Mura bhfuil freagra do cheiste anseo, is féidir an cheist a sheoladh trí ríomhphost chuig [email protected]
Cén áit a bhfaighinn eolas faoi na Coláistí Samhraidh?
Glaoigh ar CONCOS 091-577050 nó www.concos.ie
Cá háit ar féidir liom leagain Ghaeilge de na hiarpháipéir scrúdaithe stáit a cheannach?
Ba chóir iad a ordú tríd an scoil nó téigh go www.4schools.ie nó glaoigh ar 01-8081494
Teastaíonn uaim aistriúchán a dhéanamh do COGG, cad is gá dom a dhéanamh? Conas a roghnaítear aistritheoirí?
Is gá a bheith creidiúnaithe, féach ar shuíomh www.gaeilge.ie. Cuir do chuid sonraí (taithí, cáilíochta, etc) chuig [email protected] agus cuirfear ar phainéal tú.
Teastaíonn uaim go ndéanfaí leagan Gaeilge d’áis Bhéarla atá agam. Conas is féidir an sprioc seo a chur i gcrích?
Fógraítear scéim mhaoinaithe gach bliain. Seol teachtaireacht chuig [email protected] le breis eolais a fháil.
Tá tionscnamh/togra/tráchtas á scríobh agam faoi chúrsaí tumoideachais/Ghaelscolaíochta srl. cén áit a bhfaighinn tuilleadh eolais?
Féach ar an Taighde atá ar shuíomh COGG. Roghnaigh na píosaí taighde atá déanta cheana agus b’fhéidir go n-aimseoidh tú ansin é.
Táim ag dul ag múineadh in iarbhunscoil lán-Ghaeilge. An bhfuil aon chúrsaí Ghaeilge ann do mhúinteoirí amháin?
Beidh cúrsa Gaeilge ag COGG ón 20 – 24 Lúnasa 2018. Breis eolais ó COGG ag [email protected] nó 01 634 0831
Chonaic mé Leabharlann shoghluaiste COGG lasmuigh do scoil le déanaí. Teastaíonn uaim roinnt stuif a chonaic mé sa veain a cheannach, cén áit a bhfaighinn a leithéid?
Is féidir ordú a thabhairt do thiománai na veain, nó is féidir iad a ordú i do shiopa leabhar áitiúil nó glaoch ar An Siopa Leabhar 01 478 3814, An Siopa Gaeilge 074-9730500.
Cá bhfaighinn liosta d’áiseanna atá ar fáil le múineadh i nGaelscoil nó i Scoil Ghaeltachta?
Déan an leabhrán a íoslódáil ar www.cogg.ie nó glaoigh ar COGG chun cóip chrua a fháil sa phost.