All posts by COGG

Comhdháil 2023 – Ceannaireacht, Comhoibriú agus Cumarsáid


Comhdháil do Phríomhoidí, do Phríomhoidí Tánaisteacha agus do Mhúinteoirí i
bhfeighil ar Aonaid a fheidhmíonn in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus i
nGaelcholáistí in Óstán na Páirce, Muileann gCearr, Déardaoin, an 20 Aibreán
2023.

“Ceannaireacht, comhoibriú agus cumarsáid”

Tá an chomhdháil seo á heagrú ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta &
Gaelscolaíochta (COGG) i gcomhar leis na seirbhísí taca oideachais thuasluaite.
Is ré chinniúnach é seo do na hiar-bhunscoileanna T1 agus ba chóir an deis a thapú anois tacú lena chéile mar earnáil chun dea-chleachtais a roinnt agus deiseanna líonraithe a fhorbairt.

Mar threoir, tá sé i gceist i measc ábhair eile scagadh a dhéanamh ar na topaicí seo a leanas:

1. Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta: Moltaí chun tacú le hIar-bhunscoileanna T1

2. Polasaí Gaeilge don Oideachas Lán-Ghaeilge

3. Gaeilge labhartha na scoláirí: dea-chleachtais & dúshláin

4. Cur chuige an tumoideachais i scoileanna T1

Is féidir clárú anseo.

Beidh an lóistín agus an bia maoinithe ag COGG.

 Seol ríomhphost chuig [email protected] má tá aon cheist agat.

Táimid ag súil go mór le bheith ag obair libh ar an lá.

Comórtas Náisiúnta SCILEANNA GAIRME 2023 ó SaolOibre agus AIB

Comórtas Náisiúnta SCILEANNA GAIRME 2023 ó SaolOibre agus AIB le tacaíocht ó COGG


An bhfuil tú ag déanamh na hldirbhliana nó na hArdteiste?

Inis duinn faoi na scileanna Gairme a d’aimsigh tú i rith do chuid taithí oibre agus féadfaidh tú duaiseanna iontacha a bhuachan, ina measc ríomhairí gluine MacBook Air, Camera GoPro agus 1,000 do do scoil.

Baineann an comórtas iontach seo le do chuid taithí Oibre agus tugann sé luach saothair do thaighde ghairme. Tabharfaidh sé deis duit machnamh a dhéanamh ar na scileanna gairme a d’fhorbair tú agus a thaispeáint conas a d’fhéadhfadh na scileanna seo dul chun tairbhe duit i do ghairm amach anseo.

1ú duais – MacBook Air & €1,000 don scoil

Glacaimid le hiontrálacha vlog anois freisin.

Spriocdháta: 20ú Aibreán 2023

Le cur isteach air, déan teagmhail le do Chomhordaitheoir san Ldirbhliain, san Ardteist Fheidhmeach nó i nGairmchlár na hArdteiste nó le do Threoirchomhairleoir nó tabhair cuairt anseo lé tuilleadh sonraí a fháil.

Sonraí Iomlána

Tionscadal Taispeántais Leabharlainne TSCS – Catalóg nua AccessIt Library as Gaeilge

Mar chuid dá chéiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, tá Tionscadal Taispeántais Leabharlainne TSCS ag aistriú a gcatalóg nua AccessIt Library go Gaeilge i ngach ceann dá leabharlanna scoile.

Is í Kathleen Moran Leabharlannaí Sinsearach Tionscadal Leabharlainne TSCS agus dúirt sí, “is mian linn úsáid leabharlanna scoile a spreagadh inár scoileanna go léir. Le bheith in ann ár gcórais nua leabharlainne a athrú láithreach go Gaeilge le haghaidh Sheachtain na Gaeilge léiríonn sin bealach eile fós a bhfuil ár leabharlanna scoile ag cothú na Gaeilge, na léitheoireachta agus úsáid leabharlainne mar thacaíocht traschuraclaim don scoil uile.”

