Tá iarratais á lorg ag an Roinn Oideachais ó mhúinteoirí a bhfuil na cáilíochtaí cuí acu atá lánchláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, le dul ar iasacht chuig na poist sna Scoileanna Eorpacha thíos ag tosú ar an 1 Meán Fómhair 2024.
Iasachtaí do Mhúinteoirí Bunscoile
Áiteanna na bPost Bunscoile | Bunscoil (6 – 10 mbliana d’aois) |
Lucsamburg 1 | Post amháin |
Lucsamburg II | Post amháin |
Frankfurt | Post amháin |
Karlsruhe | Post amháin |
An Bhruiséil 1 | Post amháin |
Bergen | Post amháin |
Varese | Post amháin (Cáilíochtaí tacaíocht foghlama inmhianaithe) |
Iasachtaí do Mhúinteoirí Iar-bhunscoile:
Áiteanna na bPost Iar-bhunscoile | Iar-bhunscoil (11 – 18 mbliana d’aois) Ábha(i)r |
Mol | Gaeilge agus Ceol nó Gaeilge agus Ealaín nó Gaeilge agus Corpoideachas nó Gaeilge agus Béarla (T1 & T2)1 |
Frankfurt | Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) |
Lucsamburg 1 | Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) |
Lucsamburg II | Gaeilge agus Béarla (T1 & T2) nó Gaeilge agus Stair nó Gaeilge agus Tíreolaíocht |
An Bhruiséil II | Eacnamaíocht agus Stair |
Is féidir teacht ar thuilleadh eolais anseo; gov.ie – Secondment of teachers to European Schools (www.gov.ie) . Is é 5pm ar 05 Feabhra 2024 an dáta deiridh is féidir iarratais chomhlánaithe a chur isteach.