Cad é an AE? | An tAontas Eorpach | Topaicí | Na hInstitiúidí | Gníomhaíochtaí
Thionscadail
Is iad seo roinnt moltaí le haghaidh tionscadal a fhéadann tú a chomhroinnt. Trí úsáid a bhaint as ábhar agus taighde ón láithreán Gréasáin seo, d’fhéadfá físeán nó podchraoladh a dhéanamh d’fhonn do thuairim a mhíniú agus iarracht a dhéanamh ar thionchar a imirt ar dhaoine eile. D’fhéadfaí iad a thaispeáint don chuid eile de do rang nó scoil – bí cinnte go n-iarrfaidh tú cabhair agus comhairle ar do mhúinteoir!
Léarscáileanna
Féach anseo le haghaidh léarscáileanna úsáideacha den Aontas Eorpach lena n-úsáid i do thionscadail. Tá mórán íomhánna eile ar láithreán Gréasáin Europa – Féach anseo.
An AE in Íomhánna
Tá íomhánna ar líne ag na seirbhísí closamhairc de láithreáin Ghréasáin an AE a fhéadann tú a úsáid do do thionscnaimh scoile. Is é seo roghnú d’íomhánna chun cabhrú leat tosú, is as na láithreáin Ghréasáin seo de chuid an AE an-chuid de na híomhánna thíos.
Féach anseo le haghaidh roghnú de bhratacha an AE ar Europa – láithreán Gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
Féach anseo le haghaidh roghnú grianghraf ar Phríomhchathracha an AE ar Europa
Scríobh do Script
Tá script éigeantach sula dtosaíonn tú scannánú ionas go mbeidh eolas agat ar a bhfuil ort a thaifeadadh. Lean na treoirlínte thíos
Teideal
Cabhraíonn sé leis an bhfaisnéis a fhócasú
Cé nó cad a bheidh i do scannán?
An liosta de charachtar nó d’agallaithe, nó d’fhéadfadh sé seo a bheith ina liosta d’áiteanna nó d’ábhair atá tábhachtach.
An bhunscript
I gcoitinne, is ionann leathanach A4 amháin de script agus nóiméad amháin scannáin
Tosaigh gach abairt de do script leis na focail
‘feicimid anois ………
agus cuir tuairisc éigin léi.
I gcoitinne, dá laghad é, is amhlaidh is fearr é! Bain triail as an méid a scríobhann tú a chur in eagar ag an deireadh chun aon athráite a sheachaint, mar shampla.
Liosta Seatanna an Scannáin
Is é seo liosta comhlán ‘seatanna’ nó píosaí scannánaíochta a bheidh ort a dhéanamh. A luaithe is atá liosta seatanna mionsonraithe agat, tá tú réidh le tús a chur.
Liosta Seatanna
B’ionann seo agus do threoir agus do scannán á dhéanamh agat.
Tá gach seat atá de dhíth ort scríofa ar an liosta. Agus ní mór dó a bheith san ord ceart freisin!
Ina dhiaidh sin, féadfaidh tú cinneadh cuid de na seatanna a scannánú ag an am céanna dá mbeadh ciall leis – na seatanna cinn go léir, mar shampla.
Is iad seo roinnt ceannteideal chun cabhrú leat tosú
- An Chéad Seat – an tús – cad a fheicfidh tú anseo go díreach?
- An Dara Seat – d’fhéadfaí go dtiocfadh seat comhthéacs nó cúlra anseo – cur síos air anseo.
- An Tríú Seat – Seat Teann – B’fhéidir go bhfuil duine ag labhairt ‘leis an gceamara’
- An Tríú Seat – tarraingt siar chun….níos mó daoine a thaispeáint, b’fhéidir?
