All posts by Frank ÓTormaigh

Lá Idirnáisiúnta an Mhata

  • Bígí cruthaitheach, bígí matamaiticiúil, agus bígí linn le haghaidh Lá Idirnáisiúnta an Mhata!
  • Mar chuid de cheiliúradh Lá Idirnáisiúnta an Mhata 2025, tá comórtas curtha le chéile ag Súile Mata, i gcomhpháirtíocht le COGG agus Seachtain Mhata na hÉireann, chun daltaí bunscoile ar fud na hÉireann a spreagadh chun sluán i nGaeilge a chumadh d’íomhánna Súile Mata.
  • Dáta deiridh le haghaidh iontrálacha 18/03/25 ag 17:00
  • Níos mó eolais anseo.

Ar Líne – Ceardlann do mhúinteoirí Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí: Moltaí do leagan nua Dúchas

Múinteoirí Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí 

 Ar mhaith leat do ghuth a bheith san áireamh agus an leagan nua den téacsleabhar Dúchas á chur le chéile? 

Reáchtálfar ceardlann aiseolais ar líne ar 12 Márta idir 9:30 – 11:00 chun moltaí múinteoirí Gaeilge a bhailiú don leagan nua den téacsleabhar.   

 Cláraigh anseo: 

https://forms.office.com/e/4VzDbLk3Lz 

M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

Cuirtear fáilte roimh iarratais ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i Scoil an Oideachais, Coláiste na Tríonóide.
Is cúrsa solúbtha é seo a reachtáiltear ar bhonn páirt-aimseartha thar dhá bhliain agus díríonn ábhar an chúrsa go sonrach ar riachtanais ghairmiúla múinteoirí agus ceannairí scoile i scoileanna Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Tá an cúrsa á mhaoiniú ag an Roinn Oideachais agus mar sin ní bhíonn le díol ag rannpháirtithe an chúrsa ach €650 in aghaidh na bliana.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ag na nascanna seo a leanas:
  • Éist le tuairimí rannpháirtithe an chúrsa anseo.
  • Cláraigh do sheisiún eolais faoin M.Oid. ar an 13 Márta ag 16.00 ar líne anseo.
  • Cuir iarratas isteach anseo. Is iad an 3 Márta an chéad spriocdháta tosaíochta eile, ach cuirtear fáilte roimh iarratais idir seo agus an 5 Bealtaine.

Cláraigh anois don Chomhdháil Cheannaireachta

Is cúis áthais do COGG, i gcomhpháirt le Gaeloideachas, Comhdháil Cheannaireachta 2025 a fhógairt.

Beidh lá cuimsitheach againn faoin teideal, “Fís, Fás, Forbairt agus Feasacht!”

Tuigimid go léir na dúshláin atá romhainn mar earnáil agus tabharfaidh an chomhdháil an deis dúinn na míreanna sa teideal a fhorbairt i dteannta a chéile.

Clúdófar lóistín agus bia do thoscairí agus táthar ag súil leis na hacmhainní go léir atá forbartha le déanaí ag COGG a chur faoi bhur mbráid ar an lá.

Tá blas den mhéid a bheidh ar siúl thíos ach beidh tuilleadh le fógairt ar an lá.

 Cláraigh anseo.

Má tá ceist ar bith agaibh, déanaigí teagmháil liom nó seol scéal go comhdhail@cogg.ie.

Spléachadh ar Aistear Ama 3

Tá áthas ar COGG a fhógairt go mbeidh duine d’údair na sraithe staire,  Aistear Ama: Stair don tSraith Shóisearach, Edel Ní Loingsigh, i mbun ceardlainne ar Aistear Ama 3, Déardaoin seo chugainn, 13 Feabhra, mar chuid de Fhóram Feasa.  Foilseofar Aistear Ama 3 in am don scoilbhliain nua. Ag an seisiún (6-7 a chlog) , beidh:

  • Caibidlí samplacha (Aistear Ama 3)  á roinnt le múinteoirí
  • Cur i láthair ar chluichí nua idirghníomhacha ar Aistear Ama 1, 2 atá ar fáil ar tairseachcogg.ie
  • Deis plé agus moltaí faoi na hacmhainní nua
  • Is féidir clárú ag an nasc thíos:

https://tinyurl.com/aistearama

Comórtas – Corpoideachas trí Ghaeilge

Ba mhaith le COGG ár mbuíochas a ghabháil libh as clárú  lenár suíomh nua, Corpoideachas trí Ghaeilge. Mar chomhartha buíochais, tá áthas orainn comórtas a fhógairt ina mbeidh deis ag deich scoil dearbhán €1,000 ó McSport a bhuachan le trealamh corpoideachais a cheannach!
Tá póstaer an chomórtais iniata anseo, agus tá na téarmaí agus coinníollacha ar fáil i mBéarla agus i nGaeilge anseo.
Tá suirbhé beag, aoncheist curtha san áireamh sa ríomhphost seo fosta, agus bheimis fíorbhuíoch dá dtiocfadh libh é a líonadh: https://forms.office.com/e/ZdqkKUzt6a.
Má tá aon cheist agaibh faoin chomórtas, ná bíodh imní oraibh teagmháil dhíreach a dhéanamh le caitlin@cogg.ie. Go raibh míle maith agaibh arís as bhur dtacaíocht, agus go n-éirí libh sa chomórtas!

Léitheoirí Líofa

Foilseachán Nua – Léitheoirí Líofa – Ag Cothú Toil agus Scil Léitheoireachta le Claire M. Dunne

Is téacs comhghabhálach é Léitheoirí Líofa do Scéalta den Scoth agus pléann sé le bunscileanna litearthachta a thacaíonn le léitheoirí cumasacha a chothú. Tá sé mar aidhm ag an leabhrán Léitheoirí Líofa an taighde naisiúnta agus idirnáisiúnta a tharraingt le chéile maidir le múineadh na léitheoireachta, mar aon leis na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir múineadh léitheoireacht na Gaeilge agus múineadh léitheoireacht an Bhéarla. Tá béim ar chur chuige ilteangach ann freisin, ag teacht le Curaclam Teanga na Bunscoile (2019).

Leagan PDF ar fáil anseo.

Leabhrán ar líne ar fáil anseo.

Dream Space BEO: Seachtain na Gaeilge

**Oiriúnach do Rang 5/6 leibhéal na Sraithe Sóisearaí**

I gcomhpháirt le COGG, bí páirteach le Foireann Dream Space don imeacht fíorúil spreagúil BEO a cheiliúrann Seachtain na Gaeilge trí chódú agus dearadh cluiche as Gaeilge!

Fiosróidh na daltaí forbairt cluiche, fadhbréiteach agus cruthaitheacht dhigiteach trí MakeCode Arcade, ag foghlaim príómhscileanna agus iad ag sealbhú na Gaeilge ar bhealach idirghníomhach tarraingteach. Níl aon réamhthaithí códála ag teastáil, ach fiosracht foghlama agus paisean don Ghaeilge!

🎯 Torthaí Foghlama:
• 🎮 Bunrudaí a bhaineann Dearadh Cluiche – Faigh amach faoi na bunrudaí a bhaineann le forbairt cluichí, ó bheochan go treoluas, agus an tslí a dtugann siad beocht do rudaí a cruthaíodh go digiteach.
• 🎭 Meicnic Spride – Foghlaim conas sprideanna a chruthú agus a rialú ionas go mbeidh siad ag idirghníomhú le heilimintí eile i gcluiche.
• 🖥 Tús le Códú Blocbhunaithe – faigh amach faoi na bunscileanna a bhaineann le códú le MakeCode Arcade, ag cabhrú le daltaí a gcuid smaointe a thabhairt chun beatha.
• 🤝 Comhoibriú agus Smaointeoireacht Chriticiúil – Feabhsaigh scileanna fadhbréitigh trí oibriú le chéile chun dúshláin a shárú agus chun cluichí a dhéanamh spraíúil agus feidhmiúil.

Cláraigh Anseo!