Na daoine atá i gceannas
An Taoiseach
Is é an Taoiseach ceann an rialtais. Toghtar an Taoiseach sa Dáil tar éis olltoghcháin. Go hiondúil is é an Taoiseach ceann an pháirtí pholaitiúil is mó a mbíonn baill acu sa Dáil. I measc na ndualgas a bhíonn air an Taoiseach tá ceapadh Airí, a bheith ag ritheann cruinnithe rialtais agus cruinnithe leis an Aontas Eorpach agus roghnú cén uair a bheidh olltoghcháin ann.
An Tanáiste
Is é An Tanáiste leascheannaire an rialtais. . Gníomhaíonn An Tanáiste mar cheannaire an Stáit nuair nach mbíonn an Taoiseach sa Stát.
Airí
Is iad na hAirí baill na comh-aireachta. Tugtar freagracht don Aire dul ag obair i Roinn ar leith. Freastalaíonn Airí ar chruinnithe agus freagraíonn siad ceisteanna sa Dáil agus san Aontas Eorpach. Glacann Airí páirt i ndíospóireachtaí faoi pholasaithe agus dlíthe.