Trialscrúduithe (Cóipeanna Crua)
Tá socrú déanta ag COGG le 4School.ie agus leis an ngrúpa Examcraft le cinntiú go mbeidh daltaí in ann leabhráin de na hiarpháipéir a fháil. Cuireann Examcraft cóipeanna crua de na trialscrúduaithe ar fáil gach bliain.
Páipéir na dtriailscrúduithe 2019 agus iarpháipéir na dtriailscrúduithe 2008 – 2018(Leaganacha digiteacha)
Is féidir leat iarpháipéir triailscrúduithe i nGaeilge a íoslódáil ón suíomh Gréasáin seo. Beidh ort dul i dteagmháil le COGG ar bhonn bliaintúil chun an pásfhocal a fháil chun leathanaigh a íoslódáil. Tá an nasc thíos.
Iarpháipéir Scrúduithe Stáit (Cóipeanna crua)
Cuireann 4schools.ie leabhráin ar fáil d’iarpháipéir scrúduithe stáit. Gach bliain déantar uasdátú le páipéir scrúduithe stáit na bliana roimhe sin agus cuirtear iad ar fáil i mí Mheán Fómhair. Tá an soláthar teoranta, agus más féidir, iarrann 4schools.ie ar scoileanna a n-orduithe a chur isteach roimh an samhradh. Is féidir cóipeanna de na hiarpháipéir scrúduithe stáit a ordú tríd an scoil, ar líne nó glaoigh ar 01-8081494.
Iarpháipéar Scrúduithe Stáit (Cóipeanna digiteacha)
Tá iarpháipéir scrúduithe uile an stáit ar fáil le híoslódáil saor in aisce ó Shuíomh Idirlín Coimisiún na Scrúduithe Stáit.