
More information available here.
More information available here.
Múinteoirí Gaeilge T1 na Sraithe Sóisearaí
Ar mhaith leat do ghuth a bheith san áireamh agus an leagan nua den téacsleabhar Dúchas á chur le chéile?
Reáchtálfar ceardlann aiseolais ar líne ar 12 Márta idir 9:30 – 11:00 chun moltaí múinteoirí Gaeilge a bhailiú don leagan nua den téacsleabhar.
Cláraigh anseo:
Is cúis áthais do COGG, i gcomhpháirt le Gaeloideachas, Comhdháil Cheannaireachta 2025 a fhógairt.
Beidh lá cuimsitheach againn faoin teideal, “Fís, Fás, Forbairt agus Feasacht!” Tuigimid go léir na dúshláin atá romhainn mar earnáil agus tabharfaidh an chomhdháil an deis dúinn na míreanna sa teideal a fhorbairt i dteannta a chéile.
Clúdófar lóistín agus bia do thoscairí agus táthar ag súil leis na hacmhainní go léir atá forbartha le déanaí ag COGG a chur faoi bhur mbráid ar an lá.
Tá blas den mhéid a bheidh ar siúl thíos ach beidh tuilleadh le fógairt ar an lá.
Cláraigh anseo.
Má tá ceist ar bith agaibh, déanaigí teagmháil liom nó seol scéal go comhdhail@cogg.ie.
Tá áthas ar COGG a fhógairt go mbeidh duine d’údair na sraithe staire, Aistear Ama: Stair don tSraith Shóisearach, Edel Ní Loingsigh, i mbun ceardlainne ar Aistear Ama 3, Déardaoin seo chugainn, 13 Feabhra, mar chuid de Fhóram Feasa. Foilseofar Aistear Ama 3 in am don scoilbhliain nua.
Ag an seisiún (6-7 a chlog) , beidh:
https://tinyurl.com/aistearama
Foilseachán Nua – Léitheoirí Líofa – Ag Cothú Toil agus Scil Léitheoireachta le Claire M. Dunne
Is téacs comhghabhálach é Léitheoirí Líofa do Scéalta den Scoth agus pléann sé le bunscileanna litearthachta a thacaíonn le léitheoirí cumasacha a chothú. Tá sé mar aidhm ag an leabhrán Léitheoirí Líofa an taighde naisiúnta agus idirnáisiúnta a tharraingt le chéile maidir le múineadh na léitheoireachta, mar aon leis na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir múineadh léitheoireacht na Gaeilge agus múineadh léitheoireacht an Bhéarla. Tá béim ar chur chuige ilteangach ann freisin, ag teacht le Curaclam Teanga na Bunscoile (2019).
Leagan PDF ar fáil anseo.
Leabhrán ar líne ar fáil anseo.