Grupaí sainleasa agus Brúghrúpaí

Grupaí sainleasa agus Brúghrúpaí

Níl gá do dhuine a bheith ina bhall de pháirtí polaitiúil chun tionchar a imirt ar na cinntí a dhéanann na daoine atá i gceannas ar an rialtas. Má tá suim ag duine cúrsa a athrú nó gníomh a dhéanamh is féidir leo a bheith ina mbaill de ghrúpa sainleasa nó brúghrúpa.

Cuireann na grúpaí sin a gcuid smaointe iúl do pholaiteoirí nuair a bhíonn siad ag déanamh cinnidh, m.s Barnardos ag cur cearta leanaí ina luí ar an rialtas.

Stocaireacht

Déantar stocaireacht nuair a chuireann brúghrupaí agus grúpaí sainleasa brú ar an rialtas i dtaca le cás ar leith. Déantar stocaireacht trína bheith scríobh chuig Teachtaí Dála, ag síniú achainí, ag agóidíocht agus trí na meáin.