- Agus mar sin de……
…. Smaoinigh ar an Liosta Seatanna mar oideas le scannán / clár faisnéise / beochan / craoladh nuachta a dhéanamh. A luaithe is atá gach rud beartaithe agat, beidh sé níos fusa agus níos éifeachtúla gach rud a thaifeadadh. Beidh eolas agat roimh ré faoina mbeidh le hullmhú agat, amhail daoine, frapaí – agus graif agus íomhánna freisin, b’fhéidir.
Déan tuairisc nuachta le haghaidh Raidió nó Podchraolta
Smaoinigh faoi na craoltaí nuachta a chloiseann tú ar an raidió gach lá. Ba chóir duit craoladh a dhéanamh.
Lean na treoirlínte chun tús a chur leis.
Déan tuairisc nuachta le haghaidh Raidió nó Podchraolta
Tús a chur leis
Smaoinigh faoi d’ábhar. Cad ba mhaith leat a insint do dhaoine? Cad chuige a bhfuil sé tábhachtach?
Déan tobsmaointeoireacht chun roinnt smaointe ginearálta agus – níos tábhachtaí fós – roinnt ceisteanna a chur le chéile. Is é seo do thús áite.
Déan taighde ina dhiaidh sin chun tuilleadh faisnéis cúlra a fháil faoi d’ábhar.
Pleanáil do phríomhsmaointe amach. Cinn cé na codanna is tábhachtaí den scéal. Déan cinnte go bhfuil a fhios agat go díreach an méid ba mhaith leat a rá le daoine. Ní mór do scéal a bheith an-soiléir mar go mbeidh daoine ag éisteacht leis in ionad a bheith á leamh.
An script
Maireann formhór na scéalta nuachta raidió ar feadh 2-3 nóiméad. Tógann sé seo thart ar 90 focal.
Is féidir leat gnáthghuth labhartha a úsáid, ní mór é a bheith foirmiúil.
Is fearr abairtí a choinneáil gearr. Déan iarracht aon phointe amháin a dhéanamh i ngach ceann. Bíonn sé seo níos fusa don lucht éisteachta é a leanúint.
Cuir béim ar na codanna is tábhachtaí.
Agallaimh
Úsáid agallaimh agus gearrthóga fuaime chun é a choinneáil spéisiúil.
Cuimhnigh le hinsint don lucht éisteacht cé a dúirt an rud atá á athfhriotal agat.
Is féidir leat rud a dúirt daoine eile a athfhriotal, ach bí cinnte go ndeir tú cé atá á (h)athfhriotal agat agus déan cinnte go bhfuil sé ceart.
Ar deireadh
Bíodh na hábhair uile ullamh agus curtha in ord agat sula dtosaíonn tú.
Léigh do script os ard cúpla uair chun a chinntiú go bhfuil sí go maith.
Déan aon athruithe deiridh atá ag teastáil
Tá tú réidh anois le do chraoladh a thaifeadadh.
Coinnigh cuimhne gur féidir leat roinnt eagarthóireachta a dhéanamh tar éis duit an taifeadadh fuaime a dhéanamh sula gcuireann tú ar fáil don phobal é.
Féach anseo le haghaidh treoir mhionsonraithe ón BBC maidir le ‘conas is féidir’.
Déan Clár Faisnéise
Déan clár faisnéise faoi rud éigin tábhachtach i do cheantar nó i do shaol atá ar d’aird.
Déan clár faisnéise faoi rud éigin tábhachtach i do cheantar nó i do shaol a cheapann tú go bhfuil tábhacht mhór ag gabháil leis. Tosaigh le do chuid smaointe féin – d’fhéadfá ransú smaointe a dhéanamh le do ghrúpa ar dtús – agus cinntigh go ndéanann tú roinnt taighde sula dtosóidh tú.
Agallaimh
Cé a fhéadfaidh tú a chur faoi agallamh? Beidh daoine ar an acmhainn is fearr a bheidh agat, go háirithe má tá spéis agat i stair áitiúil nó teagmhais áitiúla. Cé atá aithne agat air/uirthi a bhféadfá ceist a chur air/uirthi, b’fhéidir comharsana nó seantuismitheoirí? Bí cinnte go bhfaighidh tú a gcead roimh ré – iarr ar do mhúinteoir cuidiú agus comhairle a thabhairt faoi seo freisin.