Anuraidh, i dtionscadal i bpáirt le COGG, d’aistrigh Pól Ó Cainín (COGG) Córas Accessit Library le haghaidh fhorbróirí Accessit Library ionas go bhféadfadh siad leagan Gaeilge de chatalóg Accessit Library a chur ar fáil. Chuir Jacqueline Ní Fhearghuas, Príomhfheidhmeannach COGG, fáilte roimh an tionscnamh agus roimh chur chun cinn na Gaeilge le haghaidh úsáid leabharlainne, agus bhí sí ag súil leis go mbeadh scoláirí ag baint úsaid as an gcatalóg.

Is ceannródaí domhanda i mBainistiú Leabharlanna Scoile é Accessit Library, agus is é an t-aon chóras ar domhan a bhfuil leagan Gaeilge aige. Is cúis bhróid í an bhaint atá aige le Tionscadal Leabharlainne TSCS san fhiontar seo. De réir Ken Wickstone, Bainisteoir Tráchtála Accessit Library, “b’fhurasta dúinn teacht le haidhmeanna Tionscadal Leabharlainn TSCS i gcur chun cinn cultúr léitheoireachta i scoileanna agus is cúis áthais dúinn gur roghnaigh siad Accessit chun a sprioc a bhaint amach.”

Tá tionchar cruthaithe dearfach ag leabharlanna scoile ar scoláirí. Cothaíonn siad ionbha agus spreagann siad samhlaíocht agus cruthaitheacht, agus tá tionchar cruthaithe dearfach ag na rudaí sin go léir ar thorthaí foghlama. Is féidir iad a úsáid freisin mar shlí chun litearthacht a chur chun cinn trasna an churaclaim – agus forbairt litearthachta sa Ghaeilge an príomhchúram sa tionscnamh áirithe seo.

 

Le haghaidh tuilleadh plé, déan teagmháil le;

Kathleen Moran, Ceannaire Tionscadail, TSCS (JCSP), 087 214 7787, [email protected]

Ken Wickstone, Accessit Library, 086 3877300, [email protected]

http://www.jcsplibraries.com/     www.accessitlibrary.com

Minister Foley announces the appointment of a new chair of COGG

The minister for Education, Norma Foley TD, announced today that Cathnia Ó Muircheartaigh will be appointed the new Chair of  r An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) for the term of four years, to the  28 February 2027, following a public service appointments process.

COGG advises the Minister of Education regarding policies relating to the provision and promotion of education through the medium of Irish, planning and providing textbooks and learning aids in Irish and researching strategies to increase the effectiveness of teaching and learning Irish.

Minister Foley said: “Tá an-áthas orm ceapachán Cathnia Ó Muircheartaigh a fhógairt mar Chathaoirleach ainmnithe COGG. Tá an-taithí ag Cathnia le tabhairt faoin ról agus táim muiníneach go stiúrfaidh sé obair COGG go saineolach as seo go ceann ceithre bliana”.

The minister thanked outgoing Chairperson, Dónal Ó hAiniféin, for his dedication and commitment to COGG’s work over the many years.

 

Iriseoirí an Lae Amárach

Iriseoirí an Lae Amárach

Modúl Idirbhliana ar Zoom dírithe ar dhaltaí Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge.

Ar siúl idir 7 agus 9 Márta 2023.

Beidh deis ag scoláirí idirbhliana tabhairt faoin modúl nua iriseoireachta ar líne, a bheidh á mhúineadh ag cuid de phlúr na n-iriseoirí teilifíse, raidió agus digití.

Reáchtálfaidh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Nuacht RTÉ agus TG4 an modúl, Iriseoirí an Lae Amárach le comhairle ón gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) agus ón Roinn Oideachais. Beidh an modúl dírithe ar scoláirí Idirbhliana in Iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Lán-Ghaeilge ar fud na tíre agus beidh sé ar siúl ar an ardán físchomhdhála Zoom idir 7 agus 9 Márta 2023.

