
An bhfuil tú ar chúrsa in oiliúint tosaigh múinteoirí?
An bhfuil roinnt Gaeilge agat?
An mbeadh suim agat post a fháil i scoil a bhíonn ag teagasc trí Ghaeilge?
Ba cheart duit cuir isteach ar TTEG mar sin.
Tabharfaidh an Teastas Teagaisc don Earnáil Ghaeloideachais (TTEG) léargas agus tuiscint do na rannpháirtithe ar chomhthéacs agus dea-chleachtais iomaire an Ghaeloideachais ag an iar-bhunleibhéal. Tá an TTEG saor in aisce do mhúinteoirí faoi oiliúint. Tá an TTEG á chur ar fáil ag foireann an Mháistir Ghairmiúil san Oideachas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus COGG.
Beidh an TTEG ag rith ag an am céanna le do chúrsa Pme (nó bunchéim) agus ní chuirfidh sé as don chúrsa sin ar aon slí. Beidh an cúrsa go hiomlán ar líne agus is 5 sheisiún a bheidh ann san iomlán. Beidh an chéad seisiún ar an 28 Feabhra.
Breis sonraí le fáil anseo.
Foirm iarratais ar fáil anseo.