Maoirseacht/Lorg Carbóin/Gníomhaíocht ranga do mhúinteoirí
Maoirseacht:
Lorg Carbóin
- Abair le gach duine sampla amháin a thabhairt den Athchúrsáil, Athúsáid, Laghdú.
- Ansin abair leo ceann a roghnú agus abairt amháin a scríobh faoi, m.s. Múch an solas; Múch an teilifís; Siúil in ionad dul sa charr.
- Bíodh páipéar daite ag an múinteoir; tabhair amach iad do na daltaí. Abair leo cruth a gcos a chuir ar an bpáipéar agus é a ghearradh amach.
- Seiceáil litriú na n-abairtí, dean iarracht réimse éagsúil abairtí a bheith agat. Abair leo abairt a scríobh go deas soiléir agus dathanna a chur ar an bpáipéar.
- Lannaigh na cruthanna de na cosa. Croch thimpeall na scoile iad, ar na ballaí nó sna seomraí ranga.