All posts by COGG

Cúrsa Gaeilge COGG faoi stiúir Ghaelchultúr

 

Chuir COGG ranganna Gaeilge ar fáil ar líne do mhúinteoirí an bhliain seo caite i gcomhar le Gaelchultúr, don chéad uair. Tógann na ranganna seo ar an obair a dhéantar le linn an dianchúrsa COGG i mí Lúnasa chun tacú le múinteoirí atá ag múineadh trí Ghaeilge.

Tá na ranganna céanna á gcur ar fáil againn arís i mbliana ag tosú ar na dátaí thíosluaite. Saor in aisce ach éarlais €50 a íoc.*

Is cúrsa deich seachtaine é an cúrsa Gaeilge seo atá oiriúnach do mhúinteoirí iar-bhunscoile sna Gaelcholáistí agus sna scoileanna Gaeltachta. Is é sprioc an chúrsa cabhrú leis na rannpháirtithe Gaeilge atá cruinn ó thaobh na gramadaí de agus an stór focal riachtanach a fhoghlaim. Tá an cúrsa Gaeilge á chur ar fáil i gcomhar le Gaelchultúr agus roinnfear do chuid sonraí clárúcháin le COGG.

*Má fhreastalaíonn tú ar 8 rang nó níos mó, gheobhaidh tú aisíocaíocht €50.

Tá na ranganna á soláthar ag leibhéil éagsúla chun tacú le múinteoirí an leibhéal is oiriúnaí dóibh a aimsiú. Tuigeann COGG go rí-mhaith an ghéarchéim atá ann maidir le hearcú múinteoirí, go háirithe múinteoirí a bhfuil ardchaighdeán acu sa Ghaeilge.

Seo a leanas na mionsonraí agus an nasc clárúcháin a bhaineann leis na ranganna (faoi stiúir Ghaelchultúir) ach is féidir teagmháil a dhéanamh le hoifig COGG ag [email protected]  ag am ar bith má tá aon cheist agat ina leith.

1. Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 2 Deireadh Fómhair 2023.

2. Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.

3. Beidh sos lár-téarma ann (30/10/23 go 3/11/23).

4. Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 4 Nollaig 2023.

5. Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.

6. Beidh €100 le híoc ag múinteoirí ach má fhreastalaíonn siad ar 8 rang nó níos mó, gheobhaidh siad aisíocaíocht €50.

Múinteoirí

·         Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)

·         Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 3 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)

·         Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)

·         Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 4 Deireadh Fómhair, 7-9pm Ar líne (zoom)

Nasc: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg

Breis eolais faoi nádúr na ranganna:

 

Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag ar ardchaighdeán. Bíonn na cúrsaí ar fad a mhúineann Gaelchultúr foghlaimeoirlárnach agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt lárnach agus ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir  a bheith i mbun na  cainte go léir. Tugtar teastas tinrimh do na rannpháirtithe ag deireadh an chúrsa.

AN CHEATHRÚ GHAELTACHTA AG HIGHER OPTIONS

COGG  @ AN CHEATHRÚ GHAELTACHTA, HIGHER OPTIONS

SEACHTAIN MHÓR GHAIRMEACHA DO COGG

           A blue background with white text Description automatically generated                  A black text on a white background Description automatically generated

                                                          A blue and green logo Description automatically generated

Den chéad uair, beidh seastán ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ag an Aonach Gairmeacha, Higher Options atá á reáchtáil ag an Irish Times san RDS ón gCéadaoin go dtí an Aoine an tseachtain seo (20-22 Meán Fómhair).  Is ag an gCeathrú Ghaeltachta a bheidh an seastán – rannóg úrnua atá á cur ar siúl ag lucht eagraithe Higher Options chun eolas a scaipeadh ar scoláirí agus ar mhúinteoirí faoi na deiseanna ar fad atá ann do ghairmeacha beatha le Gaeilge.  Roinnfidh COGG seastán le Saoloibre.ie, agus idir an dá sheastán, is féidir eolas a fháil faoi chosáin ghairmeacha éagsúla mar aon le féiríní deasa – acmhainn nua COGG san áireamh – An Pacáiste eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge.

