All posts by COGG

Breis Tacaíochta do Mhúinteoirí – Ranganna Gaeilge le Gaelchultúr

Tá an-áthas orainn gur éirigh chomh maith sin leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr roimh an Nollaig.  D’éirigh go hiontach leis na ranganna seo ar gach leibhéal agus táimid an-sásta go mbeidh ar ár gcumas leanúint ar aghaidh ag tacú le múinteoirí ina gcuid iarrachtaí barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge.

 

Tosóidh na ranganna arís ag deireadh na míosa seo, an 28 Feabhra, agus leanfaidh siad ar feadh 10 seachtaine.  Díreoidh na cúrsaí Gaeilge ar mhúinteoirí:

 

  • nach bhfuil go huile is go hiomlán ar a gcompord leis an nGaeilge nó leis an teagasc trí mheán na Gaeilge, agus
  • ar mhúinteoirí eile ar mian leo barr feabhais a chur ar leibhéal reatha a gcuid Gaeilge. 

 

Táimid ag súil go dtacóidh na ranganna seo leis na múinteoirí ábhar agus iad ag obair go díograiseach ag teagasc agus ag cruthú ábhair agus nótaí in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

 

Is mian linn cabhrú le scoileanna dul i ngleic leis an ngéarchéim maidir le múinteoirí a earcú a bhfuil scoth na Gaeilge acu.  Tuigtear dúinn nach mbíonn sé de rogha ag príomhoidí agus ag boird bhainistíochta, uaireanta, ach múinteoirí nach bhfuil go hiomlán ar a gcompord leis an teanga a cheapadh ar an tuiscint go gcuirfidh siad lena gcuid scileanna teanga le himeacht ama.  Tá na cúrsaí seo dírithe ar na múinteoirí sin agus ar mhúinteoirí eile a bhfuil breis tacaíocht teanga uathu agus iad ag teagasc a gcuid ábhar trí Ghaeilge.

 

Ba mhór againn do thacaíocht in iarracht na múinteoirí a ghríosú chun an deis iontach seo a thapú.  Dá bhféadfá an ríomhphost seo a scaipeadh ar fhoireann teagaisc na scoile agus na ranganna tacaíochta seo a mheabhrú do mhúinteoirí ábhar, bheimis thar a bheith buíoch.

 

Tá COGG an-sásta tacú leis na múinteoirí san obair thábhachtach seo trí chuid shuntasach de tháille an chúrsa a íoc ar a son.  Gearraimid táille bheag ar na múinteoirí/na scoileanna chun a chinntiú go bhfreastalóidh na múinteoirí agus go bhfanfaidh siad an cúrsa.  De ghnáth is costas 240 euro an duine a ghearrann Gaelchultúr ar chúrsa mar seo, ach tá COGG sásta 140 euro a dhíol do gach múinteoir.   Ciallaíonn sé sin nach mbeidh ach costas 100 euro ar gach múinteoir chun cúrsa Gaeilge den scoth a dhéanamh.  Anuas ar an lacáiste sin, má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as deich gcinn de na ranganna,  íocfar 50 euro an múinteoir ar ais leis an scoil/múinteoir ag deireadh an chúrsa.

 

Fáilteofar roimh iarratais ó scoileanna/ mhúinteoirí a bhfuil deacracht acu leis an gcostas sin teacht i dteagmháil go díreach le COGG agus is féidir cabhrú leo rochtain a fháil ar na cúrsaí.

 

Clárú do na ranganna Gaeilge:

 

Iarrtar ar mhúinteoirí clárú go díreach le Gaelchultúr ag an nasc seo thíos roimh Dé hAoine 24 Feabhra:

 

https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg

 

Tá ceithre leibhéal luaite ann – A2 go C1 (bunrang 2 go hardrang 1) agus déanfar tástáil ar na múinteoirí chun a chinntiú go mbeidh siad sa rang is oiriúnaí.

 

Beidh na cúrsaí ar fáil ar líne ag na leibhéil seo a leanas:

 

  • Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

  • Ardrang 1 (C1) Dé Céadaoin 7-9pm Ar líne (zoom)

 

Sceideal na ranganna:

 

  • Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 27 Feabhra 2023
  • Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.
  • Beidh sos na Cásca ann  (3/4/23 go 17/4/23).
  • Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 15 Bealtaine 2023
  • Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe.

 

 

GAELCHULTÚR – EOLAS FAOI RANGANNA.  www.gaelchultur.com

 

Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ar ardchaighdeán ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag. 

 

Is cúrsaí foghlaimeoirlárnacha ar fad iad na cúrsaí a mhúineann Gaelchultúr agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach agus tugtar tús áite do chleachtaí múscailte comhfheasa. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir an chaint go léir a dhéanamh.  Tabharfar teastas tinrimh do na rannpháirithe.