Léarscáileanna agus Cáipéisí Stairiúla
An bhfuil aon léarscáileanna suimiúla nó úsáideacha nó seancháipéisí ann, amhail scannáin chartlainne nó seanghrianghraif, a d’fhéadfadh a bheith ábhartha freisin?
‘Fíricí agus Staitisticí’
Dá bhféadfá staitisticí agus fíricí beachta a fháil lena lua, chuirfeadh sé seo le do sheasamh. An chuid dheacair is ea iad siúd a dhéanamh suimiúil! Smaoinigh ar íomhánna aisteacha nó greannmhara a bhféadfá úsáid a bhaint astu le pointe a léiriú, nó ar bhealach a d’fhéadfá uimhreacha casta a ghlacadh agus a chur i láthair mar léaráid shimplí nó graf – d’fhéadfadh sé seo pas beag datha a chur leis freisin!
Stíl
Is í seo do rogha féin! Cuimhnigh nach mór do do chlár faisnéise a bheith suimiúil, soiléir, furasta le tuiscint, agus mealltach. Baineann déantóirí comhaimseartha cláir faisnéise úsáid as cineálacha éagsúla modhanna ina gcuid scannán, lena n-áirítear beochan, píosa scannáin stairiúil, ceol agus guthú. Cuimhnigh go bhféadfaidh tú iarraidh ar do mhúinteoir cuidiú a thabhairt freisin.
Áitigh orm!
Níl aon Uachtarán den AE ar fad ann – ach, dá mbeadh ról den chineál sin ann, cé a bheadh ina rogha mhaith, dar leat? Cé a roghnófá mar iarrthóir?
An bhfuil an duine sin os comhair an phobail cheana?
Cibé duine atá i gceist, ní mór dó/di a bheith oiriúnach mar cheannasaí pobail.
B’ionann é nó í agus aghaidh phoiblí an AE.
Déan d’áitiú!
Dá bhféadfá é seo a thaifeadadh mar fhíseán (iarr ar do mhúinteoir), d’fheadfaí roghnú díobh a chur le chéile agus a thaispeáint do chách.
D’fhéadfaí vótáil a ghlacadh ina dhiaidh sin le go bhfeicfí cén t-iarrthóir a bhainfeadh.
Tionscadal Iriseora
D’iarr do nuachtán áitiúil ort scéal nuachta a scríobh. Cén t-ábhar a cheapann tú a bheith tábhachtach?
Lean na treoirlínte seo chun tús a chur leis.
Tús a chur leis
Smaoinigh faoin áit a bhfoilseofar do scéal. Cé a bheidh á leamh?
Más nuachtán áitiúil é nó más iris áitiúil í, féach ar na nithe atá á ndéanamh acu cheana féin.
Cé chomh fada is atá a gcuid scéalta nuachta? An bhfuil stíl ar leith acu chun na scéalta seo a insint?
Beidh ort a chinntiú go bhfuil do scéal oiriúnach do cibé áit a bhfoilseofar é.
Cad faoi do scéal nuachta?
Smaoinigh faoi d’ábhar.
Déan tobsmaointeoireacht chun roinnt smaointe ginearálta agus – níos tábhachtaí fós – roinnt ceisteanna a chur le chéile. Is é seo do thús áite.
Déan taighde ina dhiaidh sin chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi d’ábhar. Beidh faisnéis faoin ábhar ag teastáil uait.
Smaoinigh faoi na daoine a bheidh ag léamh do scéil freisin, cad a choinneoidh a gcuid spéise?
Déan cinnte go bhfuil do phríomhphointe soiléir agus go bhfuil a fhios agat cad ba mhaith leat a rá le daoine.
