Modúl Idirbhliana ar Zoom dírithe ar dhaltaí Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge.
Ar siúl idir 1 agus 4 Márta 2021.
Beidh deis ag scoláirí idirbhliana tabhairt faoin modúl nua iriseoireachta ar líne, a bheidh á mhúineadh ag cuid de phlúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.
Reáchtálfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an modúl, Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais. Beidh an modúl dírithe ar scoláirí Idirbhliana in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán físchomhdhála Zoom idir 1 agus 4 Márta 2021.
Is deis atá ann do scoláirí léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta, ionas go bhfeicfeadh scoláirí idirbhliana céard atá i gceist, agus an mbeadh suim acu obair a dhéanamh sa réimse sin sa todhchaí.
LE CLÁRÚ
Le clárú ba cheart do scoileanna dul i dteagmháil le peadar@cogg.ie le léirithe spéise agus nasc clárúcháin a fháil.
Is í an Chéadaoin 10 Feabhra an spriocdháta do léirithe spéise ó scoileanna.
Is é an Luan 22 Feabhra an spriocdháta do scoláirí le clárú.
Cé dó an modúl seo?
Conas is féidir clárú don mhodúl?
An bhfuil spriocdháta leis an ríomhphost léirithe spéise agus leis an gclárúchán?
An bhfuil teorainn le líon na gclárúchán?
Conas a reáchtálfar an modúl?
An mbeidh treoir á cur ar fáil do mhúinteoirí maidir le hamchlár laethúil agus gníomhaíochta an mhodúil?
Cé hiad na hiriseoirí a bheidh páirteach sa mhodúl seo?
Tabharfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg cuntas ar na ceisteanna crua a chuireann sí ar dhaoine gach lá ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Glacfaidh na láithreoirí nuachta – Eimear Ní Chonaola agus Siún Nic Gearailt – páirt sna ranganna ag tabhairt léargais ar an saol laethúil sna meáin.
Clúdóidh Siún Ní Dhuinn ó RTÉ Digiteach/Gaeilge.ie na dúshláin a bhaineann le scéalta a sholáthar d’ardáin ar líne. Pléifear gairmeacha sna meáin chomh maith le scéalta spóirt a chlúdach do phobal na hÉireann, dream a bhfuil spéis mhór acu ina leithéid.
An bhfaighidh scoláire aitheantas as ucht freastal ar an modúl seo?
Beidh líon teoranta spáis agus moltar do dhaltaí agus scoileanna a bhfuil suim acu san iriseoireacht clárú go luath.