 Beidh an Cheathrú Ghaeltachta, atá urraithe ag Foras na Gaeilge, lonnaithe i Halla na dTionscal san RDS agus beidh eagraíochtaí Gaeilge eile i láthair – An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Conradh na Gaeilge, mar shampla – agus institiúidí tríú leibhéal a chuireann cúrsaí ar fáil trí Ghaeilge.  Beidh seans ag scoláirí agus múinteoirí freastal ar chainteanna atá dírithe ar ghairmeacha le Gaeilge ó leithéidí Údarás na Gaeltachta, TG4, Oifig an Choimisinéara Teanga nó beidh seans acu cupa tae nó caife a ól sa chaife Gaelach a bheidh oscailte san RDS do na 3 lá! Tá a thuilleadh eolais faoin gCeathrú Ghaeltachta anseo.

 Bígí linn, a scoláirí agus a mhúinteoirí, “ Do ghairm, do theanga, do thodhchaí”

Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

Is cúis mhór áthais do COGG an Pacáiste Eolais um Threoir: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge a sheoladh chugat.

Ba léir dúinn go raibh gá le hacmhainn den sórt seo in iar-bhunscoileanna fud fad na tíre – acmhainn a chuirfeadh idir dhaoine óga agus mhúinteoirí ar an eolas faoi na deiseanna iontacha atá ann dóibh siúd ar spéis leo gairm le Gaeilge agus trí Ghaeilge. Bhí sé mar sprioc againn eolas ar réimse éagsúil gairmeacha a chur ar fáil, agus treoir a thabhairt maidir le conas na deiseanna iontacha sin a thapú.

D’oibríomar i gcomhpháirt le heagraíochtaí eile, agus b’iontach an tacaíocht a fuaireamar uathu go léir le linn an togra. Táimid an-bhródúil as toradh na hoibre sin, agus táimid cinnte go mbainfidh na scoláirí agus múinteoirí (comhairleoirí treorach, comhordnóirí Idirbhliana, múinteoirí Gaeilge, príomhoidí agus pobal uile na scoile) tairbhe agus taitneamh as a bhfuil le foghlaim ón bPacáiste Eolais.

Agus sinn ag tabhairt faoi na céad chéimeanna eile san obair seo, tá plean leagtha amach againn don scoilbhliain atá romhainn:

  • Tá an pacáiste seo á sheoaldh amach chuig gach scoil T1 faoi láthair agus tá leagan digiteach de ar fáil ag COGG | Sonraí Acmhainní (tairseachcogg.ie)
  • Seolfaidh Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, an pacáiste eolais ar an 26 Meán Fómhair ag an Aonach Gairme Options West, Gaillimh.
  • Reáchtálfar clár FGL (Forbairt Ghairmiúil Leanúnach) do mhúinteoirí/chomhairleoirí treorach idir Samhain – Nollaig 202
  • Den chéad uair, beidh seastán ag COGG ag Higher Options san RDS (An Cheathrú Ghaeltachta) an 20-22 Meán Fómhair agus ag Options West, Gaillimh ar an 26 Meán Fómhair.
  • Tá súil againn go mbeidh seastán againn ag Comhdháil Bhliantúil an IGC (Institute of Guidance Counsellors) i Márta 2024.
  • Forbrófar leagan dátheangach den acmhainn seo a bheidh níos dírithe ar scoileanna T2 in
  • Déanfar sraith físeán mar thaca leis an acmhainn in

Má tá aon cheist agat, má tá eolas breise uait, nó go deimhin má tá cóipeanna breise den acmhainn ag teastáil uait, beidh an-fháilte romhat teagmháil a dhéanamh liom ag: [email protected].

Le gach dea-ghuí,

Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile, COGG

Féile Haiceála do Dhaltaí Iar-bhunscoile

Beidh féile haiceála á reáchtáil ag Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge (FSG), DCU an fómhar seo!

Áit: Bialann Theach na Sinsear, ar Champas na Naomh Uile, DCU (Mapa Google & Mapa DCU).

Am: 14:00-17:00, 29 Samhain 2023.

