Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Fáilte chuig leathanach Saorála Faisnéise na Comhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG). Tá An Chomhairle um Oideachas Gaeltacht & Gaelscolaíochta faoin Acht ón 31 Bealtaine 2006.

Tá eolas ar an leathanach seo maidir leis na nithe seo a leanas:

Cearta saorála faisnéise faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014

Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 do na cearta reachtúla a leanas:

  • Ceart dlíthiúil do gach duine chun rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí lena mbaineann an reachtaíocht um shaoráil faisnéise.
  • Ceart dlíthiúil do gach duine go gceartaítear faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin sa chás go bhfuil sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach.
  • Ceart dlíthiúil chun cúiseanna a fháil a bhí le cinntí a d’imir tionchar ar dhuine.

Tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh ar fáil anseo.

Taifead ar na hIarratasis a fuarthas faoin Acht um Shaoráil Fáisnéise

Faisnéis atá ar fáil faoin Scéim Fhoilseacháin 

Éilítear in Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 ar chomhlachtaí um Shaoráil Faisnéise  a réiteach agus a fhoilsiú maidir le foilseachán faisnéise an chomhlachta chun cloí le scéim foilseacháin nó treoirlínte a dhéanann an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Scéim Foilseacháin COGG ar fáil anseo.

Maoiniú trí dheontais nó urraíocht os cionn tairseach €10,000 (2016 – 2020)

Íocaíochtaí d’earraí agus seirbhísí ós cionn €20,000 (2016 – 2020)

 

Féach Freisin

Oifig an Choimisinéara Faisnéise | OCF (oic.ie)

Treoir agus Acmhainní – An Reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise | OCF (oic.ie)

Freedom of Information Ireland (foi.gov.ie)