An dlí in Éirinn
Cineál dlíthe
Is féidir dlíthe a bheith roinnte suas in dhá ghrúpa : Dlí coiriúil agus dlí sibhialta .
Dlí coiriúil
Baineann an dlí coiriúil le daoine aonarach a dhéanann coir cosúil le dúnmharú, goid, éigniú nó ionsaí. Is é aidhm an dlí seo ná saoránaigh na tíre a choinneáil sábhailte. Má bhriseann duine an dlí déanfar an duine sin a ionchúiseamh sa chúirt le cúnamh an Garda Síochána agus an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
Dlí sibhialta
Baineann an dlí sibhialta le conarthaí idir daoine aonaracha. Sampla de sin is ea conradh a bhíonn i gceist nuair a cheannaíonn duine teach nó conradh do phost. Go minic ní théann cásanna sibhialta chuig an chúirt ach má mhothaíonn daoine nach bhfuil siad ag fáil cothromaíochta is féidir leo cás sibhialta a thógáil.
Córas na Cúirte
Tá roinnt cineálacha cúirteanna éagsúla in Éirinn.
An Chúirt Uachtarach
Seo í an chúirt is airde sa tír agus an chúirt is mó a bhfuil cumhacht aici. Faigheann an Chúirt Uachtarach achomhairc ón Ard-Chúirt. Caithfear glacadh leis na breitheanna a dhéanann an Chúirt Uachtarach. Go hiondúil éisteann 5 breitheamh an cás sa Chúirt Uachtarach.
An Chúirt Achomhairc Choiriúil
Bíonn an chúirt seo ag plé le hachomhairc a dhéantar ar ionchúiseamh ar chúirteanna níos ísle (an Chúirt Chuarda, an Phríomh-Chúirt Choiriúil, nó an Chúirt Choiriúil Speisialta. Éisteann triúr breitheamh na cásanna anseo.
An Phríomh-Chúirt Choiriúil / An Ard-Chúirt
Bíonn Ard-Chúirt ag plé le cásanna sibhialta agus coiriúla. I gcás sibhialta, ní éistfidh an Ard-Chúirt ach le cásanna a bhfuil cúiteamh níos mó ná €38,000 i gceist agus san áit a bhfuil achomharc déanta ar chinneadh a rinneadh sa Chúirt Chuarda. Nuair a bhíonn an chúirt ag deileáil le cásanna coiriúla tugtar an Príomh-Chúirt Choiriúil uirthi.
An Chúirt Choiriúil Speisialta
Bunaíodh an chúirt seo chun déileáil le cásanna coiriúla a bheadh deacair ag an ngnáthchúirt éisteacht leo, cosúil le sceimhlitheoireacht agus cásanna tromchúiseacha dhrugaí. Éisteann triúr breitheamh leis na cásanna cúirte anseo agus ní bhíonn aon ghiúiré iontu.
An Chúirt Chuarda
Tá ocht gCúirt Chuarda sa tír. Bíonn an Chúirt seo ag plé le cásanna coiriúla agus sibhialta. Braitheann sé ar nádúr an cháis an mbeidh giúiré i láthair nó nach mbeidh. Mura bhfuil duine sásta leis an chinneadh a dhéantar sa Chúirt Chuarda is féidir achomharc a dhéanamh chuig Cúirt níos airde.
An Chúirt Dúiche
Tá 23 chúirt dúiche sa tír. Seo an chúirt is mó a éisteann cásanna. Éisteann sí cásanna coiriúla agus sibhialta. Déantar cásanna nach bhfuil chomh tromchúiseach a phlé anseo, cásanna tráchta, ordú poiblí agus a leithéidí.
Cúirt na Leanaí
Bíonn na Cúirteanna ar fad ar thagair muid dóibh roimhe seo ag plé le daoine atá os cionn 16 bliana d’aois. Nuair a chúisítear leanbh léi g coir, ach amháin i gcás dúnmharaithe, éistear an cás i gCúirt na Leanaí. Ní bhíonn aon ghiúiré i láthair ag an chúirt seo agus níl cead ag daoine ón bpobal a bheith i láthair.
Cé a bhíonn i seomra na Cúirte?
An Breitheamh – Is é an breitheamh atá os cionn na cúirte. Má bhíonn giúiré i láthair cuireann an breitheamh comhairle ar an ngiúiré agus mura mbíonn giúiré i láthair tugann an breitheamh breith na cúirte.
An Dlíodóir
Réitíonn na dlíodóirí an páipéarachas le haghaidh na trialach agus piocann siad abhcóide chun an cás a chuir i láthair na cúirte.
An t-tAbhcóide
Saineolaithe dlí is ea na habhcóidí. Aithnítear abhcóidí go héasca i seomra na cúirte mar is iad a chaitheann an pheiriúic agus an gúna.
An Cláraitheoir/ Cléireach na Cúirte – Bíonn an duine seo i gceannas dhoiciméid agus fhianaise na cúirte. Déanann siad taifead ar ainmneacha na ndaoine a bhíonn i láthair agus an mbreith a tugadh. Cuireann sé/sí an giúiré faoi mhóid, mar aon leis na daoine a bheidh ag tabhairt fianaise.
Uiséir an Breithimh – Seo é/í cúntóir pearsanta an breitheamh. Siúlann sé/sí roimh an bhreitheamh agus fógraíonn sé/sí go bhfuil an breitheamh ar an bhealach nó ag fágáil, trína rá: “ Éirigí/ All rise”
An Gearrscríobhaí- Déanann an duine seo taifead ar gach rud a deirtear i rith trialach agus scríobhann sé/sí doiciméad ar a dtugtar an tras-scríbhinn.
An Giúiré- Bíonn daréag ar an ghiúiré, idir fhir agus mhná. Éisteann an giúiré leis an bhfianaise ar fad a thugtar agus ansin ag a dheireadh déanann siad cinneadh go príobháideach an bhfuil an té atá cúisithe ciontach nó neamhchiontach.
Na Meáin agus an Pobal
Is féidir leis an phobal a bheith i láthair ag cuid de na cásanna cúirte agus is féidir leis na meáin a bheith i láthair ag cuid de na cásanna cúirte chun nuacht a thabhairt don phobal i gcoitinne.
An Cúisí-
I dtriail choiriúil bíonn an cúisí in éineacht le hoifigeach ón phríosún. I gcásanna sibhialta glaoitear gearánaí agus cosantóir ar na daoine a bhíonn sa chás.
Gluais
Dlí coiriúil – criminal law
Dlí sibhialta – civil law
An Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí – Director of Public Prosecutions
An Chúirt Uachtarach – Supreme court
An Chúirt Achomhairc Choiriúil – The Court of Criminal Appeal
An Ard-Chúirt – The High Court
An Phríomh-Chúirt Choiriúil – Central Criminal Court
An Chúirt Choiriúil Speisialta – The Special Criminal Court
An Chúirt Chuarda – The Circuit Court
An Chúirt Dúiche – The District Court
Cúirt na Leanaí – The Children’s Court
An Breitheamh – The Judge
An Dlíodóir – The Solicitor
An tAbhcóide – The barrister/Counsel
An Cláraitheoir/ Cléireach na Cúirte – The Registrar/ Court Clerk
Uiséir an Breitheamh – The Tipstaff/ Judge’s Usher
An Gearrscríobhaí – The Stenographer/Court Reporter
An Giúiré – The Jury
An Cúisí – The Accused