Tenders: Screening and Investigation of research on immersion education
Screening and auditing of research on immersion in education at primary and post-primary level.
More information here.
Screening and auditing of research on immersion in education at primary and post-primary level.
More information here.
Oifigeach Oideachais don Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) (CLIL)
Is mian le COGG Oifigeach Oideachais don FCÁT a earcú le tacú le feidhmeanna COGG de réir Alt 31 den Acht Oideachais (1998).
Gach eolas ar fáil ar www.cogg.ie nó trí ríomhphost a sheoladh chuig: poist@cogg.ie
An dáta druidte: 5.00 i.n. Dé Céadaoin 8 Samhain 2023
Tá an leabhrán eolais ar fáil anseo.
Aistear Ama
Seoladh acmhainn úrnua staire do shonraíocht na sraithe sóisearaí
ar an 17 Deireadh Fómhair
ar a 5 i.n
i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.
Is cúis mhór áthais do COGG an acmhainn úrnua staire seo a sheoladh i gcomhar le hIonad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Tá an téacsleabhar scríofa ag Edel Ní Loingsigh, múinteoir staire i nGaelcholáiste Charraig Uí Leighin. Seolfaidh an tUasal Seán Ó Broin, Ionad na Gaeilge Labhartha, Aistear Ama go hoifigiúil i seomra caidrimh na foirne.
Tá COGG ag foilsiú an téacsleabhair agus á chur ar fáil saor in aisce do scoláirí na chéad bhliana i ngach iar-bhunscoil Ghaeltachta agus lán-Ghaeilge sa tír ó thús na scoilbhliana seo.
Ag an ócáid, labhróidh an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Roinn na Nua-Ghaeilge, ar fhorbairt an Ghaeloideachais agus ar chothú na dtacaíochtaí oiliúna i gCorcaigh.
Beidh fáilte mhór romhaibh go léir, roimh bhur scoláirí agus bhur gcuid mac léinn staire agus ábhair oidí. Beidh ceol agus sólaistí ar fáil do chách!
Ag súil go mór le bualadh libh ar an 17 Deireadh Fómhair. RSVP chuig aoife@cogg.ie.
Leagan digiteach ar fáil anseo.