Forbairt

Forbairt

Deirtear go bhfuil sochaí atá ag fás ag forbairt. Déantar forbairt sa tsochaí chun riachtanais na ndaoine a mhaireann sa tsochaí a bhaint amach. Tarlaíonn forbairt ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda.

Forbairt Náisiúnta

Is é ról an rialtais ná bainistiú a dhéanamh ar an tír ar fad. Cuid den phost seo ná pleanáil a dhéanamh ar riachtanais na todhchaí, mar shampla bóithre, iompar poiblí, cúrsaí oideachais, seirbhísí sláinte agus cúrsaí tionsclaíochta. Bíonn plean i bhfeidhm ag an rialtas chun é seo a bhaint amach.

An Plean Forbartha Náisiúnta.

Tá an plean seo i bhfeidhm ón bhliain 2007 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí 2013. Tá luach €184 milliún ag an phlean. Is í seo an tsuim airgid is mó atá caite ag Éirinn go fóill.

Forbairt áitiúil

Bíonn na húdaráis áitiúla ann chun forbairt áitiúil a chur chun cinn. Tá 114 údarás áitiúil sa tír. 29 díobh seo is comhairlí contae iad. Oibríonn comhairleoirí contae agus bainisteoir na Comhairle Contae le chéile chun forbairtí a dhéanamh. Tá tionchar mór ag na húdaráis áitiúla ar ár saol laethúil, mar shampla tithíocht údaráis áitiúil, uisce glan, soilsiú, bailiú bruscair agus áiseanna athchúrsála, páirceanna poiblí, leabharlanna, ionaid phobail, otharchairr, briogáidí dóiteáin agus cothabháil na mbóithre áitiúla. Tá siad freagrach as an phróiseas pleanála áitiúil freisin.

Gluais

údaráis áitiúla – Local authorities

maoiniú – Funding

An Plean Forbartha Náisiúnta – National Devolpment Plan