Forbairt Idirnáisiúnta

Domhan Forbartha agus Domhan i mBéal Forbartha

Labhair muid an tseachtain seo caite faoi fhorbairt áitiúil. Cosúil le forbairt idirnáisiúnta, tarlaíonn forbairt idirnáisiúnta ag leibhéil éasgúla. Déantar an domhan a roinnt sa domhan forbartha agus sa domhan i mbéal forbartha. Tá 80% de dhaonra an domhain ina gcónaí sa domhan i mbéal forbartha.

gearchim bia

Teastaíonn cabhair go háirithe ó thíortha atá i mbéal forbartha. Bíonn na tíortha sa domhan i mbéal forbartha gann in acmhainní le haghaidh oideachais, sláinte, infrastruchtúr agus fiú bia. Tugann na náisiúin níos saibhre sa domhan cúnamh do na tíortha sa domhan i mbéal forbartha.

Eagraíochtaí cúnaimh idirnáisiúnta

Oibríonn go leor eagraíochtaí chun cúnamh a thabhairt do thíortha i mbéal forbartha. Tá cuid acu maoinithe ag rialtais agus feidhmíonn cuid eile acu go neamhspleách.

Cúnamh Éireann

Is é seo an clár cúnaimh atá ag rialtas na hÉireann a thugann cabhair do thíortha atá sa domhan i mbéal forbartha. Is í aidhm an chláir seo ná dul i ngleic le bochtanas, éagothroime agus eisiamh. Faoi láthair tá Cúnamh Éireann ag tabhairt cúnamh mór do shibhialtiagh i Misrata na Libia.

Eagraíochtaí neamhrialtais

Déanann eagraíochtaí neamhrialtais obair thábhachtach i dtíortha i mbéal forbartha chomh maith. Braitheann na heagraíochtaí seo ar oibrithe deonacha, tabhartais agus feachtais tiomsaithe airgid chun cabhrú le daoine sna tíortha sin.

Concern Worldwide

Déanann an eagraíocht seo réimse leathan oibre i dtíortha bochta cosúil le bheith ag tabhairt cúnaimh tar éis tubaiste nádúrtha, ag tógáil tithe agus ag bunú clinicí sláinte. Dar le GOAL, is féidir le gach €49 a bhailíonn siad 15 lá de sholáthar bia éigeandála a chur ar fáil do 10 gclann. Agus le gach €100 a bhailíonn siad is féidir leo uisce glan a sholáthar chuig baile iomlán.

GOAL

Bhunaigh an tÉireannach John O’ Shea Goal in 1977. Tá cúnamh forbartha á thabhairt ag GOAL do bhreis agus 50 tír ar domhan. Tá níos mó ná €720 milliún caite ag GOAL ar chláir dhaonnúla. Tá obair déanta ag GOAL i ngach tír ina raibh tubaiste dhaonnúil ón bhliain 1977.

Trócaire

Oibríonn Trócaire i 38 tír san Afraic, an Áis, Meiriceá Laidineach agus an Meánoirthear. Tá cláir Trocáire dírithe ar mhodh maireachtála a chruthú do dhaoine ionas go mbeidh siad in ann déileáil le hathrú aeráide, obair a dhéanamh ag am éigeandála agus tubaiste, cearta daonna a chosaint, feabhas a chur ar chúrsaí VEID agus SEIF agus cur in aghaidh éagothroime ghnéis.

Bóthar

Tugann Bóthar an deis do theaghlaigh agus pobail ar fud an domhain dul i ngleic le bochtanas agus le hocras . Chun é seo a dhéanamh déanann siad speisialtóireacht i dtáirgeacht bheostoic agus i dtraenáil a chur ar fáil do phobail. Tugann siad an deis do phobail maireachtáil go neamhspleách trí thabhartas ainmhithe cosúil le ba, beacha agus gabhair.

Tá 840 milliún duine sa domhan ag fulaingt de bharr easpa bia. Tá a dhóthain bia sa domhan le haghaidh gach duine ach tá daoine fós fágtha gan bhia. Is é an fáth nach an bhfuil dothain bia ag gach duine ná nach bhfuil seachadadh déanta air go cothrom. Níl an t-ardú i bpraghas bia ag cabhrú leis an ghéarchéim bia ach an oiread. Tá praghas an bhia is mó a bhfuil éileamh air, rís, cruithneacht agus pónáirí dúbáilte le bliain anuas.

Céard is cúis leis an ghéarchéim bia?

Tá éifeacht ag ganntanas bia ar thíortha i mbéal forbartha ar feadh na gcéadta bliain ach tá an ghéarchéim bia seo atá ag tarlú faoi láthair ag titim amach níos scioptha ná mar a tharla cheana agus tá tionchar níos tubaistí aige ná mar a bhí riamh. Ó 2005 tá praghas bia ardaithe 80%.

  • Méadú i gcostas breosla a chiallaíonn go bhfuil sé daor bia a sheachadadh agus feirm a rith.
  • Méadú in éileamh bia i náisiúin cosúil leis an tSín agus an India.
  • Tubaiste nádúrtha a scriosann bairr ar fud an domhain.
  • Méadú i bithbhreosla. Déantar bithbhreosla as plandaí agus tá éileamh mór ag teacht air. Tairgtear bithbreosla as plandaí cosúil le harbhar agus síol ráibe a fhástar go traidisiúnta mar bhia. Mar thoradh air seo tá soláthar níos lú bia ann. Má théann soláthar bia síos bíonn sé níos deacra ag daoine sna tíortha sin theacht ar an bhia agus íoc as.
  • Triomach, a chiallaíonn nach féidir le barraí fás. Fágann sé seo go n-ardaíonn costas an bhia atá ar fáil agus go minic ní bhíonn a dhothán airgid ag daoine chun an bia a cheannach.
  • fiacha móra ar go leor tíortha chuig bainc agus tíortha eile. Sampla do náisiún amháin a bhfuil fiacha móra aige ná An Aetóip. Caithfidh an Aetóip $4.6 billiúin a íoc i bhfiacha gach bliain. Fágann sé seo muintir na hAetóipe sainithe i mbochtanas agus ag streachailt bia a chur ar fáil dá dtír.
  • Go minic scriosann cogadh talamh agus bíonn sé costasach don rialtas. Cuireann na tosca seo leis an ghéarchéim bia.

Gluais

An ghéarchéim bia – Food crisis

Breosla – fuel

Éileamh – demand

Tubaistí nádúrtha – natural disasters

Arbhar – corn

Síol ráibe– rapeseed

Triomach – Drought