Dlíthe Cosanta Tomhaltóirí

Dlíthe Cosanta Tomhaltóirí
Leagann dlíthe cosanta tomhaltóra síos na cearta atá againn mar thomhaltóir. In Éireann tá dhá phríomhdhlí i gceist:

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978

An tAcht um Díol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980.

Tugann na dlíthe seo cosaint dúinn in aghaidh eolas míchruinn ó dhéantóirí agus ó mhiondíoltóir. Tugann na dlíthe seo eolas imlíneach freisin faoinár gcearta má cheannaíonn muid earraí lochtacha nó má fhaighimid seirbhísí nach bhfuil sásúil.

shopping bags
De réir an dlí caithfidh gach earra a bheith :

ar chaighdeán maith agus in ann an jab atá le déanamh aige a dhéanamh

ar aon dul leis an cur síos a bhí tugtha faoi agus ar an sampla déanta.

praghsáilte go soiléir.

Mura bhfuil na hearraí den chaighdeán atá luaite thuas tá cearta áirithe agat faoin dlí tomhaltóra. Tá tú i dteideal:

Deisiúchán

Earra a fháil in ionad an earra lochtach

Aisíoc

Mura bhfuil tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú is féidir leat dhul chuig Cúirt na nÉileamh Beag.

Gluais

Thomhaltóir – consumer

An tAcht um Fhaisnéis do Thomhaltóirí 1978 – The Consumer Information Act

An tAcht um Díol Earraí agus Soláthar Seirbhísí 1980 – The Sale of Goods and Supply of Services Act 1980

Earraí lochtach – faulty goods

Deisiúchán – repair

Aisíoc – reimbursement

Cúirt na nÉileamh Beag – small claims court