Páirtithe polaitiúla
Tá dearcaí difriúla ag na páirtithe polaitiúla agus ag na hiarrthóirí neamhspleácha. Aontaíonn daoine le na páirtithe a bhfuil dearcadh cosúil leo féin acu. Seo leanas na páirtithe polaitiúla atá in Éirinn.
Fianna Fáil
Is é Éamonn De Valera a bhunaigh an páirtí seo in 1926. Creideann Fianna Fáil i spreagadh agus i bhforbairt gnó. Bhí an páirtí seo i gcumhacht i dtréimhsí a thagann suas go dtí os cionn 50 bliain.
Fine Gael
Tháinig Fine Gael le chéile sa bhliain 1933. Bhí Fine Gael i rialtas go minic mar chomhrialtas. Is é príomhchuspóir Fhine Gael na sochaí cothrom a chur chun cinn.
Páirtí an Lucht Oibre
Ba iad James Connolly, James Larkin agus William O’Brien a bhunaigh an páirtí seo in 1912. Is é aidhm Pháirtí an Lucht Oibre ná deireadh a chur le bochtanas, le heaspa dídine agus le dífhostaíocht. Freisin oibríonn siad chun saibhreas agus cumhacht na tíre a roinnt go cothrom.
An Comhaontas Glas
Bhunaigh fear d’arbh ainm Christopher Fettes An Comhaontas Glas sa bhliain 1981 de bharr imní faoi cursaí timpeallachta domhanda agus áitiúla. Creideann an páirtí seo go mba cheart do shaoránaigh a bheith freagrach as aire a thabhairt don domhan ionas go mbeidh domhan sláintiúil ann do na glúine atá le theacht.
Sinn Féin
Fear d’arbh ainm Arthur Griffith a bhunaigh an páirtí seo sa bhliain 1905. Is é aidhm Shinn Féin ná Éire a bheith ina tír le 32 contae, agus saibhreas agus cumhacht sa tír a roinnt go cothrom.
Tá an páirtí ag iarradh deireadh a chuir le deighilt . Creideann siad gurb é an toradh a bhíonn ar dheighilt ná aighneas, éagóir agus míchothromaíocht.