Monthly Archives: Nollaig 2023

Súil siar ar Chruinniú Mullaigh de chuid Teangacha Iar-bhunscoile Éireann (PPLI)

Ba chúis áthais do COGG cuireadh a fháil chuig an gCruinniú Mullaigh. Reáchtáil COGG
ceardlann a thug léargas ar an nasc idir an Ghaeilge agus na teangacha eile sa seomra ranga; pléadh go mion na duanna agus na buanna a bhaineann le gairm an mhúinteora teangacha sa suíomh T1 agus tugadh spléachadh ar obair COGG ag soláthar acmhainní agus tacaíocht do scoileanna T1.

Focal ón bPríomhfheidhmeannach

Léirigh Jacqueline Ní Fhearghusa go raibh sí sásta go raibh COGG páirteach ag an gCruinniú, “ní hamháin gur ócáid dea-eagraithe go deo a bhí ann ach d’oir an t-Ionad go seoigh d’imeachtaí an lae. Bhí aoichainteoirí den chéad scoth i láthair a léirigh an tábhacht le teangacha agus cuireadh go leor dea-chleachtais chun cinn. Comhghairdeas le Karen agus leis an bhfoireann as éacht a bhaint amach ar an lá. B’iontach an rud é go raibh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus i measc na dteangacha eile ar an lá iomráiteach seo i mBaile Átha Cliath agus táthar ag súil leis go ndéanfar tuilleadh comhoibriú le chéile go minic amach anseo.”

Tá an tuairisc iomlan ar fáil anseo.

Bleaist Eolaíochta 2024

Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta

Dáta druidte – 15 Nollaig. Cláraigh anseo.

Is clár oideachais neamhiomaíocht do bhunscoileanna é Bleaist Eolaíochta ESB ina bhfiosraíonn an rang iomlán an eolaíocht a bhaineann le ceist shimplí. Cuirtear an obair ranga i láthair ag an ócáid.

Beidh COGG agus An Foras Pátrúnachta, i gcomhpháirt leis an RDS, ag eagrú ‘Lá Mór na nGaelscoileanna / Scoileanna Gaeltachta’ mar chuid den Bhleaist Eolaíochta arís in 2024. Bhí an-rath ar an ócáid sin cheana agus beidh sé ar siúl arís ar an 7 Márta 2024 san RDS. Is deis iontach í seo do pháistí teacht le chéile agus dea-obair s’acu a cheiliúradh le chéile chomh maith le spraoi a bheith acu trí Ghaeilge!

Ní obair bhreise atá i gceist leis an ócáid seo ach gnáthobair ranga a chur i láthair. Bíonn tacaíocht ar fáil ó fhoireann an RDS i rith an ama agus bronnfar gradam ar gach rang a ghlacann páirt ann.

Táimid lán-sásta tacaíocht a thabhairt don ócáid agus don lá speisialta seo, lá gur féidir le scoileanna lán-Ghaeilge teacht le chéile agus molaimid do gach scoil páirt a ghlacadh ann. Beidh ceardlanna agus siamsaíochtaí éagsúla ar siúl ar an lá. Is cinnte go mbainfidh na páistí agus na múinteoirí an-tairbhe as.

Chun cabhrú le costais taistil a íoc, beidh deontas de €100 ar fáil ón RDS agus €100 eile ó COGG / An Foras Pátrúnachta do gach gaelscoil agus scoil ghaeltachta a bheidh i láthair (€200 san iomlán).

Má bhíonn aon cheist agat faoin ócáid seo, ná bíodh leisce ort dul i dteagmháil le foireann an RDS trí na sonraí teagmhála seo – scienceblast@rds.ie. Beidh siad breá sásta cabhrú leat.