Agallaimh
Is féidir leat agallamh a dhéanamh le daoine agus iarraidh orthu athfhriotal a thabhairt. Bí cinnte go ndeir tú cé a thug an t-athfhriotal duit agus déan cinnte go bhfuil sé ceart.
Íomhánna
Roghnaigh aon íomhánna atá tú ag iarraidh cur isteach i do scéal nuachta. Déan cinnte go gcabhraíonn siad le do chuid smaointe a mhíniú.
Ba chóir dóibh cur leis an méid atá a rá agat, is féidir go léiríonn siad é nó go gcuireann siad rud eile leis.
Is féidir leat léaráidí nó graif a úsáid freisin.
Seiceáil aon fhortheidil a d’fhéadfadh go mbeadh ort a úsáid ar na híomhánna (cóipcheart, ainmneacha, teidil)
Do scéal nuachta a scríobh
Beidh réamhrá maith de dhíth ort, rud a mheallann daoine chun an chuid eile a léamh.
Coinnigh simplí é agus bí cinntí go míníonn tú rudaí go soiléir.
Coinnigh na habairtí gearr.
Úsáid paragraif. Ba chóir a phointe féin a bheith ag gach ceann acu. Nuair atá tú ag iarraidh smaoineamh nua a phlé, tosaigh paragraf nua freisin. Cabhraíonn sé seo le daoine an méid atá á rá agat a leanúint.
Ba chóir don pharagraf deireanach gach rud atá ráite agat roimhe seo a chur le chéile i bpríomhphointe soiléir amháin.
Ar deireadh
Déan seiceáil eile ar do scéal nuachta i gcomhair aon earráidí scríofa – bíonn sé i gcónaí níos fearr iarraidh ar dhuine eile é seo a dhéanamh toisc go mbreathnaíonn siad air ‘le súil nua’.
Cinn teideal maith le haghaidh do scéil nuachta.
Tá tú réidh le hé a fhoilsiú.
Féach anseo le haghaidh ailt ón nuachtán the Guardian faoi conas iriseoireacht a scríobh
Scríobh Beathaisnéis Oifigiúil
Tá duine éigin den AE ón lá inniu nó ón am atá caite ag teacht chuig do scoil le go dtabharfar dámhachtain dó nó di. Tá beathaisnéis ag teastáil.
Roghnaigh duine éigin agus scríobh scéal faoina shaol/saol. Cé hé an duine sin? Cad é a rinne sé nó sí atá suimiúil? An bhfuil aon rud eile faoi/fúithi atá spéisiúil?
Caith súil ar chuid de na daoine a bhaineann leis an AE ar an rannán Daoine den láithreán Gréasáin seo. Anseo
Slogans R Us !
Iarradh ort sluán a chumadh chun cosaint an chomhshaoil a chur chun cinn.
Smaoinigh ar theachtaireacht thábhachtach ar dtús
Déan ransú smaointe ina dhiaidh sin le liosta fada d’fhocail a d’fhéadfadh a bheith úsáideach a fháil – téigh siar agus léigh an fhaisnéis faoin ábhar a roghnaigh tú le haghaidh inspioráide.
Scríobh amach na focail spéisiúla go léir
Cuir tús lena gcomhcheangal chun do shluán a chumadh. Ba cheart dó a bheith gairid agus tapa, agus, má tá sé i rím, is amhlaidh is fearr é.
Dá mbeadh an Institiúid ina duine, cén sórt duine a bheadh inti?
Roghnaigh ceann amháin d’institiúidí an AE agus scríobh próifíl bhréagach di mar go mbeifeá ag scríobh faoi dhuine – an agallamh é seo nó an beathaisnéis í seo?
Cad é an t-ainm atá ar d’ábhar roghnaithe?
Cá bhfuil sé/sí ina chónaí/cónaí?
Cén chuma atá ar a bhaile/baile?
Cén sórt éadaí a d’fhéadfadh sé/sí a chaitheamh?
Cad é an bia ab fhearr leis/léi, dar leat?
