Idirspleáchas

Idirspleáchas
Céard is idirspleáchas ann ?

Ciallaíonn idirspleáchas go gcaitheann gach duine comhoibriú le chéile chun an saol a dhéanamh níos fearr do gach duine. Ciallaíonn sé seo a bheith ag déanamh cinntí freagrúla mar dhaoine aonair, mar náisiúin agus mar chuid den phobal domhanda. Sampla den idirspleáchas go bhfuil Éire ag brath ar tíortha forbartha le haghaidh go leor dár mbia agus dár n-éadach. Braitheann daoine sna tíortha forbartha orainne chun a gcuid bia agus éadaigh a cheannach uainn ionas gur féidir leo maireachtáil. Tagann an chuid is mó de na hearraí a úsáideann muid in Éireann ó thíortha eile, m.s. bia, éadach agus teicneolaiocht. Trádáil dhomhanda a thugtar air seo. Tá buntáiste dearfach ag gach duine as an trádáil dhomhanda.

l
Domhandú

Ciallaíonn domhandú gur féidir le trádáil, taisteal, earraí, smaointe, cultúr agus daoine bogadh go saor trasna teorainneacha náisiúnta. Ní féidir bogadh go saor ar fad thar na teorainneacha atá ar fud an domhain ach tá méadú ag teacht ar dhomhandú. Caithfidh gach duine ar domhan a thuiscint go mbraitheann gach duine ar a chéile. Próiseas dearfach is ea an domhandú de bharr go gcosnaíonn sé daoine ó mhíchothromaíocht a bheith ina gcoinne.