Monthly Archives: Feabhra 2024

Turas na Scríbhneoireachta – Le fáil ó Siopa Údar

Áis de chuid CCEA, atá oiriúnaithe do chomhthéacs scoileanna an deiscirt ag COGG.
Tugann an áis seo treoir do mhúinteoirí agus iad ag tabhairt faoi theagasc na seánraí scríbhneoireachta.

Tá Turas na Scríbhneoireachta, do bhunranganna agus d’ardranganna, le fáil ó Siopa Údar anois ar phraghas €15 an leabhar.

Lámhleabhar do na bunranganna le fáil anseo.
Lámhleabhar do na hardranganna le fáil anseo.

Ceardlanna – Réidh, Socair, Déan Mata

Tá sé beartaithe ag beirt oifigeach oideachais COGG sraith ceardlanna lae ar Réidh Socair Déan a eagrú timpeall na tíre i mí Feabhra 2024.

Tá an cheardlann seo oscailte do mhúinteoirí ó na scoileanna Gaeltachta agus ó na Gaelscoileanna. Beidh an cheardlann ar siúl sna hionaid oideachais (seachas ceann na Gaillimhe).

Tá Réidh Socair Déan feiliúnach do mhúinteoirí na naíonán. Beidh ionadaí amháin ceadaithe do gach scoil, ach beidh fáilte roimh níos mó múinteoirí ón scoil. D’fheadfadh an cúrsa a bheith feiliúnach do mhúinteoirí tacaíochta Gaeilge ó na scoileanna Gaeltachta freisin.

Beidh gach ceardlann ag tosú gach maidin ag 9.30 agus ag críochnú ag 3.00. Cuirfear tae/caife agus lón ar fáil. Beidh cóip de leabhar an mhúinteora ar fáil do gach múinteoir a fhreastalaíonn ar an gcúrsa.

Is gá do gach múinteoir clárú agus tá rogha ag gach múinteoir cén t-ionad ab fhearr leo. Caithfear 10 a bheith againn chun an cúrsa a chur ar siúl. Is féidir clárú ag an nasc seo thíos:

https://forms.office.com/e/XBh3F06V5a

An spriocdháta na 14 Feabhra ag 5:00 i.n.

Má tá aon cheist agat faoi seo, seol ríomhphost chuig:

micheals@cogg.ie nó triona@cogg.ie