OSSP – Dáil na nÓg
Is é Dáil na nÓg Parlaimint Óige Náisiúnta na hÉireann do dhaoine idir 12 agus 18 mbliana d’aois. Tugann sé deis do dhaoine óga faoi 18 mbliana d’aois a gcuid smaointe a nochtadh ag leibhéal náisiúnta agus oibriú ar son shaol na ndaoine óga in Éireann.
Tagann smaoineamh Dáil na nÓg ó Straitéis Náisiúnta na Leanaí. Plean gníomhaíochta rialtais é seo chun feabhas a chur ar saol ógánaigh na tíre atá faoi 18 bliana d’aois, thar tréimhse 18 bliana d’aois.
Trí Dháil na nÓg, casann ógánaigh lena chéile chun cúrsaí atá tábhachtach dóibh a phlé agus stocaireacht a dhéanamh ar na cúrsaí sin. Sampla de chúrsa a bheidís ag plé ná oideachas, áiseanna spraoi, bulaíocht, dúlagar, daoine óga ag cur lámh ina mbás féin, aclaíocht, sábháilteacht ar bhóithre agus sláinte gnéis.
Imeachtaí Dháil na nÓg
Tugann príomhimeacht Dháil na nÓg os cionn 200 ógánach le chéile ó gach áit sa tír chun cúrsaí atá ag cur imní orthu a phlé. Ceistíonn na hógánaigh céard atá ar bun ag an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige. Molann siad athruithe agus caitheann siad vóta ar son na hathruithe.
Cén chaoi féidir liom a bheith páirteach i nDáil na nÓg?
Eagraíonn gach bord forbartha Comhairle/Contae Comhairlí na nÓg . Tugann na Comhairlí Óige seo glór d’ógánaigh ag leibhéal pobail. Tá 34 Comhairle na nÓg trasna na tír. Déanann na comhairleoirí ionadaíocht ar a n-áit féin. Imeacht aon lae is ea Dáil na nÓg, ach déantar ionadaí amháin a thogha ó gach Comhairle chun dhul ar Chomhairle Dháil na nÓg. Casann siad seo le chéile i rith na bliana chun plé a dhéanamh ar na príomhthorthaí óna Comhairlí maidir le dul chun cinn na gcúrsaí a d’ardaigh siad.
Má tá spéis agat páirt a ghlacadh i Comhairle na nÓg nó tuilleadh eolais a fháil, téigh chuig www.dailnanog.ie