Daonlathas

Daonlathasossp

Céard is daonlathas ann?
Ciallaíonn daonlathas go mbíonn cead labhartha ag an bpobal i dtíortha ina bhfuil córas daonlathach rialtais ann. Is é an daonlathas an córas rialtais atá i bhfeidhm in Éirinn. Is iad na hÉireannaigh féin a dhéanann cinntí faoi thodhchaí na hÉireann agus faoi conas a dhéantar an tír a rith. Feidhmíonn an daonlathas ar leibhéil dhifriúla. Feidhmíonn an daonlathas ag leibhéal na n-údarás áitiúil agus ag leibhéal an Aontais Eorpaigh, mar shampla. Níl córas daonlathach i ngach tír. Tá córais dhifriúla rialála ag tíortha difriúla.

Seo a leanas cineálacha difriúla rialtas:
Monarcacht

Rialaíonn rí agus banríon an tír. Bhí an cineál seo coitianta go dtí gur thóg an daonlathas a áit. Faoi láthair tá 44 náisiún ar domhan a bhfuil rí agus banríon i gceannas orthu. Tá monarcacht absalóideach i bhfeidhm i mBrúiné, in Óman, i gCatar, san Araib Shádach, sa tSuasalainn agus i gCathair na Vatacáine.

Uathlathas

Seo corás rialtais ina mbíonn an chumhacht ag duine amháin. Ceapann an duine sin é nó í féin mar cheannaire ar an rialtas. Tharla uathlathas sna 1930idí agus 1940idí sa Ghearmáin. Cheap Adolf Hitler é féin mar cheannaire ar an stát. D’fhulaing na daoine mar nach raibh aon chearta acu.

Ainrialtacht

Seo nuair nach mbíonn aon chineál rialtais sa tír. Ní bhíonn aon dlíthe ann. Sa domhan nua-aimseartha níl aon sochaí ainrialtachta i bhfeidhm.

Deachtóireacht Mhíleata

Tá cineálacha difriúla deachtóireachta ann. Nuair is deachtóireacht mhíleata an cineál rialtais atá i dtír, ciallaíonn sé go bhfuil an chumhacht ar fad ag an arm. Ní bhíonn toghcháin sa tír. Tá deachtóireacht mhíleata i bhfeidhm sa Chóiré Thuaidh, i bhFidsí, sa Nigéir, agus i Maenmar. Déantar ceart na ndaoine a shárú i dtíortha ina mbíonn deachtóireacht mhíleata i bhfeidhm.

Dialathas

Seo nuair a rialaítear stát de réir treorach ó Dhia nó creidimh ar leith. Feidhmíonn an Araib Shádach mar dhialathas faoi Rí Abdullah. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na dlíthe ar fad bunaithe ar dhlíthe Ioslamacha. Is é an Córán atá mar bhunreacht acu.

Gluais

Daonlathas – Democracy
Údaráis áitiúla – local authorities
Monarcacht – Monarchy
Uathlathas – Autocracy
Ainrialtacht- Anarchy
Deachtóireacht Mhíleata – Military Dictatorship
Dialathas- Theocracy