Struchtúr Daonlathais na hÉireann – An Dáil
Teachtaí Dála
Is í Dáil Éireann an príomhtheach i bParlaimint na hÉireann. Tá 166 ball sa Dáil. Déanann muintir Phoblacht na hÉireann baill na Dála a thoghadh go díreach. Tá ballraíocht don Dáil oscailte chuig saoránaigh atá os cionn 21 bliain d’aois. Teachtaí Dála an t-ainm atá ar bhaill den Dáil. Is é post na dTeachtaí Dála ná ionadaíocht a dhéanamh ar riachtanais na ndaoine ina ndáilcheantair, obair a dhéanamh ar son cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta na tíre agus dlíthe nua a dhéanamh.
Dáilcheantar
Déanann Teachtaí Dála ionadaíocht ar mhuintir na hÉireann. Tá Éire roinnte i 43 cuid darb ainm dáilcheantair. Déanann na Teachtaí Dála ionadaíocht ar na dáilcheantair. I rith toghcháin roghnaíonn muintir na hÉireann na daoine is fearr dar leo a dhéanfadh ionadaíocht ar a ndáilcheantar.
Páirtí Polaitiúil
Tá roinnt páirtithe polaitiúla i bPoblacht na hÉireann. Is féidir le Teachtaí Dála bheith mar chuid de Pháirtí Polaitiúil nó is féidir leo a bheith Neamhspleách. Tá comhrialtas coitianta anseo in Éirinn. Go stairiúil is iad na páirtithe polaitiúil is mó a bhíonn i rialtas ná Fianna Fáil agus Fine Gael.
Páirtí Rialtais amháin agus Comhrialtas
Má tá 84 Teachta Dála nó níos mó i bpáirtí amháin tofa ag na daoine, is féidir leis a rialtas féin a chur le chéile. San áit nach mbíonn tromlach na vótaí ag aon pháirtí, tagann dhá pháirtí nó níos mó le chéile chun comhrialtas a chruthú.
I measc na gcumhachtaí eisiacha atá ag an Dáil, is féidir leo:
- Taoiseach a cheapadh
- Buiséad a cheadú
- Ainmniúchan an Taoisigh a cheadú mar Airí rialtais
- Ainmniúchán an Taoisigh a cheadú mar Ard-Aighne
An Seanad
Is é an Seanad an dara teach i bParlaimint na hÉireann. Tá an Seanad lonnaithe i dTeach Laighean. Tugtar Seanadóirí ar bhaill na Dála. Tá seasca acu ann. Níl an Seanad cosúil leis an Dáil sa bhealach a phioctar a chuid ball. Ní dhéantar na seanadóirí a thoghadh go díreach agus is meascán de pháirtithe a bhíonn sa Seanad.
Déantar iad a roghnú ar bhealaí difriúla:
- Tá 11 tofa ag an Taoiseach
- Tá 6 tofa ag céimithe ollscoile
- Tá 43 tofa ag meascán de Sheanadóirí atá ag fágáil, Teachtaí Dála atá ag teacht isteach agus comhairlí contae áitiúla.
Tá cumhachtaí an tSeanaid i bhfad níos laige ná iad siúd sa Dáil. Is é príomhfheidhm an tSeanaid ná moltaí a dhéanamh ar leasaithe ar bhillí a bhfuil sé de rún ag an rialtas dlí a dhéanamh astu.
Tá 90 lá tar éis lánscor na Dála chun olltoghchán don Seanad a rith, mar sin tá go dtí 2 Bealtaine i mbliana chun an t-olltoghchán a rith.
Gluais
Struchtúr Daonlathais na hÉireann – Irish Democracy Structure
Tofa – Elected
Saoránaigh – Citizens
Ionadaíocht– representation
Dáilcheantar – Constituency
Eacnamaíocht – Economic
Sóisialta – social
Páirtí Polaitiúil – Political parties
Neamhspleách – Independent
Comhrialtas – Coalition
Cumhachtaí eisiacha – Exclusive powers