Fearfar fáilte roimh iomaitheoirí aonair agus roimh fhoirne, agus déanfar breithiúnas ar ghnéithe éagsúla dá gcuid oibre. Is do mhic léinn ollscoile (bunchéime nó iarchéime) agus do dhaltaí meánscoile an ócáid seo. Beidh an ócáid á reáchtáil trí Ghaeilge, ach ní gá go mbeadh Gaeilge agat. Beidh cur i láthair 120 soicind le déanamh don slua ar an lá, agus beidh na moltóirí ag iarraidh spléachadh a thabhairt ar an gcód foinseach i rith an lae.

Is féile saor in aisce í seo ach clárú linn faoin 18 Meán Fómhair, 23:59, trí rphost a sheoladh chuig [email protected]. Cuir “Féile Haiceála 2023” mar ábhar ar an rphost, le do thoil, agus sonraigh ainm na foirne (más ann dó – d’ainm féin más iomaitheoir aonair thú), riachtanas bia, agus ainm chaptaen na foirne sa ríomhphost úd. Seolfar sonraíocht na féile chuig na hiomaitheoirí atá cláraithe ar an 15 Meán Fómhair sa chaoi gur féidir tús a chur leis an bpleanáil agus leis an bhforbairt.

Beidh pizza agus caife saor in aisce ann do na hiomaitheoirí uilig.

Beidh duaiseanna AIRGID agus FÉIRÍNÍ le bronnadh orthu siúd a bheas i láthair ar an lá.

Déanfar breithiúnas ar ghnéithe teicniúla den phíosa teicneolaíochta a chruthófar, agus ar ghnéithe eile a shonraítear sa rúibric thíos.

Cárta Scórála

  • Castacht theicniúil
  • Úrnuacht
  • Snas, dearadh agus críochnúlacht
  • Úsáideacht nó feidhmiúlacht
  • Pointí bónais*

*Bronnfar pointí bónais má léirítear gur foghlamaíodh rud éigin nua, as fadhb nua a aithint, as a bheith gúfaí greannmhar, nó as na moltóirí a mhealladh le plámás!

Scríbhneoirí Míreanna Páirtaimseartha

Tá an Foras Taighde ar Oideachas (FTO) ag lorg scríbhneoirí míreanna chun ceisteanna a fhorbairt do thrialacha scagthástála agus diagnóiseacha don luathlitearthacht (Gaeilge agus Béarla) agus don luathuimhearthacht ag leibhéal na Naíonán Sinsearach agus do Rang a hAon.  Sa ról seo beidh suas le sé huaire an chloig oibre in aghaidh na seachtaine i gceist ar feadh tréimhse suas le 12 sheachtain idir mí Dheireadh Fómhair 2023 agus mí Eanáir 2024.

Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil.

Seol litir iarratais agus CV chuig: [email protected] faoi 5.00 i.n. Dé Luain, 25 Meán Fómhair, 2023.

Pobail Chleachtais – Nua Theangacha Iasachta

I gcomhpháirt le Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI) tá COGG ag soláthrú leagan ar líne den Phobal Cleachtais sa Nua Theangacha iasachta do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar an 14-09-23 óna 7-8 i.n.

Cláraigh thíos agus seolfar an nasc chugat: https://www.surveymonkey.com/r/67ST7NN

Tá cóip chrua den sraith seolta go dtí an scoil, ach is féidir í a íoslódáil anseo https://languagesconnect.ie/open-night-toolkit/

Stair Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta

“Léarscáil scéala” de chuid ArcGIS atá le fáil anseo a thabharfaidh comhthéacs don úsáideoir agus iad ag baint leasa as an léarscáil idirghníomhach atá le fáil ANSEO. Tá feidhmiúlacht níos fearr don léarscáil ar ríomhairí ná mar atá ar ghutháin.

Tá 53 agallamh béil le fáil sa léarscáil idirghníomhach chomh maith trí chliceáil ar na pointí daite de na scoileanna atá beagáinín níos mó agus ansin ar “Eolas”. Tá dhá agallamh ann do roinnt de na scoileanna. Sna cásanna sin beidh an dara hagallamh le fáil sa chur síos faoi bhun an fhíseáin.

Is féidir teacht ar na hagallaimh uilig a mbaineann le Gaelscoileanna/Gaeloideachas trí chliceáil ar an bpointe ina bhfuil an oifig lonnaithe i Marino i mBaile Átha Cliath.

Nó, mar rogha eile, is féidir teacht ar an iomlán ar YouTube ANSEO