Comórtas – Cláraigh dár Nuachtlitir
Cláraigh dár Nuachtlitir i mí Bealtaine agus beidh deis agat dearbhán One4All is fiú 100 Euro a bhuachan!
Is féidir clárú ag an nasc seo: https://forms.office.com/e/yvmUjWCN4D
Cláraigh dár Nuachtlitir i mí Bealtaine agus beidh deis agat dearbhán One4All is fiú 100 Euro a bhuachan!
Is féidir clárú ag an nasc seo: https://forms.office.com/e/yvmUjWCN4D
Acmhainní tacaíochta nua ar fáil! Cruthaithe ag Sadhbh Rosenstock.
Acmhainní ar fáil anseo: tinyurl.com/6pedf463
Is féidir na leabhair a ordú ó Picnic Press ag an nasc seo: picnicpress.ie
Má tá aon cheist bí i dteagmháil linn ag eolas@cogg.ie.
Tá na ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar Lá na gCeardlann Ábhair/Lá na Speisialtóirí ! Bígí inár dteannta!
Má tá aon eolas breise uaibh, seolaigí r-phost go aoife@cogg.ie
Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach, Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n. Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4. An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair- Stiofáin Ó hIfearnáin.
Sa cheardlann seo, díreofar ar:
Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.
Breis eolais ó aoife@cogg.ie
Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)
Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.
Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.
Tá an sceideal ar fáil anseo.
Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!
Ceisteanna:
Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie
Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie
Tá an Roinn Oideachais ag lorg Léirithe Spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) don Ghaeilge sa scoilbhliain 2024/25.
Tá gach eolas ar fáil ó https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3dd069-none/#tionscadal-foghlaim-chomhthaite-abhar-agus-teangacha-fcat-don-ghaeilge
Beidh fáil ar an fhoirm iarratais ar-líne idir seo agus an Aoine 10 Bealtaine.
Tá na Nuachtlitreacha is déanaí ar fáil anois.
Cliceáil ar na naisc thíos.
Cláraigh dár Nuachtlitir anseo.