Monthly Archives: Eanáir 2024

Coiste ETIM – Múinteoirí Bunscoile de dhíth

Tá COGG ag iarraidh coiste do mhúinteoirí a chur le chéile chun acmhainní ETIM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic) a fhorbairt a bheadh in oiriúint do Rang 3 – Rang 6. Beidh dhá chruinniú lae aghaidh ar aghaidh i gceist chomh maith le cruinnithe ar líne.

Má tá suim agat a bheith páirteach sa choiste seo líon isteach an fhoirm seo.

 

Iasacht chuig Scoileanna Eorpacha – Múinteoirí de dhíth

Tá iarratais á lorg ag an Roinn Oideachais ó mhúinteoirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu atá lánchláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, le dul ar iasacht chuig na poist sna Scoileanna Eorpacha thíos ag tosú ar an 1 Meán Fómhair 2024. 

 

Iasachtaí do Mhúinteoirí Bunscoile  

Áiteanna na bPost Bunscoile  Bunscoil (6 – 10 mbliana d’aois)   
Lucsamburg 1  Post amháin 

 

Lucsamburg II 

 

Post amháin 
Frankfurt  Post amháin 

 

Karlsruhe  Post amháin 

 

An Bhruiséil 1  Post amháin 

 

Bergen  Post amháin 

 

Varese  Post amháin (Cáilíochtaí tacaíocht foghlama inmhianaithe) 

 

 

Iasachtaí do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile:                    

Áiteanna na bPost Iar-bhunscoile  Iar-bhunscoil (11 – 18 mbliana d’aois)  Ábha(i)r 
Mol  Gaeilge agus Ceol Gaeilge agus Ealaín Gaeilge agus Corpoideachas nó Gaeilge agus Béarla (T1 & T2)1 
Frankfurt  Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) 
Lucsamburg 1   Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) 
Lucsamburg II   Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) Gaeilge agus Stair Gaeilge agus Tíreolaíocht  

 

An Bhruiséil II  Eacnamaíocht agus Stair  

 

 

Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo; gov.ie – Secondment of teachers to European Schools (www.gov.ie) . Is é 5pm ar 05 Feabhra 2024 an dáta deiridh is féidir iarratais chomhlánaithe a chur isteach. 

Sábháilteacht ar Líne – Acmhainní Nua do Pháistí Bunscoile

Beidh an Lá Sábháilteacht ar Líne 2024 ar siúl ar an 6 Feabhra 2024. Tá áthas orainn fógairt go bhfuil sraith d’acmhainní nua ón Cyber Academy ó Trend Micro curtha ar fáil do pháistí bunscoile. (Ar fáil anseo.)
Tá aon cheacht déag ar fáil a chlúdaíonn réimse leathan topaicí maidir le sábháilteacht ar líne agus tá siad in oiriúint do Rang 3 – 6. I ngach ceacht tá físeán eolais, treoir comhrá, bileog oibre agus tráth na gceist Kahoot.
  • Pasfhocail
  • Fíordheimhniú déshraithe
  • Príobháideacht
  • Slándáil
  • Nósanna sláintiúla
  • Sábháilteacht ceamara
  • Am ar líne
  • Cineáltas
  • Socruithe sábháilteachta
  • Mífhaisnéis
  • Cóipcheart
Beidh seimineáir gréasáin leath huair a chloig ar siúl i mhí Eanáir chun léiriú a thabhairt ar an leas is fearr a bhaint as an acmhainn seo. Más mian leat clárú d’aon ceann de na seimineáir gréasáin cliceáil ar an nasc cuí.
Céadaoin 10 Eanáir 2:45 – 3:15 – Cláraigh anseo.
Déardaoin 11 Eanáir 7:00 – 7:30 – Cláraigh anseo.
 
Luan 15 Eanáir 3:15 – 3:45 – Cláraigh anseo.
 
Máirt 23 Eanáir 2:45 – 3:15 – Cláraigh anseo.
 
Céadaoin 24 Eanáir 3:00 – 3:30 – Cláraigh anseo.