Cuardaigh torthaí do:

Moltaí á lorg don Phacáiste Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

  • D’fhoilsigh COGG pacáiste nua Gairmeacha anuraidh, Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge, a sheol Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Siocháin, ag Options West sa Ghaillimh ag deireadh mhí Mheán Fómhair. Tá an acmhainn seo dírithe go príomha ar iar-bhunscoileanna Gaeltachta/Gaelcholáistí.  Reáchtáladh ceardlanna treorach i gcomhar le Careers Portal (saoloibre.ie) do mhúinteoirí i gcaitheamh na bliana chun an acmhainn seo, agus acmhainní treorach eile, a thaispeáint dóibh.
  • Táimid ag obair ar leagan nua uasdátaithe den phacáiste anois agus má tá sibh ar an eolas faoi aon chúrsa nua in aon Ollscoil/Institiúid nó faoi aon deis nua eile i réimse na nGairmeacha le Gaeilge nach bhfuil luaite againn, bheimis an- sásta cloisint uaibh. D’fháilteoimis go mór roimh aon aiseolas atá agaibh nó aon mholtaí atá agaibh don chéad leagan eile idir seo agus lár mhí an Aibreáin. 
  • Mar eolas chomh maith, seoladh an leagan Béarla den phacáiste seo ag comhdháil an IGC (Institute of Guidance Counsellors) i dTrá Lí níos luaithe an mhí seo agus scaipfear é sin trí chraobhacha réigiúnda an IGC gan mhoill.  Gheobhaidh sibh ceangailte leis seo naisc go dtí na leaganacha leictreonacha den phacáiste (leaganacha Gaeilge agus Béarla).
  • Is féidir teagmháil a dhéanamh le aoife@cogg.ie aon uair agus bheimis an-bhuíoch daoibh ach an rphost seo a scaipeadh ar éinne ábhartha eile.
  • Is féidir teacht ar leaganacha crua den phacáiste ach ríomhphost a chur chuig eolas@cogg.ie

IRISEOIRÍ AN LAE AMÁRACH 2024

  • Iriseoirí an Lae Amárach: sprioclá deiridh dé hAoine 19.04.23
  • Tá an sprioclá sroichte againn agus tréaslaímid leis na scoileanna atá tar éis iarratas a aighniú go dtí seo.
  • Níl sé ró-dhéanach go fóill agus tuigim go mbraitear faoi bhrú de bharr imeachtaí eile Idirbhliana.
  • Mar sin, táimid sásta síneadh ama a thairiscint do scoileanna atá cláraithe cheana féin linn go dtí dé hAoine 19.04.24.
  • Ciallaíonn sé sin go mbeidh an tréimhse ama céanna ar fáil dóibh siúd atá tar éis iontráil a leagan isteach linn cheana chun snas a chur ar an iontráil más mian leo.

Níos mó eolais anseo.

Gradaim bronnta ar fhoghlaimeoirí Gaeilge BOO ag ócáid náisiúnta

 

Bronnadh gradaim ar fhoghlaimeoirí BOO a bhain barr feabhais amach sa Ghaeilge ag ócáid náisiúnta do 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann i bPáirc Thuamhan.

Rinne COGG urraíocht ar an sparánacht, lena n-áiríear tacaíocht airgid de 5000 Euro agus cúnamh garimiúil, agus bronnadh an sparánacht sin ar Aoibhinn Ní Craoibhínn ag an ócáid.

Bronnadh 500 Euro mar dhuais thánaisteach ar fhoghlaimeoir BOO Chorcaí Ameilia Ní Reen Ní Mhathúna.

Léigh an preaseisiúint iomlán anseo.

 

Comhairliúchán ar na Dréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile

Mar chuid den athfhorbairt ar Churaclam na Bunscoile, tá An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) ag tabhairt faoi chomhairliúchán ar Dhréachtsonraíochtaí Churaclaim nua na Bunscoile faoi láthair.

 

Cuireadh tús leis an comhairliúchán poiblí ar Dhréachtsonraíochtaí san Oideachas Ealaíon; ar an Nuatheangacha lasachta; ar an Oideachas Sóisialta agus Imshaoil; ar an Eolaíocht, Teicneolaíocht agus Innealtóireacht; agus ar an bhFolláine ar an 6ú Márta agus beidh sé ar oscailt go dtí an 7ú Meitheamh. Is éard atá i gceist leis an gcomhairliúchán ná obair le páirtithe leasmhara, ceistneoir ar line agus spás le haghaidh aigneachtaí scríofa. Reáchtálfar fócasghrúpaí timpeall na tíre chomh maith, ceann trí Ghaeilge san áireamh. Beidh an ceann trí Ghaeilge ar siúl san Ionad Oideachais na Gaillimhe ar an 16ú Aibreán (ó 3.45 i.n. – 5.15 i.n.)

Tá CNCM ag súil go mór le cloisteáil ó mhúinteoirí agus ó cheannairí scoile le linn na trí mhí atá romhainn. Má tá suim agat freastal ar an bhfócasghrúpa i nGaillimh chun do thuairimí a chur in iúl, ní mór duit clárú ag an nasc thíos.

