Dlí Idirnáisiúnta
Tá dlí idirnáisiúnta fíorthábhachtach mar go gcosnaíonn sé cearta daonna ar fud an domhain. Cosnaíonn sé daoine ó coireannamóra cosúil le cinedhíothú agus céasadh a bheadh ceadaithe ag an rialtas. Déantar dlíthe idirnáisiúnta a aontú idir náisiúin trí conarthaí coinbhinsiún. Cuirtear an dlí idirnáisiúnta i bhfeidhm trí chúirteanna náisiúnta agus na Náisiún Aontaithe agus tríd an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta.
An Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta
Cúirt í seo atá neamhspleách agus buan agus níl aon bhaint aici leis na Náisiúin Aontaithe. Tá sí suite san Ísiltír. San chúirt seo bíonn cásanna tromchúiseach faoi cionta dhíothaithe agus coireanna in aghaidh an duine chomh maith le coireanna cogaidh. Bhí an chéad triail ar an 26 Eanáir 2009 nuair a cúiseoidh Thomas Lubanga, ceannasaí míleata Phoblacht an Chongó, i gcoireanna cogaidh nuair a rinne sé earcú ar leanaí a bhí 15 bliana d’aois mar shaighdiúirí chun daoine a mharú agus a éigniú.
Cúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta
Tá an chúirt seo mar chuid de na Náisiún Aontaithe agus tá sí suite san Ísiltír freisin. Socraíonn an chúirt seo easaontais idir tíortha, cosúil le heasaontais teorann agus trádála.
Coinbhinsiúin na Ginéive
Is seo sampla den dlí idirnáisiúnta. Is aontú é idir tíortha éagsúla faoin gcaoi is cirte chun déileáil le cogadh idir tíortha éagsúla. An aidhm atá leis seo ná teorann a chur le fulaingt cogaidh tríd chosaint a thabhairt do na daoine atá bainteach leis an gcogadh, m.s, sibhialtaigh, oibrithe, iad siúd atá tinn agus príosúnaigh.
Deir Coinbhinsiúin na Ginéive :
- nach féidir díriú ar sibhialtaigh ná ardhaoine nach bhfuil páirteach sa troid
- go bhfaigheadh príosúnaigh an cúram agusan dínit agus na cearta daonna atá dlite dóibh.