Céard faoi cheol nó leabhair – cad é a bhféadfadh sé/sí éisteacht leis nó a léamh. An mbeifeá ábalta fáth a mholadh?
Cad é an t-éacht is fearr leis/léi?
Mearfhicsean
Mearfhicsean – na scéalta is gairide de na gearrscéalta
Ní bheidh mórán focal sa bhreis ann agus, dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh tú ar an ‘gníomh’ nó ar an bpointe príomha a luaithe is féidir, is féidir leis tús, lár agus deireadh a bheith aige – ach caithfidh tú a bheith iontach éifeachtúil.
Roghnaigh gach focal le go mbeadh an tionchar ba mhó ab fhéidir a bheith aige agus le go mbogfadh an scéal ar aghaidh.
Tosaigh trí smaoineamh ar an ábhar ar mhaith leat scríobh faoi, agus déan pas beag ransaithe smaointe, b’fhéidir – nó léim díreach isteach. Féach an bealach a oibríonn is fearr.
Is é an rud tábhachtach é pointe a bheith agat, is é sin rud ar mhaith leat insint faoi – inis scéilín nach mór a insint. Is féidir leat a bheith chomh samhlaíoch is ba mhaith leat.
Cum Haiku
Tá rialacha an-bheacht ann maidir le líon na bhfocal a fhéadtar a úsáid agus leis an dóigh ar cheart Haiku a chumadh.
Tá an dán iontach gairid mar go bhfuil trí líne san iomlán aige. Leanann sé struchtúr beacht. Tá cúig shiolla ag an gcéad líne, seacht siolla ag an dara líne agus cúig shiolla ag an tríú líne.
De ghnáth, is faoi rud éigin a chonacthas nó a tugadh faoi deara atá an dán. Ba ghnách le filí Seapánacha bualadh le chéile chun dul ar shiúlóid agus Haiku a chumadh ina dhiaidh sin ar rud éigin a chonaiceadar a thug inspioráid dóibh.
Gheobhaidh tú roghnú ábhair anseo
Gheobhaidh tú roghnú ábhair anseo – roinnt míreanna nuachta, roinnt acmhainní spéisiúla agus naisc le láithreáin Ghréasáin eile.
Gníomhaireacht Spáis na hEorpa
Féach anseo le haghaidh naisc le leathanach baile Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa . Tá Satailít Galileo ina Clár den AE.
Féach anseo le haghaidh mhisin Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa a rian
Europeana
Tá Europeana ar an tairseach láithreáin Ghréasáin chuig bailiúcháin ar líne ó chuid mhór de na hiarsmalanna agus na dánlanna is cáiliúla ar fud an AE, mar aon le cinn a bhféadfaí nár chuala tú fúthu riamh.
Roghnaigh an nasc seo chun dul chuig Europeana
Agóid Tiománaithe Rothair Ghluaiste faoi Athruithe Rialacha
Tá rialacha nua maidir le Rothair Ghluaiste á mbeartú ag Coimisiún an AE.
Tá tiománaithe Rothair Ghluaiste i mbun agóidí in aghaidh an togra ar fud na hEorpa. Deir siad go méadóidh na rialacha nua an costas a bhaineann le rothar gluaiste a rith, ach, níos tábhachtaí fós, go gcuirfidís cosc ar an traidisiún maidir lena rothair ghluaiste féin a shaincheapadh de réir a dtola.
Tá Coimisiún an AE den tuairim gur ar son na bóithre a dhéanamh níos sábháilte d’úsáideoirí rothair ghluaiste agus d’úsáideoirí eile bóithre agus caighdeáin chosanta comhshaoil a ardú atá na rialacha.
D’fhoilsigh Coimisiún an AE an t-eolas seo ar a dtugtar achoimre Saoránach. Is féidir leat é a úsáid anseo.
