Cúrsa Gaeilge COGG faoi stiúir Ghaelchultúr

                                                        

Tá COGG an-sásta a fhógairt go mbeidh ranganna Gaeilge á gcur ar fáil ar líne saor in aisce do mhúinteoirí iar-bhunscoile arís an téarma seo.

 D’éirigh go hiontach leis na ranganna Gaeilge do mhúinteoirí na nIar-bhunscoileanna a reáchtálamar ar líne i gcomhar le Gaelchultúr san Fhómhar,le Dianchúrsa COGG a bhí ar siúl i mí Lúnasa agus le linn an dá théarma scoile anuraidh.

Cuirtear na ranganna ar fáil saor in aisce anois ach éarlais a íoc. Is gá do mhúinteoirí éarlais €50 a íoc agus má fhreastalaíonn an múinteoir ar 8 rang as 10, gheobhaidh siad aisíoc de €50.  Má tá fíordheacracht ag aon scoil leis an éarlais seo agus más mian le múinteoirí na ranganna a dhéanamh is féidir teagmháil a dhéanamh linn go díreach agus beidh cabhair ar fáil.

Tabharfaidh na ranganna seo an-mhuinín do mhúinteoirí don teagasc trí Ghaeilge agus tacóidh siad leo barr feabhais a bhaint amach agus a bheith muiníneach sa seomra ranga trí Ghaeilge, agus leis na hacmhainní agus na háiseanna téarmaíochta Gaeilge don seomra ranga.

Tá na ranganna á soláthar ag leibhéil éagsúla chun tacú le múinteoirí an leibhéal is oiriúnaí dóibh a aimsiú:

 

Sonraí an Chúrsa

Na Leibhéil Éagsúla

  • Cuirfear tús leis na cúrsaí an tseachtain dar tús an 19 Feabhra 2024

Bunrang 2 (A2) Dé Máirt 20 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom)

  • Cúrsa deich seachtaine agus rang dhá uair an chloig gach seachtain a bheidh i gceist.

Meánrang 1 (B1) Dé Máirt 20 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom)

  • Beidh sos lár-téarma le linn na Cásca

Meánrang 2 (B2) Dé Céadaoin 21 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom)

  • Beidh ranganna deireanacha na gcúrsaí ar siúl an tseachtain dar tús an 6 Bealtaine

Cruinneas 1  (C1) Dé Céadaoin 21 Feabhra, 7-9pm Ar líne (zoom)

  • Beidh uasmhéid de 18 rannpháirtí per leibhéal agus íosmhéid de 6 rannpháirtithe

Nasc: https://www.gaelchultur.com/ga/cursai/cursa-cogg

 

 

 

A blue and green text on a black background Description automatically generated

Breis eolais faoi nádúr na ranganna:

 

Tá siollabais, nótaí, bileoga agus acmhainní ar líne d’fhoghlaimeoirí fásta na Gaeilge forbartha ag Gaelchultúr le hocht mbliana déag ar ardchaighdeán. Bíonn na cúrsaí ar fad a mhúineann Gaelchultúr foghlaimeoirlárnach agus úsáidtear an cur chuige cumarsáideach i gcónaí. Múintear teanga atá úsáideach agus praiticiúil agus cuirtear béim ar rannpháirtíocht agus ar an ngné shóisialta den teanga. Tá Gaelchultúr den tuairim gur cheart go mbeadh spraoi ag baint le foghlaim na Gaeilge agus go mbeadh an-sásamh le baint as an bpróiseas. Múintear gramadach na Gaeilge ar bhealach atá an-idirghníomhach. Bíonn béim láidir ar obair bheirte agus ghrúpa, ar ghníomhaíochtaí rólghlactha agus ar chluichí teanga i ranganna Ghaelchultúir. Tugtar deis do na foghlaimeoirí páirt lárnach agus ghníomhach a ghlacadh i ngach rang, seachas an múinteoir  a bheith i mbun na  cainte go léir. Tugtar teastas tinrimh do na rannpháirtithe ag deireadh an chúrsa.