Ceardlann do Mhúinteoirí Staire ar Aistear Ama

Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach,  Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n.  Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4.  An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair-  Stiofáin Ó hIfearnáin.

Sa cheardlann seo, díreofar ar:

  • Úsáid éifeachtach Aistear Ama 1
  • Torthaí foghlama agus Topaici Aistear Ama 2.
  • Caibidlí samplacha (pdf) agus bileoga oibre ó Aistear Ama 2 a roinnt
  • Deis cainte agus plé a thabhairt do mhúinteoirí staire leis an údar féin!

Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.

Breis eolais ó aoife@cogg.ie