Monthly Archives: Samhain 2023

Tarrac

Tá TARRAC ar fáil sna pictiúrlanna do ghrúpaí OIar-bhunscoile,Ollscoile agus clubanna.

Déan teagmháil le  Claire@eclipsepictures.ie chun níos mó eolais a fháil.

Cuireann PARKLAND ENTERTAINMENT & ECLIPSE PICTURES an scannán Gaeilge TARRACi láthair.

Faoi stiúir Declan Recks. Scríofa ag Eugene O’Brien. Léirithe ag Clíona Ní Bhuachalla.
I gceantar álainn Chorca Dhuibhne ar leithinis an Daingin i gContae Chiarraí a taifeadadh an scannán Gaeilge seo TARRAC a bhfuil duaiseanna buaite aige agus is iad Kelly Gough (Kill Command, Out of Innocence) Lorcan Cranitch (Lakelands, Aisha, Róise & Frank) Kate Nic Chonaonaigh (An Cailín Ciúin, Song of Granite, Shadow Dancer), Kate Finegan (Joyride, Rós na Rún), Rachel Feeney (Belfast, Death on the Nile) agus Cillian Ó Gairbhí (Róise & Frank, Foscadh) na príomhaisteoirí.

Filleann Aoife Ní Bhraoin (Kelly Gough) abhaile chun cabhrú lena hathair ‘The Bear’ Ó Braoin (Lorcan Cranitch) atá ag teacht aige féin tar éis taom croí. I rith an ama seo, caitheann Aoife dul i ngleic le bás a máthar, briseadh croí a bhfuil neamhaird déanta aici dó go dtí seo. Tá go leor fós nach bhfuil pléite aici féin agus ag a hathair. Cuireann Aoife aithne arís ar ghrúpa rámhaithe agus tugann an fhoireann seo, ar mná iad go léir, aghaidh ar an iomaíocht mhór a bhíonn i gceist leis na rásaí Naomhóg.

Fad: 94 nóiméad / Deimhniú IFCO: 15a / Deimhniú BBFC: 15

TG4, Fís Éireann agus an BAI (Coimisiún na Meán) a mhaoinigh Tarrac
mar chuid de scéim Cine4 chun bunscannáin fhada i nGaeilge a chur ar fáil.

Tairiscintí á lorg

Taighde ar Riachtanais Speisialta Oideachais in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge (iar-bhunscoileanna T1)

Taighde a dhéanamh, mar atá déanta ag an mbunleibhéal T1, ar na riachtanais speisialta oideachais (RSO), in iar-bhunscoileanna Gaeltachta, gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge i scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla.

Níos mó eolais ar fáil anseo.

Fóram Feasa

 

Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)

Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.

Tá an sceideal (Téarma 3 2023/2024) ar fáil anseo.

Mar chlabhsúr ar obair na bliana seo agus súil ar aghaidh go 2024/2025, tá sraith ceardlann eagraithe againn mar chuid d’Fhóram Feasa. Nuair a bheidh gach cur i láthair thart, beifear ag soláthar seomraí don phlé sna grúpaí ábhar éagsúla. Tapaidh an deis teacht le chéile don uair dheireannach roimh dheireadh na scoilbhliana!

02/05/24: Deiseanna labhartha a chothú do scoláirí laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

07/05/24: Na bealaí is éifeachtaí le tacú le sainmhúinteoirí iar-bhunscoile teanga a chomhtháthú ina gcuid ábhar.

14/05/24: Cás staidéar ar mhapáil ar sholáthar um ionchuimisiú agus riachtanais breise oideachasúil.

23/05/24: Conas tacú le haistriú rathúil ón mbunscoil go dtí an iarbhunscoil?

Cláraigh anseo.

Ceisteanna: toirdealbhach@cogg.ie gean.gilger@etbi.ie

Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!

  • Is féidir le múinteoirí agus ceannairí scoile clárú uair ar bith don scoilbhliain seo nó do 2024/2025 anseo.
  • Má tá suim agat bheith i do Cheannaire Ábhair líon isteach an foirm seo.

Ceisteanna:

Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie

Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie

Bíodh Tuiscint agat ar na Meáin: Ceardlann i mBosca

Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha – An tSraith Shóisearach

Acmhainní chun tacú le múinteoirí agus iad ag tabhairt faoin gearrchúrsa Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha. Cruthaithe ag an Dr. Ricardo Castellini da Silva ó EDMO i gcomhpháirt le COGG.

Ar fáil anseo.

Tá seimineáir gréasáin ar siúl ar an 23 agus 28 Samhain. Níos mó eolais anseo.

Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Dr. da Silva ag ricardo.castellinidasilva@dcu.ie má tá aon cheist agat.