Foirm chláraithe

 

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcomhairliúchán, tabhair cuairt ar Comhairliuchan Bunscoile 2024.

Post ar fáil – Giglets

Post ar fáil – Ceannaire Rannpháirtíochta Oideachais d’Éirinn le Giglets. An bhfuil dlúthspéis agat eispéiris foghlama éifeachtacha a thiomáint i scoileanna na  hÉireann?

Níos mó eolais anseo.

Na Weatherbies

Tá suíomh nua ar fáil do mhúinteoirí bunscoile: Na Weatherbies! Acmhainní faoin aeráid atá ar fáil i bhfoirm físeáin, leabhair agus bileoga oibre. Cliceáil anseo chun breathnú orthu.

Féach thíos le haghaidh na samplaí is déanaí ó na Weatherbies: Pailniú (físeán) agus Gearóid Gaoth agus a Lá Breithe (leabhar ar líne).

Pailniú

Gearóid Gaoth agus a Lá Breithe – cliceáil anseo

Scéim Acmhainní Teagaisc agus Foghlama 2024 – 2026

Scéim Acmhainní Teagaisc agus Foghlama 2024 – 2026

Fáilteoidh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) roimh iarratais ar mhaoiniú d’fhorbairt acmhainní teagaisc agus foghlama don oideachas trí Ghaeilge nó do theagasc na Gaeilge sna réimsí seo thíos AMHÁIN:

 

  • Acmhainní foghlama agus teagaisc, ina measc, réitigh dhigiteacha agus cluichí, a thacóidh le hoideachas do dhaltaí agus scoláirí a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais (RSO) acu, i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus scoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla
  • Ábhar léitheoireachta nuachumtha i seánraí éagsúla, do leibhéil éagsúla aoise, ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal a fhreastalóidh ar ábhair suime comhaimseartha na ndaltaí/scoláirí
  • Sraith leabhair pictiúr do na hardranganna (3-6) do réimse snáithe (Ailgéabar, Cruth & Spás, Tomhas, Sonraí & Seans agus Uimhreas) le hábhar, coincheapa, agus teanga na Matamaitice a fhorbairt
  • Leabhair pictiúr atá oiriúnach do na hardranganna (3-6), a thacóidh le forbairt agus cur i bhfeidhm raon straitéisí tuisceana mar aon le cur chun cinn na litearthachta criticiúla
  • Acmhainní a thacóidh le múineadh na Gaeilge, i mbunscoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna chomh maith le bunscoileanna a mhúineann trí mheán an Bhéarla
  • Tacaí agus acmhainní do chláir idirbhliana in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
  • Acmhainní a bhaineann le réimse na folláine (lena n-áiritear OSSP, OSPS, agus Corpoideachas),  ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal

 

Glacfar le hiarratais ag maoiniu@cogg.ie (i ndoiciméid WORD)

 Dáta druidte d’iarratais: Ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh 4.00pm Dé hAoine an 5 Aibreán 2024.

IS FÉIDIR FOIRM IARRATAIS A ÍOSLÓDÁIL ANSEO

Eagrán Nua – Scéalta den Scoth

Eagrán nua den leabhar Scéalta den Scoth

Tá traidisiún láidir scéalaíochta agus seanchais in Éirinn agus ní haon ionadh mar sin go bhfuil go leor scéalta breátha Gaeilge ar fáil dár léitheoirí óga. Tugann na scéalta seo deis iontach do pháistí léamh lena múinteoirí, lena gcairde, lena dtuismitheoirí, nó go neamhspleách fiú. Tá moltaí sa leabhar seo maidir le spéis a spreagadh sa léitheoireacht mar chaitheamh aimsire, treoir maidir le teacht ar leabhair spreagúla chomhaimseartha, agus moltaí chun gníomhaíochtaí a dhéanamh tar éis scéal breá a léamh. Ar fáil thíos.

Leabhrán dhigiteach ar fáil anseo.

Scríofa ag Claire M. Dunne.

Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge

 

SEOLFAR

CAREERS WITH IRISH: DEISEANNA GAIRMEACHA LE GAEILGE

ag comhdháil bhliantúil

an IGC (Institute of Guidance Counsellors)

Dé Sathairn, an 9 Márta, 9.40 r.n.

ag MTU, Trá Lí

Seolfaidh Esther Doyle, Príomhchigire Cúnta, An Roinn Oideachais, an leagan Béarla d’acmhainn treorach nua COGG. Tugann an acmhainn tharraingteach nuálach seo spléachadh cuimsitheach ar an iliomad deiseanna gairme agus forbartha fadsaoil atá ar fáil do scoláirí iar-bhunscoile a bhfuil spéis acu an Ghaeilge a úsáid tar éis a gcuid scolaíochta.

