoir san Idirbhliain, san Ardteist Fheidhmeach nó i nGairmchlár na hArdteiste nó le do Threoirchomhairleoir nó tabhair cuairt anseo lé tuilleadh sonraí a fháil.

Sonraí Iomlána

1 2 3 4 5