Idirspleáchas- Tradáil Dhomhanda
Tá an chuid is mo den trádáil dhomhanda rialaithe ag comhlachtaí móra ar a dtugtar corparáidí ilnáisiúnta. Comhlachtaí iad seo a bhfuil monarchana agus oifigí acu in níos mó ná dhá thír. Bíonn ceanncheathrúna na gcomhlachtaí seo i dtíortha forbartha ach bíonn a gcuid táirgí á dtáirgiú i dtíortha níos boichte ina mbíonn an costas saothair níos ísle, cáin níos ísle agus dlíthe a bhaineann le coinníollacha oibre níos laige. Tá na comhlachtaí seo an-saibhir agus iontach cumhachtach, m.s. tá ceannas ag ceithre chomhlacht caife ar beagnach leath de ghnó caife an domhain. Tá cumhacht ollmhór ag comhlachtaí cosúil le Primark agus Nike ar thíortha atá i mbéal forbartha.
Siopaí Allais Nike
Tá stair fada ag Nike a bheith ag úsáid siopaí allais in áiteanna cosúil le an Indinéis, an tSín agus Vítneam. Timpeallacht oibre atá in ann a bheith dainséarach is ea na siopaí allais. D’fhéadfadh oibrithe a bheith ag obair le hábhair chontúirteacha, faoi teochtaí arda agus ag fáil mí-úsáide ó fostóirí. Oibríonn na daoine sna siopaí allais laethanta fada agus ar phá i bhfad níos ísle ná an íosphá maireachtála atá againne. Tá sé curtha i leith Nike go bhfuil siad ag tógáil buntáiste as na margaí saothair seo. Séanann Nike na líomhaintí sin agus deir siad nach bhfuil aon smacht acu ar na monarchana. Tá Nike faoi bhrú chun a gcuid coinníollacha oibre a fheabhsú.