Is deis atá ann do scoláirí léargas ar leith a fháil ar shaol na hiriseoireachta, ionas go bhfeicfeadh scoláirí idirbhliana céard atá i gceist, agus an mbeadh suim acu obair a dhéanamh sa réimse sin sa todhchaí.

LE CLÁRÚ
Le clárú ba cheart do scoileanna brú ar an nasc seo chun an foirm clárúcháin a líonadh isteach.

Is é an Aoine 3 Márta 2023 an spriocdháta do scoláirí le clárú.

Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir leat breathnú ar na ceisteanna coitianta thíos. Muna bhfuil an freagra atá uait ansin, is cóir ríomhphost a sheoladh chuig [email protected].

 

Ceisteanna Coitianta

Cé dó an modúl seo?

Is do scoláirí ó iar-bhunscoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid lán-Ghaeilge an modúl. Cé go bhfuil sé oscailte do gach uile scoláire san idirbhliain, díríonn an modúl isteach ar scoláirí a bhfuil spéis acu san iriseoireacht mar ghairm bheatha. Tá sé mar aidhm go dtabharfaidh an modúl seo bunchloch na hiriseoireachta agus scéalaíocht físe do scoláirí agus go dtabharfaidh sé spreagadh dóibh díriú isteach ar an gceird áirithe seo.  

Conas is féidir clárú don mhodúl?

Caithfidh comhordaitheoir na hidirbhliana nó múinteoir ábhartha eile cliceáil ar an nasc thuasluaite agus an foirm clárúcháin a líonadh amach ansin.

An bhfuil spriocdháta leis an gclárúchán?

Dúnfaidh an clárúchán Dé hAoine 3ú Márta 2023 ag a 5 i.n.

An bhfuil teorainn le líon na gclárúchán?

Níl teorainn spáis ar an modúl.

Conas a reáchtálfar an modúl?

Reáchtálfar an modúl ar líne tríd an gcóras ZOOM ar feadh tréimhse trí lá ón Máirt an 7 Márta, 2023 go dtí an Déardaoin an 9 Márta, 2023. Is foireann ó chúrsaí meán agus cumarsáide, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus iriseoirí RTÉ, a chraolann ar TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta agus a sholáthraíonn ábhar d’árdáin digiteacha a chuirfidh an modúl i láthair. Seolfar nasc an tseisiúin ZOOM chuig an scoil roimh thús an mhodúil.

An mbeidh treoir á cur ar fáil do mhúinteoirí maidir le hamchlár laethúil agus gníomhaíochta an mhodúil?

Tá an t-amchlár le fáil ar shuíomh na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.

An bhfaighidh scoláire aitheantas as ucht freastal ar an modúl seo?

Le críoch an mhodúil, seolfar teastas i bhfoirm PDF chun na scoile le priontáil agus le bronnadh ar an scoláire.

Breis Tacaíochta do Mhúinteoirí – Ranganna Gaeilge le Gaelchultúr

Tá an-áthas orainn (COGG) gur éirigh chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr roimh an Nollaig.  D’éirigh go hiontach leis na ranganna seo ar gach leibhéal agus táimid an-sásta go mbeidh ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag tacú le múinteoirí ina gcuid iarrachtaí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

 

Tosóidh na ranganna arís ag deireadh na míosa seo, an 28 Feabhra, agus leanfaidh siad ar feadh 10 seachtaine.  Díreoidh na cúrsaí Gaeilge ar mhúinteoirí:

 

  • nach bhfuil go huile is go hiomlán ar a gcompord leis an nGaeilge nó leis an teagasc trí mheán na Gaeilge, agus
  • ar mhúinteoirí eile ar mian leo barr feabhais a chur ar leibhéal reatha a gcuid Gaeilge. 

