Maoirseacht
Tá sé d’fhreagracht orainn aire a thabhairt don domhan ar son na glúine atá amach romhainn. Is ionann an timpeallacht agus gach rud atá timpeall orainn, an t-aer, an talamh agus an t-uisce. Tá tionchar ollmhór ag ár nós maireachtála ar an timpeallacht. Sa lá atá inniu ann tá an timpeallacht faoi go leor bagairtí agus caithfidh muidne mar shaoránaigh ghníomhacha cúnamh a thabhairt an timpeallacht a fheabhsú agus a chaomhnú. Is féidir linn mar dhaoine aonair, mar phobail agus mar náisiúin oibriú le chéile chun céimeanna a thógáil chun aire a thabhairt dár dtimpeallacht.

Téamh Domhanda
Is é téamh domhanda ceann de na bagairtí is mó ar ár dtimpeallacht. Tarlaíonn téamh domhanda nuair a scaoiltear gáis cheaptha teas isteach san atmaisféar. Coinníonn na gáis teas istigh agus feidhmíonn na gáis cheaptha teas mar bhlaincéad timpeall ar an domhan. Is é is mó gáis cheaptha teasa a tháirgeann muid is é is teo a bheidh an domhan. Glaoitear an iarmhairt cheaptha teasa air seo. Is é dé-ocsaíd charbóin an príomhghás ceaptha teasa. Tá téamh domhanda ag athrú aeráide i bpobail ar fud an domhain.
Cén tionchar atá ag téamh domhanda ar ár bpláinéad?
- Leánn na caidhpeanna polacha agus tagann ardú ar leibhéal na farraige. Tarlaíonn tuilte ansin in áiteanna ina bhfuil talamh íseal.
- Méadú ar stoirmeacha.
- Méadú ar thriomach. Gan uisce ní bheidh plandaí in ann fás, ní bheidh ainmhithe in ann maireachtáil agus ní bheidh aon bhia ag daoine chun maireachtáil.
- Tar éis triomaigh tarlaíonn ocras agus gorta.
- Mar a éiríonn an domhan níos teo bíonn méadú ar ghalair. Is dainséar é seo do dhaoine, ainmhithe agus plandaí.
- Imeoidh go leor cineálacha ainmhithe agus plandaí in éag.
Fíricí suimiúla faoi théamh domhanda
- Gach lá scaoiltear 70 milliún tonna de dhé-ocsaíd charbóin isteach san aer.
- Is féidir le báid don chéad uair riamh seoladh tríd an “Northwest Passage” i Meiriceá Thuaidh. Tá an t-oighear Artach leáite ann don chéad uair le 100 bliain agus is féidir le báid anois seoladh tríd.
- D’fhéadadh samhraí Artacha a bheith saor ó oighear faoi 2040. Tá leá an oighir ag tarlú níos sciobtha ná mar a mheas saineolaithe. Imeoidh an béar bán agus ainmhithe eile in éag mar nach mbeidh a ngnáthóg oighir ann níos mó.
- Níl 82% d‘oighearshruthanna le feiceáil níos mó i bPáirc Náisiúnta na nOighearshruthanna in Montana. Sa lá áta inniu ann níl ach 27 oighearshruth ann i gcomparáid le 150 i 1910.
Gluais
Maoirseacht – Stewardship
Saoránaigh ghníomhacha – active citizens
Gáis cheaptha teasa – greenhouse gases
Dé-ocsaíd charbóin – carbon dioxide
Iarmhairt cheaptha teasa – Greenhouse effect
Saineolaithe – experts