Toghchán na hUachtaránachta

ballot_paper_ceart

Déardaoin seo chugainn, 27 Deireadh Fómhair, déanfaidh muintir na hÉireann vótáil le haghaidh Uachtarán nua ar an tír. Le roinnt seachtainí anuas in Gaelscéal ar Scoil rinneamar plé ar na hiarrthóirí atá ag rith i dtoghchán na huachtaránachta agus an próiseas vótála atá in Éirinn chun Uachtarán a thoghadh.

Nóta: Má chaill tú an t-ábhar seo le roinnt seachtainí anuas téigh chuig www.oideachas.gaelsceal.ie chun na nótaí a fháil.

Gníomhaíocht
Toghchán bréige

Ní bheidh sibh in ann vóta a chaitheamh sa toghchán uachtaránachta seo mar nach bhfuil sibh 18 bliain d’aois fós ach is féidir libh toghchán bréige a rith sa rang . Déan vótáil ar an iarrthóir a thaitneodh leat a bheith mar Uachtarán. Nuair a bheidh líon na vótaí comhairthe agaibh sa rang, féach an é an t-iarrthóir a roghnaigh sibh an t-iarrthóir a mbeidh an bua aige nó aici sa toghchán féin.

polling_card

Na hiarrthóirí i dtoghchán uachtaránachta 2011:

Is féidir taighde a dhéanamh ar na hiarrthóirí seo ar a suíomhanna idirlín :