Foilsíodh an bunleagan Gaeilge den phacáiste anuraidh. Sa leagan Béarla seo den phacáiste,  faightear léargas ar an éagsúlacht leathan cúrsaí agus printíseachtaí atá ar fáil thrí Ghaeilge nó atá bainteach le saol na Gaeilge agus na Gaeltachta.  Cuireann an Ghaeilge a lán deiseanna breise ar fáil do dhaoine óga i réimse leathan gairmeacha,  ní hamháin sa bhaile in Éirinn ach thar sáile chomh maith.  Leagann Careers with Irish: Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge  béim ar fhás agus ar leathnú na bhféidearthachtaí gairme seo do dhaoine óga a bhfuil spéis acu leanúint ar aghaidh ag forbairt a gcuid scileanna Gaeilge.

San áireamh sa phacáiste chomh maith, tá eolas suas chun dáta ar mhórán gnéithe a mbeadh suim ag scoláirí iar-bhunscoile iontu agus iad ag roghnú gairme .i. scéimeanna cónaitheacha Gaeilge, scoláireachtaí, agus sparánachtaí a bhaineann leis an nGaeilge, mar aon le noda agus iad i mbun ullmhúcháin don roghnú gairme. Tugtar a lán samplaí spéisiúla pearsanta faoi dheiseanna oibre trí Ghaeilge nó le Gaeilge i mórán rannóga éagsúla, mar shampla:

  • Na Meáin Chumarsáide
  • Aistriúchán agus Ateangaireacht in Éirinn agus thar lear, Tithe an Oireachtais, Rannóg an Aistriúcháin agus An tAontas Eorpach san áireamh
  • An Státseirbhís agus na Seirbhísí Poiblí
  • Dlí
  • Gnó
  • Oideachas
  • Cultúr agus na hEalaíona

Is í an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta and Gaelscolaíocht (COGG) a d’fhoilsigh Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge agus tá an leagan Béarla agus Gaeilge ar fáil saor in aisce le seachadadh go scoileanna na tíre.  Tá leagan digiteach ar fáil le hioslódáil ar shuíomh COGG anseo agus cuirfear an pacáiste ar fáil trí chraobhacha réigiúnda den IGC san fhómhar.  Déanfar leasuithe bliantúla ar an acmhainn chun a chinntiú go mbeidh an t-eolas is déanaí faoi chúrsaí agus faoi dheiseanna ag scoláirí.

Ag cur fáilte roimh an leagan Béarla, a bhfuil tacaíocht iomlán na Roinne Oideachais aige, deir Jacqueline Ní Fhearghusa, Príomhfheidhmeannach COGG, go bhfuil sí ag súil go mór le scaipeadh an phacáiste ar scoileanna fud fad na tíre:

“Tar éis aiseolas iontach a fháil ó scoileanna Gaeltachta agus lan-Ghaeilge ar an leagan Gaeilge, táimid cinnte go mbeidh an leagan Béarla den acmhainn fíorluachmar do mhúinteoirí, do chomhairleoirí Treorach agus do scoláirí sna scoileanna uile…Seo an chéad uair a leithéid d’eolas cuimsitheach faoi dheiseanna le Gaeilge a bheith bailithe in aon áit amháin do scoláirí. Tá sé fíorthábhachtach go dtuigfeadh daoine óga ó cheann ceann na tíre cé chomh luachmhar agus a bheidh a gcuid scileanna Gaeilge dóibh sa saol oibre amach anseo”

Tá dearadh tarraingteach agus aoisoiriúnach ar an bpacáiste agus is fuarasta do scoláirí teacht ar a thuilleadh sonraí. Baintear an-úsáid as cóid QR agus naisc go físeáin éagsúla chun gur féidir breis eolais a lorg ar an bpointe.

Ag caint ar an acmhainn nua seo agus ar a thaithí féin leis an nGaeilge, deir an craoltóir aitheanta ar 2FM agus ambasadóir do Sheachtain na Gaeilge, Aindriú de Paor:

“Níl aon mhíbhuntáiste ag baint le bheith dhátheangach.  D’oscail an Ghaeilge doirse dom nach raibh a fhios agam a bhí ann agus leanann siad ag oscailt dom de shíor. Tá deiseanna thar lear duit má tá Gaeilge agat agus tá pobal amuigh ansin, idir óg agus aosta, atá cairdiúil, éirimiúil agus eisceachtúil,  atá ag plé leis an nGaeilge.”

 

—————————–CRÍOCH——————————–

 

*Bunaíodh an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta faoi fhorálacha den Acht Oideachais chun go mbeadh sainstruchtúr ann le freastal a dhéanamh ar riachtanais oideachais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge. Tá feidhmeanna maidir le múineadh na Gaeilge i scoileanna eile na tíre ag an gComhairle chomh maith.

 

** Fiosruithe go dtí:

Aoife Ní Shéaghdha (086 8113556) ag aoife@cogg.ie

Jacqueline Ní Fhearghusa (087 9677282) .

Cuirfear pictiúirí ar fáil do na meáin tar éis an tseolta, Dé Sathairn 9 Márta.

Deiseanna Gairmeacha le Gaeilge – Ar fáil anseo.

Leagan Béarla ar fáil anseo.

1 2 3 4 10