Cén chaoi n-oibríonn an tAontas Eorpach ?
Tá trí institiúid thábhachtacha ag an Aontas Eorpach a dhéanann cinnte go bhfuil an próiséas daonlathais cothrom agus éifeachtach. Is iad sin : Comhairle an Aontais Eorpaigh, Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach.
Comhairle an Aontais Eorpaigh
Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh ionadaíocht ar na rialtais éagsúla i dtíortha an AE. Seo an comhlacht a dhéanann cinntí don Aontas Eorpach ar fad. Tá sé roinnte ina dhá ghrúpa : An Chomhairle Eorpach agus Comhairle na nAirí. Tá méid áirithe vótaí ag gach tír a dhéanann áth fhéach ar méid an daonra, m.s. tá seacht vóta ag Éireann ar an gComhairle agus tá 29 ag an Fhrainc
Comhairle an Aontais Eorpaigh
An Chomhairle Eorpach seo an cruinniú a bhíonn ag ceannairí stáit an Aontas Eorpach m.s déanann an Taoiseach ionadaíocht ar Éireann. Tagann an Chomhairle Eorpach le chéile chun conarthaí agus polasaithe a phlé.
Comhairle na nAirí seo an cruinniú a bhoinn ag Airí gach stáit san Aontas Eorpach. Tagann na Airí ar fad le chéile atá bainteach leis an ábhar atá á phlé, m.s. comhshaol.
Parlaimint na hEorpa
Tá 736 suíochán i bParlaimint na hEorpa atá líonta ag ionadaithe ón 27 stáit. Feisire de Parlaimint na hEorpa an t-ainm a thugtar ar na hionadaithe sin. Déantar Feisirí Pharlaimint na hEorpa a thoghadh gach 5 bliana. Déantar baill Pharlaimint na hEorpa a phiocadh go díreach. Tagann Parlaimint na hEorpa le chéile sa Bhruiséal agus i Strasbourg chun feitheoireacht a dhéanamh ar gníomhaíochtaí an AE, díospóireacht a dhéanamh ar dhlíthe nua , dlíthe a cheadú, a athrú nó a dhiúltiú, buiséid a dhéanamh agus monatóireacht a dhéanamh ar chaiteachas.
An Coimisiúin Eorpach
Tá an Coimisiúin Eorpach déanta suas de 27 coimisinéir, gach duine acu ó bhallstát. Tar éis na baill a bheith ceaptha tugtar freagracht dóibh i leith réimse áirithe, m.s. oideachas nó sláinte. Caithfidh coimisinéirí beart a dhéanamh ar son an Aontais Eorpaigh amháin agus ní ar son a dtíre féin.
Institiúidí Eorpacha eile
Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa
Tá an chúirt seo lonnaithe i Lucsamburg agus bíonn breitheamh amháin ag an gcúirt ó gach ballstát san AE. Is sé an dualgas atá orthu a chinntiú nach mbristear aon dlí san AE agus go mbaintear an tuiscint cheart as na dlíthe. Is féidir le Cúirt Bhreithiúnais na hEorpa finéal a ghearradh ar bhallstáit nach leanann dlí na hEorpa.
Banc Ceannais na hEorpa
Déanann Banc Ceannais na hEorpa bainistiú ar an euro. Is iad a dhéanann cinntí faoin rátaí úis le haghaidh gnóthaí trachtála chun airgead a fháil ar iasacht.