Monthly Archives: Aibreán 2024

Fóram Feasa

 

Fóram Feasa (Comhthionscnamh BOOÉ agus COGG)

Is tionscnamh ceannródaíoch líonraithe agus pobail cleachtais é Fóram Feasa do mhúinteoirí agus ceannairí scoile in iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge. Tá an tionscnamh seo á chur ar fáil go bródúil ag Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann agus An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Cuirtear fáilte mhór roimh oideachasóirí ó scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus Aonaid lán-Ghaeilge a bheith mar bhall de phobal a labhraíonn an Ghaeilge, a roinneann paisean don teagasc agus don fhoghlaim, agus atá tiomanta do na dúshláin a shárú agus tacú lena chéile.

Tá an sceideal (Téarma 3 2023/2024) ar fáil anseo.

Mar chlabhsúr ar obair na bliana seo agus súil ar aghaidh go 2024/2025, tá sraith ceardlann eagraithe againn mar chuid d’Fhóram Feasa. Nuair a bheidh gach cur i láthair thart, beifear ag soláthar seomraí don phlé sna grúpaí ábhar éagsúla. Tapaidh an deis teacht le chéile don uair dheireannach roimh dheireadh na scoilbhliana!

02/05/24: Deiseanna labhartha a chothú do scoláirí laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.

07/05/24: Na bealaí is éifeachtaí le tacú le sainmhúinteoirí iar-bhunscoile teanga a chomhtháthú ina gcuid ábhar.

14/05/24: Cás staidéar ar mhapáil ar sholáthar um ionchuimisiú agus riachtanais breise oideachasúil.

23/05/24: Conas tacú le haistriú rathúil ón mbunscoil go dtí an iarbhunscoil?

Cláraigh anseo.

Ceisteanna: toirdealbhach@cogg.ie gean.gilger@etbi.ie

Téanaimid ort ar an bhféasta foghlama inár dteannta!

  • Is féidir le múinteoirí agus ceannairí scoile clárú uair ar bith don scoilbhliain seo nó do 2024/2025 anseo.
  • Má tá suim agat bheith i do Cheannaire Ábhair líon isteach an foirm seo.

Ceisteanna:

Gean Gilger Gean.Gilger@etbi.ie

Toirdealbhach Ó Lionáird toirdealbhach@cogg.ie

Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair 2024

  • Tá an-áthas ar COGG Dianchúrsa Gaeilge agus Ceardlanna Ábhair (Lá na Speisialtóirí) 2024  a fhógairt.    Réachtálfar an Dianchúrsa Gaeilge i gcomhar le Gaelchultúr ar feadh ceithre lá ón 12 -15  Lúnasa.  Cuirfear ranganna Gaeilge ar fáil do mhúinteoirí iar-bhunscoile ar gach leibhéal (A2- C1)  ar feadh 3 lá ó Luan go Céadaoin 12-14 Lúnasa agus beidh na ranganna seo ábhar agus seomra ranga-bhunaithe.
  • Déardaoin 15 Lúnasa, reáchtálfar Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) i gColáiste na Coiribe, Gaillimh, agus cuirfear deis iontach ar fáil do mhúinteoirí a teagascann trí Ghaeilge teacht le chéile agus ceardlann a dhéanamh le sainmhúinteoirí ina gcuid ábhar féin, mar aon le freastal ar sheisiún nó dhó comónta le gach múinteoir a bheidh i láthair!
  • D’éirigh go hiontach le Lá na Speisialtóirí, 2023, ar an láthair chéanna – éistigí leis na múinteoirí ag caint ar RnaG anseo.
  • Cláraigí do na ranganna Gaeilge  – deis saor in aisce oiriúnach do gach múinteoir – idir mhúinteoirí atá ar bheagán Gaeilge agus mhúinteoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid cruinnis.
  • Cláraigí do Lá na gCeardlann Ábhair (Lá na Speisialtóirí) – deis do mhúinteoirí iar-bhunscoile teacht le chéile le múinteoirí eile a mhúineann an t-ábhar céanna leo agus foghlaim faoi na hacmhainní is déanaí don ábhar sin.

Tá na ranganna Gaeilge ar líne saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil ar fáil do gach múinteoir chun freastal ar Lá na gCeardlann Ábhair/Lá na Speisialtóirí ! Bígí inár dteannta!

Má tá aon eolas breise uaibh, seolaigí r-phost go aoife@cogg.ie

Ceardlann do Mhúinteoirí Staire ar Aistear Ama

Tá COGG thar a bheith sásta a fhógairt go mbeidh ceardlann ar líne á thabhairt ag Edel Ní Loingsigh, údar na sraithe nuascríofa don tSraith Shóisearach,  Aistear Ama, ar an Déardaoin 16 Bealtaine idir 7 -8 i.n.  Is múinteoir staire í Edel i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin, Corcaigh, agus d’fhoilsigh COGG a saothar nuascríofa, Aistear Ama 1 (Stair don Chéad Bhliain) anuraidh in am don scoilbhliain 2023-4.  An samhradh seo, foilseofar Aistear Ama 2 (Stair don Dara Bliain), atá á scríobh ag Edel faoi láthair i dteannta comhúdair-  Stiofáin Ó hIfearnáin.

Sa cheardlann seo, díreofar ar:

  • Úsáid éifeachtach Aistear Ama 1
  • Torthaí foghlama agus Topaici Aistear Ama 2.
  • Caibidlí samplacha (pdf) agus bileoga oibre ó Aistear Ama 2 a roinnt
  • Deis cainte agus plé a thabhairt do mhúinteoirí staire leis an údar féin!

Is féidir clárú anseo agus seolfar nasc zúm go dtí gach múinteoir ar an 13 Bealtaine.

Breis eolais ó aoife@cogg.ie

Léirithe Spéise – FCÁT

Tá an Roinn Oideachais ag lorg Léirithe Spéise ó bhunscoileanna agus iar-bhunscoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla chun páirt a ghlacadh i dtionscadal Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT) don Ghaeilge sa scoilbhliain 2024/25.

 Tá gach eolas ar fáil ó  https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/3dd069-none/#tionscadal-foghlaim-chomhthaite-abhar-agus-teangacha-fcat-don-ghaeilge    

Beidh fáil ar an fhoirm iarratais ar-líne idir seo agus an Aoine 10 Bealtaine.