 

Táimid ag súil go dtacóidh na ranganna seo leis na múinteoirí ábhar agus iad ag obair go díograiseach ag teagasc agus ag cruthú ábhair agus nótaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

 

Is mian linn cabhrú le scoileanna dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le múinteoirí a earcú a bhfuil scoth na Gaeilge acu.  Tuigtear dúinn nach mbíonn sé de rogha ag príomhoidí agus ag boird bhainistíochta, uaireanta, ach múinteoirí nach bhfuil go hiomlán ar a gcompord leis an teanga a cheapadh ar an tuiscint go gcuirfidh siad lena gcuid scileanna teanga le himeacht ama.  Tá na cúrsaí seo dírithe ar na múinteoirí sin agus ar mhúinteoirí eile a bhfuil breis tacaíocht teanga uathu agus iad ag teagasc a gcuid ábhar trí Ghaeilge.

 

Ba mhór againn do thacaíocht in iarracht na múinteoirí a ghríosú chun an deis iontach seo a thapú.  Dá bhféadfá an ríomhphost seo a scaipeadh ar fhoireann teagaisc na scoile agus na ranganna tacaíochta seo a mheabhrú do mhúinteoirí ábhar, bheimis thar a bheith buíoch.

 

Tá COGG an-sásta tacú leis na múinteoirí san obair thábhachtach seo trí chuid shuntasach de tháille an chúrsa a íoc ar a son.  Gearraimid táille bheag ar na múinteoirí/na scoileanna chun a chinntiú go bhfreastalóidh na múinteoirí agus go bhfanfaidh siad an cúrsa.  De ghnáth is costas 240 euro an duine a ghearrann Gaelchultúr ar chúrsa mar seo, ach tá COGG sásta 140 euro a dhíol do gach múinteoir.   Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ach costas 100 euro ar gach múinteoir chun cúrsa Gaeilge den scoth a dhéanamh.  Anuas ar an lacáiste sin, má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as deich gcinn de na ranganna,  íocfar 50 euro an múinteoir ar ais leis an scoil/múinteoir ag deireadh an chúrsa.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó scoileanna/ mhúinteoirí a bhfuil deacracht acu leis an gcostas sin teacht i dteagmháil go díreach le COGG agus is féidir cabhrú leo rochtain a fháil ar na cúrsaí.

 

Clárú do na ranganna Gaeilge:

 

Iarrtar ar mhúinteoirí clárú go díreach le Gaelchultúr ag an nasc seo thíos roimh Dé hAoine 24 Feabhra:

 

https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg

 

Tá ceithre leibhéal luaite ann – A2 go C1 (bunrang 2 go hardrang 1) agus déanfar tástáil ar na múinteoirí chun a chinntiú go mbeidh siad sa rang is oiriúnaí.

 

Beidh na cúrsaí ar fáil ar líne ag na leibhéil seo a leanas:

 

  • Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

Sceideal na ranganna:

 

  • Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 27 Feabhra 2023
  • Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.
  • Beidh sos na Cásca ann  (3/4/23 go 17/4/23).
  • Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 15 Bealtaine 2023
  • Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.

 

 

GAELCHULTÚR – EOLAS FAOI RANGANNA.  www.gaelchultur.com

 

Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ar ardchaighdeán ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag. 

 

Is cúrsaí foghlaimeoirlárnacha ar fad iad na cúrsaí a mhúineann Gaelchultúr agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach agus tugtar tús áite do chleachtaí múscailte comhfheasa. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir an chaint go léir a dhéanamh.  Tabharfar teastas tinrimh do na rannpháirithe.

Book Launch

COGG would like to extend an invite to book launch in MOLI (Ba mhór ag COGG cuireadh a thabhairt duit freastal ar sheoladh leabhar i MOLI (Museum of Literature Ireland), Dublin, on Thursday 16th February at 6:30pm.

Dr Colm Henry, the Chief Clinical Office in the HSE will launch the book An Gadaí Bradach by Brendán Ó Dufaigh and Pádraig Ó Beaglaoich, Deputy Chief Executive of An Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) two books by  Ré Ó Laighléis – Máchail and Spluff Splaifeirtí agus an tIonradh ar an bPlainéad Marz.

This event is a celebration of the publications of both Breandán Ó Dufaigh and Ré Ó Leighléis during the pandemic as it has not been possible to organise such events for some time. 

Bígí linn!

RSVP: [email protected]