Is é ainm an togra: Two- or three-wheel vehicles and quadricycles: approval and market surveillance
Is féidir leat a dhul chun cinn trí Institiúidí an AE a leanúint anseo
Beart um Chumhacht Bolcáin idir an Íoslainn agus an Ríocht Aontaithe
Tá seoladh cumhachta ‘bolcáin’ chuig an RA trí chábla á phlé ag an Íoslainn. Is é an togra cábla faoin bhfarraige a thógáil go hAlbain. Bheadh sé 730 míle ar fad agus bheadh sé ar an gceann ab fhaide a tógadh riamh.
Gineadóir Geoiteirmeach
Gineann an Íoslainn leictreachas ó ghníomhaíocht bholcánach trí úsáid a bhaint as Gléasraí Geoiteirmeacha a bhaineann úsáid as an teas chun gal a dhéanamh leis na tuirbíní a iompú. Baineann sí úsáid as giniúint hidrileictreach freisin.
B’ionann seo agus foinsí in-athnuaite fuinnimh, ach tá roinnt conspóide ann go fóill maidir leis an méid tionchair a imreofar ar an gcomhshaol mar gheall ar an tógáil píopaí agus bóithre nua.
Sholáthródh sé fuinneamh glas agus bheadh sé ina chuid d’Ollghreille Fuinnimh bheartaithe an AE ar fud thuaisceart na hEorpa, tíortha an AE agus tíortha nach baill den AE iad san áireamh.
Féach anseo le haghaidh láithreán Gréasáin le léarscáil den ghreille.
Is féidir le peileadóirí taisteal ar son a gcuid oibre
Ní mór cead a thabhairt do pheileadóirí taisteal ar son a gcuid oibre, faoi mar a dhéanann gach saoránach eile den AE.
In 1995, tháinig rialú tábhachtach ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a d’athraigh an dóigh a bhféadfaí Rialacha Aistrithe a chur i bhfeidhm. Tugadh cás Bosman air seo.
Mar gheall ar an gcás seo, d’fhéadfadh imreoirí clubanna a athrú níos fusa a luaithe is a chríochnaíonn conradh.
Roimh chás Bosman, ní raibh cead ag clubanna peile níos mó ná triúr peileadóirí eachtracha a bheith acu ar a bhfoireann (agus beirt eile má thángadar as a gcláir oiliúna óige) – ach tar éis Bosman, d’fhéadfadh foirne an oiread sin peileadóirí eachtracha ó thíortha an AE ar mhaith leo.
Thug na hathruithe tuilleadh cumhachta margála ag peileadóirí maidir lena gcuid táillí agus thug sé an deis d’fhoirne a bheith ina bhfoirne ilnáisiúnta.
Tiarna talún tí tábhairne ag tarraingt ar an gceart a bhuachan chun seirbhís teilifíse satailíte a úsáid
Ghlac Tiarna Talún Tí Tábhairne Sasanach cás chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh lena ceart a chosaint chun seirbhís teilifíse satailíte a cheannach ó sholáthraí ón nGréig a bhí níos saoire ná soláthraí ón Ríocht Aontaithe.
Bhain tiarna talún an tí tábhairne Red, White and Blue sa Bhreatain úsáid as cárta díchódóra Gréagach chun cluichí ón Premier League a thaispeáint ar an teilifís ina teach tábhairne. Rinne an soláthraí teilifíse satailíte sa Ríocht Aontaithe agóid.
Chinn an Chúirt gur cheart do dhuine a bheith ábalta seirbhís teilifíse satailíte a úsáid ó áit ar bith laistigh den AE, ach tá na rudaí féin ar féidir amharc orthu á bplé go fóill!!
Mar sin féin, d’fhéadfadh sé seo rochtain níos saoire ar theilifís satailíte a chur ar fáil do chách.
EU Tube
Athraíonn na físeáin
Athraíonn na físeáin agus, mar sin de, bí cinnte go gcuireann tú ceist ar do mhúinteoir sula dtéann tú chuig an láithreán Gréasáin seo le bheith cinnte go bhfaigheann tú an rud ceart.