iTunes U

Tráth an ama seo i 2009, ar mholadh Éanna Ó Brádaigh, Bainisteoir Forbairt Gnó san Oideachas le Apple, chinn COGG ceadúnas a lorg ó Apple le iTunesU a fhorbairt do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge na tíre. Séard a bhí i gceist leis seo ná cuid faoi leith de iTunes a bheith ann le bainistiú, dáileadh agus stiúradh a dhéanamh ar áiseanna oideachasúla do phobal fhoghlaimeoirí faoi leith.
Nuair a tugadh ceadúnas do COGG, cuireadh tús le bailiú ábhair a bhí ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid mar thacaíocht don teagasc agus don fhoghlaim trí mheán na Gaeilge. Obair ollmhór a bheidh i gceist leis an mbailiúchán seo ar bhonn leanúnaigh ach tá réimse leathan go leor ábhar crochta ar an suíomh. Lena n-áirítear ábhar físe, ábhar fuaime, ábhar tacaíochta do mhúinteoirí agus ábhar staidéir do dhaltaí.
Táthar ag cur leis seo go leanúnach.

Comhpháirtíocht leis an acadamh

I Feabhra na bliana 2011 cuireadh tús le comhpháirtíocht idir COGG agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a bhfuil sé mar phríomhaidhm na féidearthachtaí atá ann do iTunes U na Gaeilge a úsáid mar uirlis tacaíochta foghlama teanga agus ábhair (ag leibhéal bunscoile) a mheas.
De bharr an chomhoibrithe idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus RTÉ RnaG i réimse na cartlannaithe forbraíodh 300 mír fhoghlama ó bhunábhar i gCartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ó bhunábhar i gCartlann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge féin. Thóg Inniúlacht Cartlainne Meán (ICM) an cainéal ó bhun go barr don ollscoil faoi stiúir an Dr Marcus Ó Conaire.  D’oibrigh foireann an tionscadail i gcomhpháirt le saineolaithe ábhar agus le múinteoirí bunscoile ar mhaithe leis na míreanna a roghnú ó na cartlanna éagsúla. Chuir Ba mhór go deo an chabhair é múinteoirí a raibh an-chur amach acu ar riachtanais foghlama teanga agus eile daltaí bunscoile Rang 5 agus Rang 6 a bheith ar fáil don phróiseas roghnaithe agus forbartha míreanna. Rinneadh iarracht réimse leathan míreanna a aimsiú ina mbeadh glórtha idir óg agus aosta le cloisteáil a chlúdaigh réimse leathan canúintí ag casadh amhráin, ag aithris dánta, agus ag roinnt scéalta, míreanna eolais agus píosaí spraoi.
Tá plean foghlama forbartha a bheas múinteoirí in ann a úsáid i dtaca leis na míreanna sa seomra ranga. Cuireann an plean foghlama béim ar fhorbairt scileanna éisteachta agus scileanna labhartha trí ghníomhaíochtaí réamhéisteachta, gníomhaíochtaí le linn éisteachta agus gníomhaíochtaí iar-éisteachta chomh maith le cur síos ar ábhar agus ar shaibhreas na míreanna sa mbailiúchán. Cuireann gníomhaíochtaí an phlean foghlama béim freisin ar obair ghrúpa, ar neamhspleáchas an fhoghlaimeora, ar na daltaí a bheith ag cruthú ábhar iad féin (ar scoil agus sa mbaile) agus ar fheasacht teanga. De bharr go bhfuil scoth na Gaeilge le cloisteáil sna míreanna beidh tionchar mór acu ar shaibhriú agus ar shealbhú na Gaeilge i measc daltaí bunscoile. Baileofar aiseolas ó mhúinteoirí agus ó scoláirí ar mhaithe le forbairtí breise a dhéanamh ar na míreanna agus ar an bplean foghlama. Cuirfear na míreanna foghlama ar fáil ar an Idirlíon trí Chainéal iTunes U COGG.

Thabair cuirt don iTunes U

(Is gá go mbeadh iTunes ar do ríomhaire agat.)